Arna dhearadh ag Richard Morrison, ciallaíonn méid agus cáilíocht ailtireachta an tí cúirte seo go bhfuil sé ar cheann de na foirgnimh phoiblí is suntasaí ar an mbaile.

D'oscail An tUas. John O’Donoghue T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Teach Cúirte go hoifigiúil Dé Céadaoin, 11 Iúil 2001.
D'oscail An tUas. John O’Donoghue T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Teach Cúirte go hoifigiúil Dé Céadaoin, 11 Iúil 2001.

Agus é tógtha c. 1810, is teach cúirte seacht mbá agus dhá stór é atá suite ag gabhal trí bhóthar agus tá ionad suaithinseach aige ar an sráid-dreach.

Mar chuid den tionscadal rinneadh athchóiriú agus athshlánú ar an teach cúirte liostaithe agus cuireadh síneadh leis an bhfoirgneamh chun freastal ar riachtanais an lae inniu. Tá ceithre sheomra cúirte ann le haghaidh éisteachtaí na hArdchúirte, Cúirte Cuarda agus Cúirt Dúiche. Cuimsíonn seomra dlí teaghlaigh seomra cúirte le seomraí na mbreithiúna, dhá sheomra comhairliúcháin agus dhá sheomra feithimh agus é suite i bhfad ó ghnó na seomraí cúirte eile. Cuimsíonn an síneadh freisin seomra tacaíochta finnéithe / íospartach agus cóiríocht d’fhoireann na cúirte. Éacht mór a bhaineann leis an tionscadal is ea na riachtanais fheidhmiúla chasta atá ag foirgneamh cúirte nua-aimseartha a chomhtháthú go hoilte le srianta an fhoirgnimh atá ann agus na gnéithe ailtireachta stairiúla a chaomhnú agus a athshlánú.

Tacaíonn Oifig Chúirte Bhaile Átha Troim.  le h Cúirte Bhaile Átha Troim