SC16

Iompar Imeachtaí sa Chúirt Uachtarach

1.      Réamhrá

(a)   Sa treoir chleachtais seo:

ciallaíonn “breitheamh bainistithe cásanna” Príomh-Bhreitheamh nó Breitheamh den Chúirt Uachtarach arna n-ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh faoi alt 7(6) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961;
ciallaíonn “na rialacha” Rialacha na nUaschúirteanna;
ciallaíonn “an chúirt” an Chúirt Uachtarach;
is é “an oifig” Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaracha
is tagairt don bhfoirm mar a uimhrítear i bhFoscríbhinn FF de na rialacha í tagairt d'fhoirm;
is tagairt d'Ordú 58 de na Rialacha í tagairt d'Ordú 58 .

  1. Eisítear an treoir chleachtais seo i leith achomharc agus iarratas ar chead achomhairc a thionscnaítear de bhun na dlínse a thugtar don Chúirt le leasuithe an Bhunreachta a áirítear sa Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, a cuireadh i bhfeidhm ar an 28 Deireadh Fómhair, 2014.
  2. Cé go ndéantar tagairt d'fhorálacha ar leith nuair a mheastar go bhfuil sé seo cabhrach, ba cheart an treoir chleachtais seo a léamh i gcomhar leis na rialacha go ginearálta, agus go háirithe na leasuithe ar Ordú 58 (Nósanna Imeachta sa Chúirt Uachtarach) agus ar fhorálacha eile de na rialacha atá ar fáil ar shuíomh ghréasáin na Seirbhíse Cúirteanna ag: www.courts.ie”.

2.      Seoladh imeachtaí go ginearálta

  1. Ceanglaítear le hOrdú 58 riail 2(1) go ndéanfar gach iarratas, achomhairc agus ábhair eile os comhair na cúirte a ullmhú le haghaidh éisteachta nó le haghaidh cinnidh ar bhealach atá cóir, tapa agus ar dóigh a ndéanfar costais na n-imeachtaí a íoslaghdú.
  2. Tá sé d'oibleagáid ar a páirtithe a chinntiú go ndéantar gach céim sna himeachtaí os comhair na cúirte go tapa agus laistigh den am a fhorordaítear leis na rialacha agus leis an treoir chleachtais seo.

 

Iarratais ar Chead Achomhairc

3.      Iarratais ar Chead Achomhairc

(1)   Foirm Iarratais ar Chead Achomhairc

  1. Déanann an Chúirt ar a bhfuil ar a laghad triúr breitheamh, breithiúnas ar iarratais ar chead achomhairc. De ghnáth, déantar cinneadh ar na hiarratais ar na páipéir mura n-ordaíonn an chúirt a mhalairt agus tá sé riachtanach go bhfuil an t-iarratas san fhoirm cheart. Ceanglaítear le hOrdú 58 riail 15 go dtugtar gach iarratas ar chead achomhairc chun na cúirte trí iad a thaisceadh san oifig le fógra a eisiúint i bhFoirm Uimh. 1. Ba cheart an fhoirm a líonadh ar pháipéar A4, ceangailte ar chlé. Is féidir an fhoirm seo a íoslódáil ó www.courts.ie i bhformáid leictreonach.
  2. Mar a cheanglaítear in alt 5 d'Fhoirm Uimh. 1, ba cheart go leagfaí amach go beacht san iarratas na cúiseanna sa dlí:

- i gcás achomhairc ón gCúirt Achomhairc (faoi Airteagal 34.5.3° den Bhunreacht), cén fáth go mbaineann tábhacht ghinearálta phoiblí leis an gcinneadh a bhfuiltear ag iarraidh achomhairc a dhéanamh ina leith / nó cén fáth ar gá, ar mhaithe leis an gceartas achomharc chun na cúirte a dhéanamh agus

- i gcás achomhairc ón Ard-Chúirt (faoi Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht), cén fáth go mbaineann tábhacht ghinearálta phoiblí leis an gcinneadh a bhfuiltear ag iarraidh achomhairc a dhéanamh ina leith / nó cén fáth ar gá, ar mhaithe leis an gceartas achomharc chun na cúirte a dhéanamh agus cén fáth go bhfuil imthosca eisceachtúla ann lena n-éilítear achomharc díreach chun na cúirte.

Go háirithe, nó mór an t-eolas lena gceanglaítear le hAlt 5 agus Alt 6 d'Fhoirm 1 a sholáthar ach tá an chúirt ag súil go mbainfidh gontacht agus soiléireacht maidir leis seo.

  1. Má dhéanann iarratasóir ar chead achomhairc aon cheann de na nithe seo a leanas:
  1. iarraidh ar an gcúirt imeacht ó cheann dá cinntí féin;
  2. dearbhú a lorg lena n-áirítear nach dtagann foráil leis an mBunreacht nó atá aimhréireach leis agus/nó nach dtagann foráil leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine;
  3. iarraidh ar a bheith curtha ar aghaidh chuig Cúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh;

ba cheart é seo a lua go soiléir san iarratas agus ní mór sonraí iomlána a thabhairt (mar a cheanglaítear in Alt 8 den bhFoirm).

  1. De ghnáth, níor cheart forais an achomhairc a bheith níos faide ná 2 leathanach le méid A4 (lena n-úsáidtear clómhéid 12 Times New Roman nó ceann dá leithéid, lena bhfuil spásáil línte 1.5 agus ciumhaiseanna 2.5 cm ag an mbarr, ag an mbonn agus ar gach taobh) agus aird á tabhairt ar go mbeidh breithiúna(i)s na cúirte/na gcúirteanna thíos ar fáil don chúirt.
  2. Ba cheart go gcuirtear ardlua neodrach an bhreithimh a rinneadh achomharc ina choinne leis an iarratas ar chead achomhairc chomh maith leis na tagairtí lena n-áirítear aon tuarascáil dlí ar an gcinneadh sa chúirt thíos (mar a cheanglaítear in Alt 7 d'Fhoirm Uimh. 1).
  3. Ní mór go mbeadh iarratas ar chead achomhairc sínithe ag dlíodóir an iarratasóra nó (mura bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil ag an iarratasóir) ag an iarratasóir.
  4. Ceanglaítear le hOrdú 58, riail 14(1) gur féidir leis an gCláraitheoir diúltú d'fhógra achomhairc ar bith nó do dhoiciméad ar bith eile nach gcomhlíonann riachtanais an Ordaithe sin nó le riachtanais treorach cleachtais ar bith a bhaineann leis an iarratas nó leis an achomharc lena mbaineann a fhoilsiú.

D'fhéadfadh sé seo a thabhairt chun cinn mar shampla, nuair: a mheastar go bhfuil na forais gan míniú sásúil agus rófhada; nach sainaithnítear san iarratas na cúiseanna ábhartha lena dtagraítear i mír (b) thuas; nach féidir an t-iarratas a léamh nó nach gcuirtear ar fáil san fhoirm atá ag teastáil.

Féadfaidh aon pháirtí arb éagóir leis an diúltú sin cur isteach laistigh de 14 lá ón diúltú trí fhógra tairisceana a chur chun na cúirte chun eisiúint an fhógra achomhairc nó doiciméid eile a údarú (Ordú 58, riail 14(2)).

  1. Ceanglaítear le hOrdú 58 riail 16(1) go ndéantar an t-iarratas a chomhdú san oifig laistigh de 28 lá ó chomhlíonadh an ordaithe a bhfuil achomharc á dhéanamh ina leith.
  2. Ba cheart cóip leictreonach a tharchur chuig an gcúirt ar an lá comhdaithe ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas:  supremecourtapps@courts.ie.
  3. Ní mór cóip fhianaithe den ordú a bhfuil achomharc á dhéanamh uaidh a chomhdú leis an iarratas (mar a cheanglaítear le hOrdú 58, riail 16(1)). Má thugtar breithiúnas scríofa, ba cheart cóip fhianaithe de arna fhormheas ag an gCúirt a thaisceadh leis an bhfógra achomhairc nó, mura bhfuil cóip ar fáil ag an am, ní mór ceann a thaisceadh chomh luath agus a chuirtear ceann ar fáil (mar a cheanglaítear le hOrdú 58, riail 16(3)).

(2) Seirbheáil

  1. Ní mór cóip den iarratas a sheirbheáil ar gach páirtí a bhfuil baint dhíreach acu leis an iarratas ar chead achomhairc nó ar achomharc laistigh de 7 lá tar éis don achomharc a thaisceadh (mar a cheanglaítear le hOrdú 58 riail 17(1)).
  2. Ní mór deimhniú seirbheála (lena dtugtar ainm iomlán agus seoladh an fhreagróra/na bhfreagróirí nó ainm iomlána agus seoladh dhlíodóir an fhreagróra/ma bhfreagróirí) a chomhdú leis na Páipéir Breise lena sainaithníodh i mír 8 thíos. Ní mór don deimhniú a bheith sna téarmaí seo a leanas “Deimhním gur seirbheáladh _________ ar ____________ar an___lá de___201_ leis an modh seo a leanas _____________sínithe ___________”
  3. I gcásanna ina ndéantar gearán, féadfaidh an chúirt a éileamh go ndéanfar seirbheáil a chruthú le mionnscríbhinn seirbheála a chomhlíonann ceanglais Ordú 58 riail 5(3).

4.      Síneadh Ama

  1. I gcás nach féidir le hachomharcóir iarratas ar chead achomhairc a chomhdú laistigh den teorainn ama ábhartha, ní mór iarratas ar shíneadh ama a dhéanamh sa roinn iomchuí d'Fhoirm 1.
  2. Ba cheart tuairimí an fhreagróra ar an síneadh ama a lorg agus, más féidir, ba cheart na tuairimí sin a chur in iúl leis an iarratas ar chead.

5.      Fógra an Fhreagróra

  1. Ní mór do gach freagróir, laistigh de 14 lá tar éis an t-iarratas a sheirbheáil, comhdú san oifig agus fógra an fhreagróra a sheirbheáil i bhFoirm Uimh. 2 (mar a cheanglaítear le hOrdú 58, riail 18 (1)). Tá an fhoirm seo ar fáil lena híoslódáil ó www.courts.ie i bhformáid leictreonach.
  2. Mar a cheanglaítear le hAlt 4 d'Fhoirm Uimh. 2, má tá conspóid á dhéanamh maidir leis an iarratas ar chead achomhairc, ba cheart don fhreagróir, na cúiseanna seo a leanas a leagan amach go gonta agus is cuí ag brath ar fhorais iarratais an iarratasóra ar chead achomhairc:

- sá chás go ndéantar iarratas ar chead achomhairc ón gCúirt Achomhairc (faoi Airteagal 34.5.3° den Bhunreacht)-

  1. ní bhaineann tábhacht ghinearálta phoiblí leis an gcinneadh a bhfuil cead achomhairc á lorg ina leith
  2. níl gá le, ar mhaithe leis an gceartas, achomharc a chur chun na cúirte

- sa chás go ndéantar iarratas ar chead achomhairc ón Ard-Chúirt (faoi Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht)-

  1. ní bhaineann tábhacht ghinearálta phoiblí leis an gcinneadh a bhfuil cead achomhairc á lorg ina leith
  2. níl gá le, ar mhaithe leis an gceartas, achomharc a chur chun na cúirte agus níl aon imthosca eisceachtúla ann lena n-éilítear achomharc díreach chun na cúirte.
  1. Mar a cheanglaítear le halt 2 d'Fhoirm Uimh. 2, má tá an freagróir in aghaidh síneadh ama atá á lorg ag an iarratasóir, ní mór don fhreagróir cúiseanna ar cheart diúltú don iarratas a leagan amach.
  2. Ba cheart cóip leictreonach a tharchur chuig an gcúirt ar an lá comhdaithe ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas supremecourtapps@courts.ie.
  3. Ní mór deimhniú seirbheála ar an bhfógra (lena dtugtar ainm iomlán agus seoladh an duine/na ndaoine seirbheáilte) agus ceithre chóip a chomhdú laistigh de 7 lá ón seirbheáil deireanach. Ní mór don deimhniú seo a bheith san fhormáid a leagtar amach i mír 3 (2) (b).
  4. Mar a fhoráiltear in Ordú 58, riail 18(4), mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, ní bhfaighidh freagróir nach ndéanann fógra a chomhdú faoin riail sin aon chumarsáid bhreise ón oifig maidir leis an achomharc.

6      Anaithnideacht agus srianta tuairiscithe

In iarratas ar bith a bhaineann le leanaí, ba cheart do na páirtithe, chomh maith le breithniú a dhéanamh ar theideal an cháis atá le húsáid, a mheas freisin an mbeadh sé cuí don chúirt ordú a dhéanamh lena gcuirfear srian ar fhoilsiú nó ar thuairisciú. Ba cheart do na páirtithe an oifig a chur ar an eolas i gcónaí má dhéantar ordú den chineál seo ag cúirt thíos. Ba cheart aon iarraidh ar ordú den sórt sin a bheith déanta ag an gcúirt agus aon agóidí i gcoinne ordú den sórt sin a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCláraitheoir, a luaithe is féidir tar éis iarratas ar chead a chomhdú, i ngach cás an t-ordú sin á leagan amach ar bhonn dlí ar a lorgaítear na horduithe sin nó ar a gcuirtear ina gcoinne.

7.       ​Foilsiú

  1. Déanfar an t-iarratas ar chead agus fógra an fhreagróra a fhoilsiú ar www.courts.ie nuair a dhéanann an chúirt cinneadh ar an iarratas.
  2. Níor cheart go mbeadh aon eolas san iarratas nó san fhógra a bhfuil toirmeasc ar a fhoilsiú le haon achtachán nó riail dlí nó ordú cúirte.
  3. Má tá eolas den chineál seo san iarratas nó san fhógra, ní mór don pháirtí ábhartha leagan folaithe de dhoiciméad an pháirtí sin a tharchur chuig an oifig i bhformáid leictreonach, óna gcaithfear an t-eolas sin ar fad a scriosadh. Ba cheart an leagan seo a sheoladh chuig: supremecourtapps@courts.ie.
  4. Tá sé de fhreagracht ar na páirtithe a chinntiú nach mbeidh ábhar scannalach, maslach nó cráiteach sna doiciméid.

 

8.      Páipéir bhreise

  1. Ní mór don iarratasóir na páipéir bhreise seo a leanas a chomhdú lena n-úsáid ag an gcúirt laistigh de 7 lá tar éis an t-iarratas a chomhdú:
  1. ceithre chóip den iarratas;
  2. ceithre chóip d'fhógra an fhreagróra má comhdaíodh agus seirbheáladh iad;
  3. ceithre chóip den ordú a rinneadh achomharc ina choinne;
  4. ceithre chóip den bhreithiúnas ceadaithe na cúirte thíos;
  5. ceithre chóip d'ordú deireanach/d'orduithe deireanacha na cúirte go léir eile thíos;
  6. ceithre chóip de bhreithiúna(i) na cúirte go léir eile thíos;
  7. ceithre chóip de dheimhniú seirbheála an iarratais ar chead ar gach freagróir ar seirbheáladh é;
  1. Ní mór do na cóipeanna seo a bheith éasca le léamh ar pháipéir A4 lena bhfuil clómhéid 12 in úsáid agus spásáil línte 1.5 agus atá ceangailte i gceart in imleabhar amháin nó níos mó. Ní mór go mbeadh na himleabhair uimhrithe 1 go 4, lipéadaithe agus innéacsaithe i gceart.
  2. Níl gá le páipéir eile agus ní ghlacfar le doiciméid eile seachas na doiciméid liostaithe thuas mura n-iarrann an chúirt orthu. ní ghlacfar le doiciméid nach bhfuil soléite agus nach bhfuil sa stíl nó san fhoirm atá ag teastáil.
  3. I gcás nach gcomhdaítear na páipéir riachtanacha laistigh de 8 seachtaine tar éis an t-iarratas a chomhdú agus nuair mura dtugtar cúis mhaith leis an moill, féadfaidh an Cláraitheoir an t-iarratas a tharchur chuig an gcúirt gan na páipéir riachtanacha le haghaidh treorach nó orduithe a mheasann an chúirt a bheith cuí.

 

9.      Breithiúnas

  1. Nuair a dhéanann an chúirt breithiúnas ar na doiciméid comhdaithe, féadfaidh sí ansin:
    1. ordú a thabhairt le go ndéanfar na haighneachtaí scríofa ar an iarratas ar chead a chomhdú;
    2.  cead a dhiúltú;
    3. cead a thabhairt ar gach forais nó ar fhorais shonracha;
    4. éisteacht ó bhéal a stiúradh le nó gan comhdú na n-aighneachtaí scríofa;
    5. cuireadh a thabhairt do na páirtithe aighneachtaí scríofa a chomhdú maidir leis an gcead a dheonú ar théarmaí má bhaineann siad le costais nó mura bhaineann.
  2. Tugann an chúirt cúiseanna gearra le cead achomhairc a dhiúltú (féach alt 7(15) an t-Acht um an Chúirt Achomhairc 2014).
  3. Déanfar breithiúnas na cúirte ar an iarratas a fhoilsiú ar www.courts.ie.

 

10.      Cead a diúltaíodh

Má chinneann an chúirt gur cheart cead a dhiúltú, cuirtear na páirtithe ar an eolas go ndiúltaítear don iarratas agus seoltar cóip den ordú séalaithe ag an gCláraitheoir chucu lena ndeimhnítear cinneadh na cúirte.

 

11.      Cead a deonaíodh ar an láthair

Má chinneann an chúirt gur cheart glacadh leis an achomharc gan nósanna imeachta eile, deonaíonn sí cead ar an láthair agus seoltar cóip den ordú séalaithe ag an gCláraitheoir chuig na páirtithe lena ndeimhnítear cinneadh na cúirte.

 

12.      Cead ar deonaíodh ar théarmaí

Má tá an chúirt ag smaoineamh ar chead achomhairc a dheonú ar théarmaí:

  1. molann an chúirt na téarmaí agus tá sé de cheart ag na páirtithe aighneachtaí a dhéanamh ar na téarmaí atá beartaithe laistigh de 14 lá ó dháta mholadh na cúirte;
  2. cinnfidh an chúirt ansin má tá sí chun cead a dheonú nó mura bhfuil (gan choinníoll nó ar théarmaí);
  3. féadfaidh achomharcóir féideartha dá ndeonaítear cead achomhairc faoi réir téarmaí nach bhfuil sé nó sí sásta glacadh leo diúltú leanúint ar aghaidh leis an achomharc;
  4. más rud é in iarratas ar chead achomhairc ón Ard-Chúirt faoi Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht, go ndiúltaíonn achomharcóir féideartha leanúint ar aghaidh ar bhonn na dtéarmaí a mhol an chúirt, féadfaidh an t-achomharcóir ina ionad sin, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Achomharc faoi réir aon fhorálacha dlí a rialaíonn nó a chuireann teorainn ar theidlíocht an pháirtí sin chun leanúint ar aghaidh le hachomharc den sórt sin.

 

13.      Iarratas a rinneadh a tharchur le haghaidh éisteacht ó bhéal

  1. I gcásanna lena bhfuil gá le tuilleadh argóinte, déantar iarratas ar chead achomhairc a tharchur le haghaidh éisteacht ó bhéal.
  2. Nuair a dhéantar iarratas a tharchur le haghaidh éisteacht ó bhéal, cuirtear an t-achomharcóir agus na freagróirí go léir a rinneadh fógra a chomhdú faoi Ordú 58, riail 18 (1) ar an eolas maidir le dáta na héisteachta. Féadfaidh éisteacht le páirtithe os comhair na cúirte trí abhcóide, dhlíodóir nó san fhíorshaol. Má chuirtear an t-abhcóide ar an eolas ba cheart do na dlíodóirí a chinntiú go bhfuil a n-ainmnithe ar eolas ag an gCláraitheoir.
  3. Seoltar cóip den ordú séalaithe ag an gCláraitheoir lena ndéantar taifead do chinneadh na cúirte chuig gach páirtí.

 

14.      Idirghabhálacha in iarratais ar chead achomhairc

Féadfaidh duine ar bith atá ag iarraidh idirghabháil a dhéanamh ar iarratas ar chead, ar an gcéad dul síos, scríobh chuig an gCláraitheoir agus bunús na hidirghabháil a leagan amach agus ba cheart an comhfhreagras seo a chóipeáil chuig an achomharcóir agus do pháirtí ar bith eile a bhfuil baint aige leis an iarratas. Má dheonaítear cead achomhairc, ní mór iarratas foirmeálta a dhéanamh má tá an t-idiragróir ag iarraidh idirghabháil a dhéanamh ar an achomharc. Féach freisin Ordú 58 agus rialacha 3(1) agus 3(2).

 

15.      Costais

  1. I gcás ina ndéantar iarratas ar chead gan rath a chinneadh gan éisteacht ó bhéal, féadfaidh an chúirt costais a bhronnadh ar iarratas a dhéanamh trí litir a bheidh dírithe chuig an gCláraitheoir.
  2. I gcás ina ndéantar cead achomhairc a thraschur le haghaidh éisteacht ó bhéal agus má dhéantar é a dhíbhe, ní mór don fhreagróir iarratas ar chostais a dhéanamh ag deireadh na héisteachta.  Ní dhéanfar ordú le haghaidh costas ach amháin má dhéantar iarratas ag an am sin.
  3. Sa chás go ndeonaítear cead achomhairc, déantar costais san achomharc ar chead de chostais an iarratais.
  4. De ghnáth, is ar an bhfreagróir a mbronnfar na costais réasúnta a bhaineann le cur i gcoinne iarratais gan ráth, faoi réir rogha na cúirte. Má dheonaítear cead achomhairc, déantar costais san achomharc de chostais fhógra an fhreagróra.

 

16.      Iarratasóirí Idirbhreitheacha

Mar a fhoráiltear in Ordú 58 riail 27(5) ní féidir aon iarratas ar fhaoiseamh idirbhreitheach (lena n-áirítear aon fhaoiseamh mar fhanacht nó urrús i leith costas) a dhéanamh sula ndéantar cinneadh ar an iarratas ar chead.

 

17.      Fógra rúin a chomhdú le leanúint ar aghaidh

I gcás ina ndeonaíonn an chúirt cead achomhairc, seasfaidh an chuid sin den bhfógra achomhairc ina bhfuil na forais ar bronnadh an cead (agus gan aon fhorais achomhairc ar diúltaíodh an cead achomhairc a chur san áireamh) mar fhógra achomhairc agus tá teorainn ar na foinsí achomhairc orthu siúd ar deonaíodh cead. Ní mór don achomharcóir, laistigh de 28 lá ó dheonaigh an chúirt cead achomhairc, fógra a chomhdú lena gcuirtear in iúl go bhfuil sé nó sí ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an achomharc. (Foirm Uimh. 3). De rogha air sin, ní mór don achomharcóir fógra rúin i scríbhinn chun tarraingt siar ón achomharc nó é a thréigin a chomhdú.
 

18.      Práinn

  1. I gcásanna práinneacha lena mbaineann saoirse an duine aonair, idirghabháil leighis práinneach, nó géarghá le sláinte leanaí a chinntiú, féadfaidh iarraidh ar éascaíocht a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCláraitheoir. Ní mór do na páirtithe an Cláraitheoir a chur ar an eolas nuair a thiteann na nósanna imeachta faoin gCoinbhinsiún ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (Coinbhinsiún na Háige) nó faoi Rialachán na Bruiséile II athbhreithnithe.
  2. Chun éascaíocht a bhaint amach, féadfaidh an chúirt na teorainneacha ama agus treoracha cleachtais a bhíonn i bhfeidhm ar iarratais agus achomhairc de ghnáth a chur i leataobh nó iad a athrú.
  3. Féadfar nósanna imeachta coimrithe nó rialacha speisialta maidir le doiciméid a tháirgeadh a chur i bhfeidhm chun freastal ar imthosca gach iarratas agus achomharc

 

Seoladh Achomhairc

19.      Taisceadh agus seoladh aighneachtaí scríofa agus ullmhúchán an Chroíleabhar Achomhairc

Faoi réir aon treoir a fhéadfar a thabhairt ag éisteacht na dTreoracha, cuirfear na riachtanais seo a leanas i bhfeidhm:

  1. Déanfaidh an t-achomharcóir laistigh de 2 sheachtain ó taisceadh an Fógra Rúin chun Lean ar Aghaidh a (h)aighneachtaí scríofa a thaisceadh agus cóip dóibh a sheoladh chuig gach aon fhreagróir don achomharc. Nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis seoladh aighneachtaí scríofa an achomharcóra a sheachadadh, déanfaidh gach freagróir cóip dá (h)aighneachtaí scríofa a thaisceadh leis an gcúirt agus a sheachadadh chuig an achomharcóir. Chomh maith le haighneachtaí atá á dtaisceadh, ba cheart cóipeanna leictreonacha i bhformáid Word a thraschur chuig an seoladh ríomhphost seo a leanas: supremecourtsubs@courts.ie Nach déanaí ná seachtain amháin tar éis aighneachtaí an fhreagróra a sheachadadh, cuirfidh an t-achomharcóir faoi bhráid na cúirte agus aon pháirtí san achomharc leabhar (an “croíleabhar achomhairc”) ina mbeidh:
  1. An t-ordú a ndearnadh achomharc ina choinne;
  2. An breitheamh atá faoi achomharc;
  3. An Fógra Achomhairc, agus aon Fhógra Achomhairc chun na cúirte ó aon fhreagróir a thagann chun chinn mar gheall ar an mbreithiúnas céanna nó an t-ordú céanna lena mbaineann an t-achomharc;
  4. An t-Iarratas ar Chead;
  5. Fógra an Fhreagróra ( má comhdaíodh é);
  6. An t-Ordú lena deonaítear cead;
  7. An fógra rúin le dul ar aghaidh;
  8. Aighneachtaí an achomharcóir/ na bpáirtithe tionscanta;
  9. Aighneachtaí an fhreagróra.
  1. Fágfar spás go leor in aon leabhar den sórt sin chun freastal ar aon doiciméad eile a ordóidh an breitheamh bainistithe cásanna a bheith le hullmhú (mar shampla, ráiteas fíorais, liosta saincheisteanna, etc). Beidh gach doiciméad den sórt sin inléite, lipéadaithe go soiléir agus puinseáilte le cur isteach sa chroíleabhar.
     

20.       Formáid agus ábhar aighneachtaí scríofa

  1. Ba cheart go ndéanfar aighneachtaí scríofa a shocrú go stuama le ceannteidil chuí agus ba cheart dóibh a bheith ina n-achoimre gearr ar na haighneachtaí atá le forbairt ag an éisteacht ó bhéal. Ba cheart dóibh a bheith saor ó ábhar neamhábhartha, neamhthábhachtach agus scannalach.
  2. Ba cheart go mbeadh teideal agus uimhir thaifid an cháis ar na haighneachtaí go léir, agus ba chóir go léireofar iontu go soiléir cé air a gcuirtear i láthair iad, agus go ndéileálfadh siad leis an mbreithiúnas a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne, agus ba cheart go dtabharfadh aghaidh iontu go sonrach ar gach údarás tábhachtach agus ábhartha.
  3. Ba cheart do na haighneachtaí a chur ar fáil san fhormáid seo a leanas:
  1. Leathanach sa mhéid A4 clóite ar thaobh amháin nó an dá thaobh ;
  2. Clómhéid 12, Times New Roman nó clómhéid cosúil leis;
  3. spásáil línte 1.5;
  4. Ciumhaiseanna 3.25 cm ar gach taobh agus 2.5 cm ag an mbarr agus ar an mbonn;
  5. Nach mór ná 10,000 focal ina iomlán (an líon focal le lua ar dhoiciméad na n-aighneachtaí).
  1. Ba cheart go leanfar an teimpléid seo a leanas sna haighneachtaí:
  1. Réamhrá (nach ceart a bheith níos faide ná dhá leathanach) lena leagtar amach na himthosca ba bhun leis na himeachtaí agus lena sainaithnítear na cinntí fíorais a rinne breitheamh na trialach , nó nár chonspóidtear , agus , i gcás ina bhfuil sé cuí, arna seasamh ag an gCúirt Achomhairc ;
  2. Saincheist(eanna);
  3. Breitheamh ar achomharcadh ó;
  4. Aighneachtaí;
  5. Conclúid lena luaitear na cúiseanna ar a bhfuil bunús leis an achomharc, nó ar a gcuirtear in aghaidh de réir mar a bheidh, agus na horduithe á lorg.
  1. Ba cheart don achomharcóir nó páirtí tionscanta cróineolaíocht a chur isteach mar chuid den réamhrá nó i bhfoscríbhinn ar leith eile (nach mbeidh an fhoscríbhinn seo mar chuid de na haighneachtaí chun críche na teorann focail atá leagtha amach i mír (c)(v) thuas). Ba cheart don achomharcóir a luadh má ghlactar leis an gcróineolaíocht. I gcás nuair nach glactar leis, ba cheart don fhreagróir a c(h)róineolaíocht féin a thabhairt lena aithnítear pointí difríochta go soiléir. Meabhraítear do pháirtithe nach bhfuil siad i dteideal athchuairt a thabhairt ar chinntí fíorais a rinne breitheamh na trialach agus/nó a thacaíonn an Chúirt Achomhairc leis, ach amháin má cheadaítear sin a dhéanamh ar fhoras nó ar fhorais ar deonaíodh cead . I gcás mar sin ba cheart do na páirtithe díriú ar an mbonn dlí ar a gconspóidtear torthaí den sórt sin .

 

  1. Déanfaidh gach páirtí in achomharc, i gcás ina mbeidh aon eolas sna haighneachtaí i scríofa a bhfuil cosc ar a fhoilsiú nó a sárófar leis aon srian atá in aon achtachán nó riail dlí nó ordú cúirte, leagan fholaithe d'aighneachtaí an pháirtí sin i bhformáid leictreonach a tharchur, as a mbeidh an t-eolas go léir scriosta. Cuirfear cóip d'aighneachtaí scríofa arna dtaisceadh nó arna dtraschur chuig an Oifig nó arna dtabhairt ar láimh don chúirt maidir le, nó le linn éisteacht aon achomhairc ar fáil d'aon duine a i iarrann orthu, ar an táille is inmhuirir a íoc ar chip den sórt sin. Ní chuirfear aighneachtaí ar fáil roimh thús éisteacht an achomhairc. Ba cheart go n-urramódh foilsiú ar bith ón duine a fhaigheann na haighneachtaí aon toirmeasc sa dlí nó in ordú ón gCúirt.

Éisteacht na dTreoracha

21.      De ghnáth cuirfear éisteacht treoracha ar siúl 6 seachtaine tar éis Thaisceadh an Fhógra Rúin le Leanúint ar Aghaidh. Ag éisteacht na dTreoracha dá bhforáiltear in Ordú 58, riail 24, mura taisceadh iad cheana nó mura d'ordaigh breitheamh bainistithe cásanna a mhalairt, déanfaidh an t-achomharcóir tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta socraithe d'éisteacht na dTreoracha, 2 chóip den Chroíleabhar Achomhairc nó doiciméad ar bith eile san achomharc ar a bhfuil páirtí ar bith ag iarraidh tagairt a dhéanamh de ag éisteacht na dTreoracha.

Ní mór do na cóipeanna seo a bheith éasca le léamh ar pháipéir A4 lena bhfuil clómhéid 12 in úsáid agus spásáil línte 1.5 agus atá ceangailte i gceart in imleabhar amháin nó níos mó. Ní mór go mbeadh na himleabhair uimhrithe 1 go 2, lipéadaithe agus innéacsaithe i gceart.

Leabhair Údarás

22.      Formáid agus ábhar leabhair údarás

  1. Ba cheart Leabhair Údarás a chur ar fáil san fhormáid agus seicheamh seo a leanas, mura n-ordaítear an mhalairt:
  1. Forálacha ábhartha ar bith ón mBunreacht;
  2. Forálacha reachtúla ábhartha ar bith;
  3. Údaráis Éireannacha a leagan amach in ord cróineolaíoch;
  4. Aon údaráis idirnáisiúnta a mbítear ag brath orthu, arna n-eagraíodh de réir dlínse, agus laistigh de dhlínsí den sórt sin, in ord cróineolaíoch;
  5. Ábhair lena n-áirítear sleachta as téacsleabhair, iris léannta, agus tuairiscí.
  1. I gcás inar tuairiscíodh cás sna tuarascálacha oifigiúla, is í an tuarascáil sin an t-aon tuarascáil ar an gcás ba cheart a áireamh i leabhar na n-údarás. Níor cheart breitheamh nár tuairiscíodh nó cóip ríomhghinte a chur san áireamh nuair atá breitheamh tuairiscithe ar fáil.
  2. Nuair atá seans maith ann go mbeidh níos mó ná dhá leabhar údarás, ba cheart croíleabhar údarás a ullmhú agus a lipéadú go soiléir, agus go mbeadh na húdaráis agus na hábhair sin a mheastar a bheith lárnach sa chás agus is dócha is dócha a thagraítear dóibh is minice le linn na hargóinte (“na croí-údaráis”). Ba cheart na hábhair agus na húdaráis atá fágtha a eagrú agus a ordú mar atá leagtha amach i mír (a) thuas agus iad a bheith i gcomhaid atá lipéadaithe go soiléir agus uimhrithe go seicheamhach .
  3. Meabhraítear do chleachtóirí nach gá ach ábhair a mbeifear ag brath orthu i substaint na n-aighneachtaí scríofa, agus/nó ar féidir tagairt a dhéanamh dóibh in argóint ó bhéal, a chur isteach i leabhair na n-údarás. Ní gá go gcuimseofaí gach údarás dá dtagraítear in aighneachtaí i scríbhinn amháin i leabhair údarás. I gcásanna ina lorgaítear le húdaráis breise a chur isteach le linn éisteacht an achomhairc, ba cheart aon tuarascáil cloí leis an Treoir seo agus ba cheart dóibh a bheith inléite, lipéadaithe go soiléir agus puinseáilte le cur isteach sna leabhair údarás.

23.      Aontú ar leabhair údarás

Tá sé de fhreagracht ar na páirtithe san achomharc leabhair údarás a chomhaontú. Tráth nach déanaí ná an dáta ar a sheachadtar aighneachtaí scríofa an achomharcóra, ba cheart don achomharcóir liosta údarás a bhfuiltear ag brath air a sheachadadh do na freagróirí agus d'aon pháirtithe eile sna hachomhairc. Tráth nach déanaí ná an dáta ar a sheachadtar aighneachtaí freagartha, déanfaidh an freagróir agus páirtí ar bith eile liosta na n-údarás a mbeifear ag brath orthu agus atá le cur isteach i leabhar na n-údarás a sheachadadh don achomharcóir.

Tras-scríbhinní

24.      

  1. I gcás ar bith ina bhfuil tagairt shuntasach le déanamh ar na tras-scríbhinní de chuid éisteacht ar bith, soláthrófar liosta de thagairtí ar thras-scríbhinne mar aon le haighneachtaí scríofa na bpáirtithe.
  2. I gcás ar bith inar mhair éisteacht an cháis atá faoi achomharc níos mó ná ceithre lá ag éisteacht, soláthróidh an t-achomharcóir leabhrán de shleachta ó na tras-scríbhinní (“na croí-thras-scríbhinní”) ina mbeidh roinnteoir aonair do gach lá den triail ann chomh maith leis na sleachta ábhartha ó na laethanta éisteachta sin ar a bhfuil gach páirtí ag brath orthu, lipéadaithe go soiléir.
  3. Ba cheart go mbeadh tagairtí ó thras-scríbhinn lipéadaithe go soiléir le lá agus ainm na bhfinnéithe ann, agus ba cheart go luaitear ann más príomhfhianaise, croscheistiú (agus más é ag cén pháirtí) nó athscrúdú atá ann. Ba cheart go mbeadh aon sleachta as tras-scríbhinn a lorgaítear le cur isteach le linn na héisteachta a bheith lipéadaithe go soiléir agus puinseáilte le go bheidís sa roinnteoir cuí.
  4. Ní gá ach sraith iomlán amháin de thras-scríbhinní a thaisceadh i bhfoirm chlóite mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

Doiciméid

25.      Ba cheart go ndéantar comhaontú ar ábhair na leabhar doiciméid sa chás. In aon chás ina sáróidh leabhair doiciméad, leabhair amháin, leabhar de na doiciméid, agus na doiciméid sin amháin, atá riachtanach don chúirt a bhreithniú chun saincheisteanna an achomhairc a chinneadh (na croídhoiciméid') ba cheart é a bheith ullmhaithe agus lipéadaithe go soiléir amhlaidh. Ba cheart na doiciméid eile a chuimsiú i gcomhaid atá lipéadaithe agus innéacsaithe go soiléir. Tá sé de fhreagracht ar na páirtithe a bheith ar aon tuairim maidir le hábhar an chroíleabhar doiciméad agus aon leabhar doiciméad atá fágtha.

Pléadálacha agus Mionnscríbhinní

26.      Cuirfear Leabhar Pléadálacha ar fáil ina mbeidh na pléadacha eagraithe go seicheamhach agus innéacsaithe agus lipéadaithe go soiléir. Nuair a chuirtear fianaise ar aird le mionnscríbhinn, cuirfear na mionnscríbhinní agus foilseáin i leabhar ar leith, nuair a bhaineann siad le saincheisteanna an achomhairc. Nuair nach féidir na mionnscríbhinní agus foilseáin a chur isteach i leabhar amháin, cuirfear na mionnscríbhinní go léir i leabhar amháin nó níos mó agus cuirfear na foilseáin i leabhar amháin nó níos mó. I gcás mar sin ba cheart go na mionnscríbhinní agus foilseáin seo a innéacsú agus a lipéadú go soiléir le hainm an teisteora agus ainm an pháirtí ar tugadh an mhionnscríbhinn thar a cheann . Ba cheart go mbeadh cur síos gearr ar an doiciméad san innéacs. Níor cheart fógraí tairisceana mionnscríbhinní agus foilseáin le haghaidh iarratais idirbhreitheacha nó eile dá samhail a áireamh sa Leabhar Pléadálacha ach amháin má bhaineann siad le saincheisteanna a tháinig chun cinn ag an éisteacht ba chúis leis an ordú faoi achomharc agus go mbaineann siad freisin leis na saincheisteanna a thagann chun cinn ar an achomharc.

Leabhair achomhairc

27.      Ábhar leabhair achomhairc

  1. Sna leabhair achomhairc beidh:
  1. an Croí-Leabhar Achomhairc ar ullmhaíodh i gcomhréir le mír 19;
  2. an Leabhar Pléadálacha ar ullmhaíodh i gcomhréir le mír 26;
  3. an Leabhar Mionnscríbhinní ar ullmhaíodh i gcomhréir le mír 26 ;
  4. Leabhar nó Leabhair Údarás ar ullmhaíodh i gcomhréir le mír 22 agus mír 23 ;
  5. Leabhar Tras-Scríbhinne ar ullmhaíodh i gcomhréir le mír 24;
  6. Leabhar nó Leabhair Doiciméad ar ullmhaíodh i gcomhréir le mír 25;

nuair is ar phointe dlí amháin atá an t-achomharc, féadfar an ceanglas maidir le hullmhú doiciméad nó tras-scríbhinní nó pléadacha agus mionnscríbhinní a ligean thar ceal trí chomhaontú na bpáirtithe agus/nó le hordachán ón gcúirt nó ó bhreitheamh bainistithe cásanna.

  1. Ní mór go mbeadh gach doiciméad sna leabhair achomhairc inléite agus críochnaithe. Ba cheart aire a thabhairt le chinntiú nach bhfágtar cuid de leathnaigh nó leathnaigh iomlána amach le linn iad a chóipeáil.
  2. Ní mór doiciméid a bhaineann leis an achomharc amháin a chur leis.
  3. Ní mór foilseáin a tugadh ar aird i bhfianaise ag an triail agus a bhaineann leis na saincheisteanna, e.g. léarscáileanna tuarascálacha leighis agus grianghraif a chur san áireamh sna leabhair achomharc.
  4. Ba cheart foilseáin a bhaineann leis an achomharc agus a thagraítear dóibh i mionnscríbhinní a innéacsú de réir tagairt a dhéanamh don ábhar agus ní amháin de réir uimhir nó litir an fhoilseáin.
  5. Ba cheart leabhair achomhairc a shainaithint ar an gclúdach agus, nuair is féidir, ar dhroim an leabhair maidir le hábhar ginearálta an leabhair, agus nuair is cuí, uimhir an leabhair.
  6. Ní mór do na páirtithe, go háirithe an t-abhcóide nó dlíodóir a bhfuil argóintí á chur in iúl acu, a chinntiú go bhfuil na leabhair achomharc céanna á n-úsáid acu ag an éisteacht is a taisceadh leis an gcúirt.
  7. Níor cheart ábhar neamhábhartha nó ábhar breise a chur isteach in aon cheann de na leabhair achomharc.

28.      Leabhair achomhairc a thaisceadh

  1. Faoi réir treoir ar bith a thugann an breitheamh bainistithe cásanna , déanfar an t-achomharcóir leis an gcúirt an méid riachtanach de chóipeanna de leabhair achomhairc laistigh de 12 sheachtain ó rinneadh an Fógra Rúin le Leanúint ar Aghaidh a thaisceadh. I gcás ina dteipeann ar an achomharcóir é sin a dhéanamh, agus nuair nach ndéantar aon chomhaontú leis an am a shíneadh, is féidir le páirtí ar bith eile an méid riachtanach de chóipeanna de leabhair achomhairc nuair is gá.
  2. Tá sé de fhreagrach ar an bhfreagróir cóip de gach údarás, sliocht tras-scríbhinne agus doiciméad a bhfuil an freagróir ag iarraidh a bheith curtha sna leabhair achomharc a chur isteach a chur ar fáil don achomharcóir. Má theipeann ar an bhfreagróir é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná 2 sheachtain ón dáta ar taisceadh na leabhair achomharc is féidir leis an achomharcóir an líon leabhar achomhairc is gá a thaisceadh mar aon le litir lena ndeimhnítear gur theip ar an bpáirtí nó ar na páirtithe cloí leis na teorainneacha ama cuí.
  3. Moltar do pháirtithe, áfach, comhoibriú maidir le cur i láthair leabhar achomhairc, comhaontú doiciméid agus chun feidhmiú go réasúnta maidir le síneadh ama agus a chomhoibriú go ginearálta chun cur le héisteacht éifeachtach an achomhairc, rud atá ar mhaithe gach páirtí.
     

29.      An líon leabhar achomhairc is gá

Faoi réir aon treoir a thugann an breitheamh bainistithe cásanna beidh an líon leabhar achomhairc is gá mar seo a leanas;

  1. I gcás a bheidh le héisteacht ag triúr, sé cinn;
  2. I gcás a bheidh le héisteacht ag cúigear, ocht gcinn;
  3. I gcás a bheidh le héisteacht ag seachtar, deich gcinn.

30.      Deimhniú Ullmhachta

I gcomhréir le forálacha Ordú 58 riail 26 (1) beidh an Deimhniú Ullmhachta san fhoirm ar ceanglaíodh leis an treoir chleachtais seo.

Neamhchomhlíonadh

31.      D'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na hiarmhairtí seo a leanas a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh ceanglas den treoir chleachtais seo-

(a)        I gcás ina mbaineann an neamhchomhlíonadh sin le mainneachtain ceanglais an ordaithe cleachtais seo a chomhlíonadh maidir le doiciméad nó leabhar achomharc, féadfaidh an Cláraitheoir diúltú don doiciméad nó don leabhar achomhairc,

(b)       I ngach cás, féadfaidh an Chúirt Uachtarach nó breitheamh bainistithe cásanna ordú den chineál sin a thabhairt de réir mar a mheasann an chúirt nó an Breitheamh a bheith cuí, lena n-áirítear:

  1. neamhaird a dhéanamh d'aighneachtaí, iad a dhícheadú nó a scriosadh amach, go hiomlán nó i bpáirt;
  2. an neamhchomhlíonadh sin a chur san áireamh le linn aon ordú le haghaidh costas a dhéanamh lena n-áirítear orduithe ar leithligh a dhéanamh le haghaidh costais i leith aighneachtaí agus fritháirimh maidir le costais;
  3. ordú a dhéanamh de réir alt 7(8) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 maidir le mainneachtain déanamh de réir a chéile, lena n-áirítear ordú ag díbhe an achomhairc nó ag scriosadh amach an Fhógra Achomhairc agus orduithe iarmhartacha le haghaidh costas.

Tosú agus cúlghairm an treoir cleachtais roimhe seo

32.

  1. Tiocfaidh an treoir chleachtais seo i bhfeidhm ar an 29ú lá de Dheireadh Fómhair 2014.
  2. Beidh treoir chleachtais an 19ú lá de mhí na Nollag 2008 fós i bhfeidhm ar achomhairc a tionscnaíodh (i.e. nuair a seirbheáladh fógra achomhairc ar cheann amháin nó níos mó de na páirtithe a mbaineann an t-achomharc leo) roimh 28ú lá de mhí Dheireadh Fómhair. 2014
  3. Ach amháin mar a fhoráiltear amhlaidh, cúlghairtear leis seo treoir an 19ú lá de mhí na Nollag 2008.

Susan Denham
Príomh-Bhreitheamh
​29 Deireadh Fómhair 2014

______________________________________

Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir Chleachtais SC16 - Deimhniú Ullmhachta

Ráiteas ó Clarke J. maidir le nithe atá ag éirí as feidhmiú rialacha nua na Cúirte Uachtaraí agus na treorach cleachtais reachtúla

Supreme Court