SC05

Aighneachtaí i scríbhinn

Ní dhéantar an treoir chleachtais maidir le haighneachtaí, innéacs tras-scríbhinne, innéacs doiciméid agus leabhair údarás a chomhlíonadh i go leor cásanna. Is minic go bhfágtar innéacs tras-scríbhinne agus innéacs doiciméid ar lár go háirithe i gcásanna ina gceanglaíonn coinníollacha a bhaineann leis an treoir chleachtais é agus is minic nach gcuirtear an leabhar údaráis isteach go dtí an-luath sula gcuirtear tús leis an éisteacht.

Iarrtar ar chleachtóirí aird faoi leith a thabhairt ar na ceanglais seo chun cuidiú le hobair na cúirte agus chun an úsáid is mó a bhaint as am cúirte.

Eiseoidh Oifig na Cúirte Uachtaraí cóipeanna den treoir chleachtais le deimhniú ullmhachta. Is féidir tuilleadh cóipeanna den treoir chleachtais a fháil ó Oifig na Cúirte Uachtaraí ach iad a iarraidh.

Ronan Keane,
Príomh-Bhreitheamh.
27 Márta 2003.

Supreme Court