SC10

An tAcht um Barántas Gabhála Eorpach 2003 arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005

Ón 2 Bealtaine 2006, i ngach cás ina dtaiscfear fógra achomhairc ó bhreitheamh na hArd-Cúirte in imeachtaí faoin Acht thuas, déanfar an cás a liostú lena lua ar an nDéardaoin ina dhiaidh sin. Ní mór do na cleachtóirí a bhfuil páirt á ghlacadh acu san achomharc a bheith in ann cur in iúl don chúirt, nuair a ghlaofar an cás ar an lá céanna, cad iad na bearta a rinneadh chun éisteacht gasta a chinntiú. Tabharfar treoracha ag an am sin maidir le comhdú na n-aighneachtaí i scríbhinn agus d'fhonn an dáta is luaithe a shocrú le haghaidh éisteacht an achomhairc.

Eiseofar an Treoir Chleachtais seo lena chinntiú go gcomhlíonann an Stát na forálacha sin den Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003 arna leasú le héascaíocht maidir leis na himeachtaí seo a réiteach.

I gcás go dtaiscfear fógra achomhairc le linn na saoire, déanfar an t-achomharc a liostú lena lua ar an gcéad Déardaoin sa téarma ina dhiaidh sin.

John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
27 Aibreán 2006

Supreme Court