SC03

Ceapachán nótairí poiblí

De bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom faoi ordú 127 de Rialacha na Cúirte Uachtaraí (Uim. 2) de 1993, eisím leis seo na treoracha agus na rialacháin a leanas maidir le hiarratais a ndéantar le bheith ina nótaire pPoiblí.

  1. Roimh dó aon iarratas ar cheapachán mar Nótaire Poiblí a dhéanamh, sásóidh an t-iarratasóir Dámh na Nótairí Poiblí in Éirinn go bhfuil eolas dóthanach aige nó aici ar chúrsaí agus nósanna imeachta Nótaireachta agus na sainfhorálacha dlí a bhaineann le cúrsaí nótaireachta le bheith ina nótaire poiblí inniúil agus éifeachtúil má cheaptar é nó í.
     
  2. Má theipeann ar iarratasóir ar cheapachán mar nótaire poiblí an teastas inniúlachta thuasluaite a fháil ó Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn, eiseoidh an dámh scríbhinn ina luafar na fáthanna nár bronnadh an teastas.
     
  3. Má theipeann ar iarratasóir ar cheapachán mar Nótaire Poiblí an teastas inniúlachta thuasluaite a fháil ó Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn,* beidh sé nó sí fós i dteideal iarratas a dhéanamh ach mionnscríbhinn a chur leis an iarratas ag léiriú na bhfáthanna a luaigh an dámh leis an teastas a dhiúltú agus inar féidir fianaise eile a lua ar a mbeartaítear brath agus an t-iarratas a dhéanamh maidir le hinniúlacht.

AN PRÍOMH-BHREITHEAMH
Arna dhátú an 28ú lá de Mhárta 1994

Supreme Court