Tá an teach cúirte suite in áit shuaithinseach i lár an Leasa Mhóir, baile dar suntas mór ailtireachta agus uirbeach. Suite os comhair phríomhgheataí Chaisleán an Leasa Mhóir, tógadh an teach cúirte - ar a dtugtaí ar dtús Teach na Seisiún - mar chuid d'eastát an Leasa Mhóir faoi stiúir an Tiarna Devonshire.

D'eisléir ghaineamhchloiche, seolta go mín, a tógadh an teach cúirte agus trí bhá agus dhá stór sa phríomhaghaidh agus aghaidh starrach pheidiméide níos airde sa bhá láir isteach.

Is é a bhí sna hoibreacha tógála, athchóiriú an fhoirgnimh stairiúil a bhí ann agus síneadh nua chun riar ar ardaitheoir, ceaintín, seomra do chleachtóirí dlí agus stóras. Feidhmeoidh an seomra cúirte ar an gcéad urlár mar spás amharclainne/imeachtaí fosta. Tá troscán seomra cúirte in-díghléasta ar fáil ar féidir é a bhaint ó chéile agus a stóráil nuair nach bhfuil cúirteanna ag suí. Timpeallaíonn an obair chloiche an t-ardaitheoir agus seomraí éagsúla agus cruthaíonn an struchtúr fráma adhmaid spás tionóil agus nasc éadrom idir an síneadh nua agus an foirgneamh stairiúil. Le cois freastal ar riachtanais na cúirte áitiúla, leanfaidh Teach Cúirte nuadheisithe an Leasa Mhóir de chur go mór le saol sóisialta, cultúrtha agus cathartha phobal na háite agus réigiún an oirdheiscirt i gcoitinne.

Tacaíonn Oifig Chúirte Phort Láirge  le Teach Cúirte an Leasa Mhóir.