Beirt ailtirí de chuid na cathrach Nicholas agus William Hannon a chuir Teach Cúirte Chontae Luimnigh, mar atá sé anois, i gcrích in 1810.

D'oscail an tUas. Michael McDowell, T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 26ú Bealtaine 2003.
D'oscail an tUas. Michael McDowell, T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 26ú Bealtaine 2003.

Cuireadh an phóirseáid chloiche leis in 1813. Ón am seo amach tá an foirgneamh ag feidhmiú mar theach cúirte. Is foirgneamh liostaithe Ghrád 'A' é.

Roimh na hoibreacha athchóiriúcháin, bhí cuid mhaith de bhunchló an fhoirgnimh ar marthain chomh maith le bloc cillíní agus athmhúnlú fuinneoga agus doirse ar an ingearchló thiar. Rinneadh an taobh istigh den fhoirgneamh a athmhúnlú ó bhonn in 1956 agus baineadh gach mionsonra agus gné stairiúil. Cuireadh díon cothrom in áit an dín chlaonta agus laghdaíodh go mór an déanamh nua-chlasaiceach.

Coinníodh sa tionscadal athchóiriúcháin, a cuireadh i gcrích in 2003 an creatlach stairiúil lena n-áirítear an obair chloiche chóirithe agus uasghrádaíodh é seo agus cuireadh athbhail ar shuíomh na bhfuinneog. Cuireadh bail ar an díon chun próifíl bhunaidh an fhoirgnimh a athshuí agus an oifig chúirte agus riaracháin suite sa struchtúr dín nua.

Is cuid de shraith d'fhoirgnimh stairiúla é an foirgneamh agus é suite i gcroílár cheantar na hoidhreachta a chuireann go mór leis an gcosán cois abhainn ar imeall uisce na cathrach.

Tacaíonn  Oifig Chúirte Luimnigh - Dlí Sibhialta agus Teaghlaigh  le Teach Cúirte Luimnigh, Cé an Cheannaí.