Tugtar “an chéad eachtra sa dlí coiteann” ar scaipeadh dhlí coiteann Shasana in Éirinn. Is turas iontach stairiúil é an cuntas ar conas a ghlac sé áit sheantraidisiún Ceilteach an Bhreithimh.

Stair an Dlí

Stair an Dlí

AOIS

An Féineachas agus a Thús

Roimh rialú Shasana, bhí córas dúchasach dlí i bhfeidhm in Éirinn a chuaigh siar go dtí ré na gCeilteach. Mhair an córas áirithe seo go dtí an 17ú haois nuair a tháinig dlí coiteann Shasana ina áit.

Forbraíodh an córas dúchasach dlí seo, ar a dtugtar an Féineachas, ó nósanna a cuireadh ar aghaidh ó bhéal ó ghlúin amháin go glúin eile.  Scríobhadh na dlíthe síos den chéad uair sa 7ú haois AD.

Riaradh Breithiúna (nó brithem) an Féineachas. Comharbaí na ndraoithe Ceilteacha a bhí iontu agus cé go raibh siad cosúil le breithiúna ar bhealaí; bhí an ról a bhí acu ní ba chosúla le headránaí. Bhí orthu an dlí a chaomhnú agus ciall a bhaint as, seachas é a fhorbairt.

Léigh tuilleadh.

An Chéad Chúngach ar an bhFéineachas

Tharla an chéad chúngach ar an bhFéineachas sa bhliain 1155, nuair a d’eisigh an Pápa Adrian IV Bulla Laudabiliter inar tacaíodh le plean Rí Anraí II chun Éire a chur faoi smacht. 

Fógraíodh ag an gComhairle gur ghlac gach duine le dlíthe Shasana agus gur dearbhaíodh iad.

Sa bhliain 1172, cheap Anraí Hugh de Lacy ar an gcéad Ghiúisteoir in Éirinn.

Léigh tuilleadh.

Ceapachán Bhreithiúna an Dlí Choitinn

Sa bhliain 1204, cheadaigh Seon Rí eascairí a scríobh, rud a d’ordaigh do chúirteanna na hÉireann an dlí coiteann a chur i bhfeidhm go bunúsach.

Ceapadh an chéad bhreitheamh Angla-Normannach sa bhliain 1221.

Léigh tuilleadh.

Laghdú ar thionchar dhlí Shasana

Tháinig laghdú ar thionchar dhlí Shasana le linn an 14ú agus an 15ú haois. Le linn an ama sin, dúradh gur éirigh na Normannaigh, trí idirphósadh leis na Gaeil 'níos Éireannaí ná na hÉireannaigh iad féin.’ 

Theastaigh ó Shasana forlámhas na Parlaiminte agus dhlí Shasana a ghlacadh ar aon Pharlaimint de chuid na hÉireann nó ar reachtaíocht na hÉireann arís ach Reachtanna Chill Chainnigh a achtú sa bhliain 1366.

Léigh tuilleadh.

Titim an Fhéineachais

Fuair dlí Shasana greim eile ar an tír tar éis 'Imeacht na nIarlaí' ó Chúige Uladh sa bhliain 1607 agus tar éis na Plandála ina dhiaidh sin inar tugadh talamh do lonnaitheoirí de chuid na hAlban agus de chuid Shasana.  Bhí tábhacht bhreise le hImeacht na nIarlaí mar gur baineadh foinse phátrúnachta na mBreithiúna mar gheall air.

Léirigh Forógra Rí Séamas 1 sa bhliain 1603 an deireadh le húdarás an Fhéineachais, agus chiallaigh sé seo go raibh muintir na hÉireann faoi chosaint an Rí. Roinneadh an tír ina gcontaetha agus cuireadh dlí Shasana i bhfeidhm ar fud na tíre.

Léigh tuilleadh.

Na Péindlíthe agus Caitliceachas

D’aisghair Parlaimint Shasana Dlí Poynings faoin Acht um Achomhairc na hÉireann, 1783. Ón am sin go dtí an bhliain 1800, theastaigh ó Pharlaimint na hÉireann (ar ar tugadh Parlaimint Grattan) cás na gCaitliceach a fheabhsú ach an tAcht Faoisimh do Chaitlicigh Rómhánacha, 1793 a achtú, faoinar bronnadh ceart teoranta vótála agus cead chun cleachtadh ag an mBarra orthu.

Léigh tuilleadh.

Leasuithe

I ndiaidh na réabhlóide tionsclaíche agus scríbhinní Bentham agus Mill, d’éirigh an phráinn a bhí le hinstitiúidí dlí a leasú ní ba shoiléire ná riamh. Tugadh leasuithe isteach faoi Acht Chúirt Uachtarach an Údaráis, 1873 agus faoina mhacasamhail in Éirinn sa bhliain 1877.  Tugadh riarachán an dlí choitinn agus cothromas le chéile chun córas cúirte comhaontaithe a chruthú.

Tar éis an Ghorta Mhóir (1845-1850), bhí an feachtas ar son athchóiriú an dlí talún i gcroílár pholaitíocht na hÉireann.  Ritheadh  Acht an Dlí Talún (Éire), 1881 mar gheall ar stocaireacht dhian Chonradh na Talún. Faoin Acht seo, bunaíodh Coimisiún na Talún agus tugadh cíos cothrom, ceart díola agus cinnteacht seilbhe d’fheirmeoirí tionóntacha na hÉireann.

Léigh tuilleadh.

 

Neamhspleáchas

In ainneoin thionchar Parnell, ní raibh rialtas dúchais indéanta mar gheall a Aontachtaithe agus Coimeádaigh Uladh a chuir ina choinne go mór go dtí gur ritheadh  an tAcht um Rialú na hÉireann, 1914. Cuireadh an tAcht siar le linn an Chéad Chogadh Domhanda ach chuaigh imeachtaí eile ina dhiaidh sin chun cinn air pé scéal é.

D’éirigh dearcthaí an phobail daingean tar éis Éirí Amach 1916, nár éirigh leis, agus tar éis fhreagra dian na Breataine air. Mar gheall air sin, bhí ollbhua ag Sinn Féin i dtoghchán 1918 agus léirigh sé seo cailleadh polaitiúil an Rialtais Dúchais agus Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann.

Léigh tuilleadh.

Seirbhís Chúirteanna Nua

Ritheadh Acht Shaorstát Éireann (Bunreacht), 1922 in Westminster.

Faoin Acht seo, aisghaireadh an tAcht um Rialú na hÉireann, 1920 sa mhéid gur bhain sé le Deisceart Éireann. 

D’achtaigh an Dáil an tAcht um Bunreacht Shaorstát Éireann, 1922

Léigh tuilleadh.

Bunreacht Nua

Leasaíodh Bunreacht 1922 go minic sa tréimhse idir 1922 agus 1936, agus ba bheag gur scriosadh gach iarsma den Chonradh inti.

Áiríodh leis na leasuithe seo an mionn dílseachta a bhaint, deireadh a chur leis an gcead achomhairc chuig an Ríchomhairle, gach tagairt don Choróin a bhaint, an Seanad agus oifig Sheanascal Shaorstát Éireann a bhaint agus an chumhacht a bhronnadh ar an Ard-Chomhairle dul i mbun conarthaí idirnáisiúnta agus ionadaithe taidhleoireachta a cheapadh.

Léigh tuilleadh.

Cad as a dTagann Tithe Cúirte?

Cad as a dTagann Tithe Cúirte?

Foghlaim faoi theacht chun cinn ailtireachta na dtithe cúirte in Éirinn, ag dul siar go dtí ré an Fhéineachais.

Léachtaí Céad Bliain

Léachtaí Céad Bliain

Le blianta beaga anuas, óstáladh léachtaí sna Ceithre Cúirteanna. Tarraingíodh aird sna léachtaí seo ar chora cinniúnacha, gluaiseachtaí agus coimhlintí a bhain le bunú na hÉireann.