John Joseph O’Callaghan a dhear Teach an Charnáin, foirgneamh deich mbá, ceithre stór, brící dearga Victeoiriach a tógadh in 1890.

Thosaigh an foirgneamh mar Óstán an Dolphin, teach aíochta luath de chuid Bhaile Átha Cliath agus ar na chéad tithe le bheith luaite ar Stocmhalartán na hÉireann. Insítear scéal clúiteach faoi Michael Nugent a cheannaigh an foirgneamh nuair ba bhialann é a raibh drochbhail air agus faoin achrann a bhí aige le John Jameson maidir le díol uisce beatha Jameson san óstán.

Bhí athchóiriú de dhíth go géar ar Theach an Charnáin agus caitheadh €4 milliún air in 2008. Faoin am sin bhí sé in úsáid mar fhoirgneamh cúirte i gcomhair imeachtaí teaghlaigh sa Chúirt Dúiche. Tháinig roinnt athruithe leis an athchóiriú ar aidhm dóibh dínit agus príobháideacht daoine a bhíonn páirteach in imeachtaí dlí teaghlaigh, lena n-áirítear cúig sheomra cúirte méadaithe, limistéir ar leith d'iarratais/fiosruithe agus íocaíochtaí dlí teaghlaigh, agus scáileán eolais.

Tacaíonn Oifig Dhlí Teaghlaigh Dhúiche Bhaile Átha Cliath  le Teach an Charnáin.