SC20

Rochtain ar Chomhaid Cúirte sna hUaschúirteanna (09/04/2019)

  1. Is é aidhm na treorach cleachtais seo ná chun sláine na gcomhad cúirte a choimeádtar in oifigí na Cúirte Uachtaraí agus na Cúirte Achomhairc agus i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte. Tagann an treoir chleachtais seo chun chinn i gcomhthéacs an bhreithiúnais a tugadh san Ard-Chúirt (Kelly P.) in Michael and Thomas Butler Ltd & ors. -in aghaidh- Bosod Ltd & ors. [2018] IEHC 702.
     
  2. Ní chuirfear na comhaid a choimeádtar in Oifigí na nUaschúirteanna thuasluaite ar fáil do dhuine ar bith a bhfreastalóidh ar aon cheann de na hoifigí sin. D'fhonn amhras a sheachaint áirítear leis seo páirtithe sna himeachtaí agus na haturnaetha ar taifead.
     
  3. Ní chuirfear aon ní sa mhír 2. den treoir chleachtas seo cosc ar chóip de dhoiciméad ar chomhad a sholáthar d'aturnae ar taifead nó do pháirtí sna himeachtaí nuair nach bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil aige/aici tar éis an táille iomchuí dá bhforáiltear san Ordú Táillí a íoc.
     
  4. Eisíonn gach sínitheoir anseo thíos an treoir chleachtais seo maidir leis an gcúirt ina bhfuil sé ina uachtarán uirthi, agus beidh feidhm aige dá réir sin ar chomhaid imeachtaí os comhair gach cúirte dá réir sin.
     
  5. Tiocfaidh an treoir chleachtais seo i ngníomh an 29ú lá d'Aibreán 2019.

Arna dhátú an 9ú lá de mhí Aibreáin 2019
Sínithe

Frank Clarke
Príomh-Bhreitheamh

George Birmingham
Uachtarán na Cúirte Achomhairc

Peter Kelly
Uachtarán na hArd-Chúirte

Supreme Court