Tá Teach Cúirte Cheatharlach i measc na bhfoirgneamh is breátha de chuid an 19ú haois in Éirinn agus is sampla suntasach é de Nua-Chlasaiceachas na hEorpa. Sna 1830í a tógadh é agus William Vitruvius Morrison a dhear

An tUas. John Ó'Donoghue T.D, An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú an Dlí a d'oscail an Teach Cúirte go hoifigiúil ar 21ú Márta 2002.
An tUas. John Ó'Donoghue T.D, An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú an Dlí a d'oscail an Teach Cúirte go hoifigiúil ar 21ú Márta 2002.

Tá Teach Cúirte Cheatharlach i measc na bhfoirgneamh is breátha de chuid an 19ú haois in Éirinn agus is sampla suntasach é de Nua-Chlasaiceachas na hEorpa. Sna 1830í a tógadh é agus William Vitruvius Morrison a dhear.

Gunna Rúiseach é an chanóin ag barr chéimeanna an tí cúirte, a gabhadh le linn Chogadh na Crimé. Bronnadh é i ndiaidh iarratas ag Coimisinéirí Bhaile Cheatharlach ar Aire Cogaidh na Breataine san am, an Tiarna Panmure agus déantar comóradh dá bharr ar oifigigh Éireannacha a thit sa choimhlint.

Chuathas i gceann mórthionscadal athchóiriúcháin sna 2000í luatha chun athbhail mhaith a chur ar an bhfoirgneamh. Ba é an dúshlán a oiread de bhunábhar an fhoirgnimh agus ab fhéidir a chaomhnú ach an deisiú agus feabhsú a bhí riachtanach a dhéanamh. Fostaíodh siúinéirí, saoir chloiche agus plástrálaithe saineolacha chun a bheith ag obair ar an tionscadal. Chuir na hoibreacha a rinneadh go mór le háiseanna an tseomra cúirte agus, lena chois, athchóiríodh an foirgneamh suaithinseach, stairiúil seo.

Tacaíonn  Oifig Chúirte Cheatharlach le Teach Cúirte Cheatharlach.