SC23

Rochtain ar Chomhaid Cúirte sna hUaschúirteanna (04/02/2022)

Leis seo, eisíonn an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus Uachtarán na hArd-Chúirte an Treoir Chleachtais seo i gcomhréir le halt. 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2020.

Rochtain ar Chomhaid Cúirte sna hUaschúirteanna

  1. Eisítear an Treoir Chleachtais seo chun téarmaí Threoir Chleachtais SC 20, a shíneadh ach amháin sa mhéid go ndéantar foráil leis seo chun rochtain ar chomhaid Cúirte a thabhairt do Chomhairle Corpraithe na dTuairiscí Dlí d'Éirinn chun críocha tuairiscithe.  Maidir leis na hiarratas eile ar rochtain ar chomhaid Cúirte agus cóipeanna de dhoiciméid ar chomhad Cúirte, beidh TC C 20 fós i ngníomhú.
     
  2. Beidh Comhairle Corpraithe na dTuairiscí Dlí d'Éirinn i dteideal rochtain ar chomhaid a fháil in oifigí na nUaschúirteanna faoi réir dianchomhlíonta i gcomhréir le téarmaí an phrótacail nó na bprótacal sin a chomhaontófar ó am go ham idir an Chomhairle agus Uachtarán na gCúirteanna faoi seach. Tabharfar aon phrótacal den sórt sin don oifig Cúirte iomchuí.
     
  3. Eisíonn gach sínitheoir anseo thíos an treoir chleachtais seo maidir leis an gcúirt ina bhfuil sé/sí ina (h)Uachtarán uirthi, agus beidh feidhm aige dá réir sin ar chomhaid imeachtaí os comhair gach cúirte dá réir sin.
     
  4. Tiocfaidh an treoir chleachtais seo i ngníomh an 4ú lá de mhí na Feabhra 2022.

Arna dhátú an 4ú lá seo de mhí na Feabhra 2022
Sínithe:

Donal O’Donnell
Príomh-Bhreitheamh

George Birmingham
Uachtarán na Cúirte Achomhairc

Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte

Supreme Court