SC19

Stiúradh imeachtaí sa Chúirt Uachtarach

Stiúradh imeachtaí sa Chúirt Uachtarach [Athbhreithnithe 30 Meán Fómhair, 2021]
(arna eisiúint faoi alt 7(7) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, a cuireadh isteach le mír (a)(iv) d’alt 44 den Acht um an gCúirt Achomhairc, 2014)

Sceideal A Foirmeacha
Schedule B Amlíne

Ginearálta

1. Réamhrá

(a) Sa treoir chleachtais seo:

ciallaíonn “breitheamh um iarratais ar chead” an Príomh-Bhreitheamh nó Breitheamh den Chúirt Uachtarach arna ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh faoi alt 7(6) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, arna chur isteach le halt 44 den Acht um an gCúirt Achomhairc, 2014, nuair a bheidh feidhmeanna á bhfeidhmiú aige faoin bhfo-alt sin i leith hiarratas ar chead achomhairc;

ciallaíonn “breitheamh um chásbhainistiú” an Príomh-Bhreitheamh nó Breitheamh den Chúirt Uachtarach arna ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh faoi alt 7(6) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, arna chur isteach le halt 44 d'Acht na Cúirte Achomhairc 2014, nuair a bheidh feidhmeanna á bhfeidhmiú aige faoin bhfo-alt sin maidir le himeachtaí inar deonaíodh cead achomharc;
Ciallaíonn “na rialacha” Rialacha na nUaschúirteanna;
Ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Uachtarach;
Ciallaíonn “an Oifig” Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí;
ciallaíonn “treoir chleachtais reachtúil” treoir chleachtais arna eisiúint faoi alt 7(7) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961;

ciallaíonn “córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí” an córas ríomhaireachta a sholáthraíonn an tSeirbhís Chúirteanna don Chúirt Uachtarach chun críche, inter alia, doiciméid a chomhdú san Oifig agus doiciméid a eisiúint nó a tharchur go leictreonach ón Oifig i gcás ina éilítear nó ina gceadaítear sin leis na rialacha nó le treoir chleachtais reachtúil, agus faoi réir chomhlíonadh na gceanglas maidir le rochtain ar an gcóras sin (lena n-áirítear ceanglais chun úsáideoir an chórais a aithint) a fhoilseofar ó am go ham ar shuíomh Gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna;

cuimsíonn tagairt do chomhdú doiciméad tagairt do thaisceadh an doiciméid sin;

aon tagairt d'fhoirm is tagairt í don fhoirm arna huimhriú sa Sceideal a ghabhann leis an treoir chleachtais reachtúil seo;
Ciallaíonn "Ordú 58” Ordú 58 de na rialacha;

cuimsítear sna tagairtí sa treoir chleachtais seo, comhdú doiciméad san Oifig nó leis an gCúirt comhdú nó tarchur go leictreonach i gcás ina n-éilítear nó ina gceadaítear sin leis na rialacha nó le treoir chleachtais reachtúil;

ciallaíonn tagairtí sa treoir chleachtais seo do chomhdú nó do tharchur doiciméid go leictreonach:

(i) an doiciméad sin a sheoladh i bhfoirm leictreonach agus úsáid á baint as an gcóras ríomhaireachta ar a dtugtar córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí i gcás ina bhfuil an córas sin á úsáid;

(ii) i gcás nach bhfuil córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí á úsáid, an doiciméad sin a sheoladh trí cheangaltán ríomhphoist san fhoirm agus/nó sa tslí a éilíonn nó a cheadaíonn na rialacha nó treoir chleachtais reachtúil,

agus forléireofar abairtí gaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn tagairtí sa treoir chleachtais d’eisiúint nó do tharchur doiciméad go leictreonach:

(i) an doiciméad sin a eisiúint nó a tharchur i bhfoirm leictreonach ag baint úsáid as an gcóras ríomhaireachta ar a dtugtar córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí más gá;

(ii) i gcás nach n-éilíonn an treoir chleachtais seo nó treoir chleachtais reachtúil eile úsáid a bhaint as córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí, an doiciméad sin a eisiúint nó a tharchur trí cheangaltán ríomhphoist san fhoirm agus/nó sa mhodh a éilíonn nó a cheadaíonn na rialacha nó treoir chleachtais reachtúil,

agus forléireofar abairtí gaolmhara dá réir sin.

(b) Eisítear an treoir chleachtais seo maidir le hachomhairc agus iarratais ar chead achomhairc a thionscnaítear de bhun na dlínse a thugtar don Chúirt leis na leasuithe ar an mBunreacht atá sa Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, a tháinig i bhfeidhm an 28 Deireadh Fómhair 2014.

(c) Cé go dtagraítear d’fhorálacha sonracha de na rialacha i gcás ina meastar gur cúnamh é sin, ba cheart an treoir chleachtais seo a léamh i dteannta na rialacha i gcoitinne, agus go háirithe d’Ordú 58 agus d’fhorálacha eile de na rialacha atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna: www.courts.ie.

Moltar do chleachtóirí atá ag gníomhú i, agus dlíthithe atá i láthair go pearsanta atá ina bpáirtithe in iarratais ar chead achomhairc agus achomhairc os comhair na Cúirte, iad féin a chur ar an eolas go hiomlán ar fhorálacha Ordú 58.   

2. Stiúradh imeachtaí i gcoitinne

(a) Éilíonn Ordú 58 riail 2(1) go n-ullmhófar gach iarratas, achomharc agus ábhar eile os comhair na Cúirte lena éisteacht nó lena gcinneadh ar mhodh atá cóir, gasta agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí a íoslaghdú.

(b) Tá sé de dhualgas ar na páirtithe a chinntiú go ndéanfar gach beart sna himeachtaí os comhair na Cúirte go dlúsúil agus laistigh den tréimhse ama a fhorordaítear leis na rialacha agus leis an treoir chleachtais reachtúil seo.

Iarratais ar Chead Achomhairc

3. Iarratais ar Chead

(1) Tarraingítear aird cleachtóirí agus páirtithe ar fho-ailt (10) agus (11) d’alt 7 d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, arna chur isteach le halt 44 den Acht um an gCúirt Achomhairc 2014, a fhorálann mar seo a leanas:

“(10) Faoi réir fho-alt (11), féadfaidh an Chúirt Uachtarach na hiarratais seo a leanas a chinneadh ar shlí seachas trí éisteacht ó bhéal:
(a) iarratas lena n-iarrtar cead achomhairc i gcoinne breith ón gCúirt Achomhairc nó ón Ard-Chúirt, de réir mar a bheidh, (dá ngairtear ‘cead achomhairc’ san alt seo);
(b) iarratas dá dtagraítear in Airteagal 64.3.3° den Bhunreacht;
(c) iarratas dá dtagraítear in Airteagal 64.4.1° den Bhunreacht.

(11) Féadfaidh an Chúirt Uachtarach, i gcás gur dóigh léi gur iomchuí déanamh amhlaidh, tar éis na doiciméid arna dtaisceadh i leith iarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (10) a bhreithniú, a ordú go ndéanfar an t-iarratas, nó aon ní a eascróidh as an iarratas, a chinneadh trí éisteacht ó bhéal."

(2) Foirm iarratais ar chead achomhairc

(a) Breithníonn an Chúirt ar a mbeidh triúr breithiúna ar a laghad iarratais ar chead achomhairc. De ghnáth cinntear iarratais ar na doiciméid mura n-ordaíonn an Chúirt a mhalairt.  Tá sé riachtanach go mbeadh an t-iarratas san fhoirm cheart. Éilíonn Ordú 58, riail 15, go dtabharfar gach iarratas ar chead achomhairc a dhéanamh chun na Cúirte trí fhógra iarratais ar chead achomhairc a chomhdú san Oifig, agus is i d'Fhoirm Uimh.1 a bheidh an fógra sin. Ba chóir an fhoirm a chomhlánú i bhformáid Word, agus í a shábháil nuair is gá í a chomhdú go leictreonach, a bheith i méid páipéir A4 agus ceangailte go daingean ar thaobh na láimhe clé. Nuair a bheartaítear í a chomhdú i gcóip chrua, is féidir an fhoirm seo a íoslódáil ó www.courts.ie i bhformáid Word.

(b) Ní mór don iarratas:

(i) i gcás iarratais ar chead achomhairc ón gCúirt Achomhairc (faoi Airteagal 34.5.3° den Bhunreacht nó ón Ard-Chúirt (faoi Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht) i gcás ina n-áitítear achomharc a dhéanamh ba cheart iad a cheadú ar bhonn ábha(i)r a bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta ag baint leo:

leag amach an t-ábhar nó na hábhair a líomhnaítear a bheith ina n-ábha(i)r a bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta ag baint leo a thugann údar le hachomharc chun na Cúirte Uachtaraí go cruinn agus go hachomair, i míreanna uimhrithe agus gan níos mó ná 500 focal (cuid 7 d’Fhoirm Uimh. 1);

agus/nó

(ii) i gcás iarratais ar chead achomhairc ón gCúirt Achomhairc (faoi Airteagal 34.5.3° den Bhunreacht) nó ón Ard-Chúirt (faoi Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht) i gcás ina n-áitítear achomharc a dhéanamh ba cheart iad a cheadú ar bhonn leasanna an cheartais:

na nithe a rabhthas ag brath orthu a leagan amach go cruinn agus go hachomair, i míreanna uimhrithe agus gan níos mó ná 300 focal, (cuid 8 d'Fhoirm Uimh. 1);

(iii) i gcás iarratais ar chead achomhairc ón Ard-Chúirt (faoi Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht), leag amach go cruinn agus go hachomair, i míreanna uimhrithe agus gan níos mó ná 300 focal na himthosca eisceachtúla ina n-áitítear gur gá cead achomhairc a dheonú (cuid 9 d’Fhoirm Uimh. 1). 

(c) Níor cheart go mbeadh forais an achomhairc, atá le leagan amach san fhógra achomhairc atá ag gabháil le Foirm Uimh. 1, níos mó ná 2 leathanach de mhéid A4 i bhformáid Word (le clómhéid 12 Times New Roman nó a mhacasamhail, le spásáil línte 1.5 agus imill 2.5 cm ag barr, ag bun, agus ar gach taobh) ag cur san áireamh go mbeidh breithiúna(i)s na cúirte/na gcúirteanna thíos ar fáil don Chúirt.

(d) Ní mór fógra iarratais ar chead achomhairc a bheith sínithe ag aturnae an iarratasóra nó (mura bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil ag an iarratasóir) ag an iarratasóir.

(e) (i) Iarratas faoi Ordú 58, riail 4 chun aon teorainn ama a shíneadh nó a ghiorrú (gan iarratas ar shíneadh ama chun iarratas a dhéanamh ar chead achomhairc a dhéanamh nó chun fógra freagróra a chomhdú san áireamh) mar atá leagtha síos ag na rialacha nó ag an teorainn ama nó teorainn focal a leagtar síos leis an treoir chleachtais seo agus
(ii) aon iarratas eile nach gceanglaítear é a dhéanamh chun painéil den Chúirt,
déanfar,

          (I) i gcás inar gá é a dhéanamh sula mbreithneoidh an Chúirt iarratas ar chead achomhairc, chun an Bhreithimh um Iarratais ar Chead é agus

          (II) i gcás inar gá é a dhéanamh tar éis iarratas ar chead achomhairc a dheonú, chun an bhreithimh um chásbhainistiú é.

(f) I gcás ina leagann an treoir chleachtais seo teorainn focal le haghaidh téacs i ndoiciméad, ba cheart líon na bhfocal a úsáidtear a thaifeadadh san áit iomchuí ar an doiciméad.

(g) Forálann Ordú 58, riail 14(1) go bhféadfaidh an Cláraitheoir diúltú d’aon fhógra achomhairc nó do dhoiciméad eile a eisiúint nach gcomhlíonann ceanglais an Ordaithe sin nó ceanglais aon treoir chleachtais reachtúil a bhaineann leis an iarratas nó achomharc i gceist.

D’fhéadfadh sé seo tarlú, mar shampla, sna cásanna seo a leanas: go ndealraíonn sé go bhfuil na hábhair nó na forais atá leagtha amach rófhada gan dóthain míniú; i gcás ina dteipeann ar an iarratas na hábhair a luaitear i bhfomhír 2(b) den mhír seo a aithint; nuair nach bhfuil an t-iarratas inléite nó mura gcuirtear ar fáil san fhoirm riachtanach é.

Féadfaidh páirtí arb éagóir leis an diúltú sin iarratas a dhéanamh i scríbhinn laistigh de 14 lá ón diúltú

(i) i gcás nach bhfuil cinneadh déanta fós ar an iarratas ar chead achomhairc, chuig an mbreitheamh um iarratais ar chead

(ii) i gcás inar deonaíodh an t-iarratas ar chead, chuig an mbreitheamh um chásbhainistiú, nó
(iii) chuig an gCúirt

de réir mar a éilíonn an comhthéacs, eisiúint an doiciméid a údarú                                                                          (Ordú 58, riail 14(2)).

(h) Déanfar Foirm Uimh. 1 a thaisceadh san Oifig de réir Ordú 58, riail 16(1) laistigh de 21 lá ó chomhlánú an ordaithe a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh. Mura bhfuil córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí in úsáid, ba cheart cóip i bhformáid Word a sheoladh go leictreonach chuig an Oifig ar lá an chomhdúcháin ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: supremecourtapps@courts.ie. 

(i) Ní mór cóip fhianaithe den ordú óna n-iarrtar cead achomhairc a chomhdú leis an iarratas (mar a cheanglaítear le hOrdú 58, riail 16(1)). I gcás go bhfuil breithiúnas tugtha i scríbhinn, ba cheart cóip fhianaithe de arna fhaomhadh ag an gcúirt thíos a chomhdú leis an bhfógra iarratais ar chead achomhairc nó, mura bhfuil sé ar fáil ag an am sin, ní mór é a chomhdú go gasta tar éis dó a bheith ar fáil (mar a cheanglaítear le hOrdú 58, riail 16(3)).

(3) Seirbhís

(a) Ní mór cóip den fhógra iarratais ar chead achomhairc a sheirbheáil ar na páirtithe go léir a ndéanfaidh an t-iarratas ar chead achomhairc nó achomharc a dhéanamh difear dóibh an lá céanna a chomhdaítear an t-iarratas (mar a cheanglaítear le hOrdú 58, riail 17). (1)).

(b) Ní mór deimhniú seirbheála (lena dtugtar ainm iomlán agus seoladh an fhreagróra / na bhfreagróirí nó aturnae an fhreagróra / na bhfreagróirí) a chomhdú mar aon leis an leabhrán iarratas ar chead a luaitear i mír 8. Ní mór don teastas a bheith sna téarmaí seo a leanas: "Deimhním gur seirbheáladh an _________ ar ____________ar an___lá de ___20__ ar an modh seo a leanas_____________sínithe___________"

(c) I gcásanna díospóide féadfaidh an Chúirt a éileamh go ndéanfar seirbheáil a chruthú le mionnscríbhinn seirbheála a chomhlíonann ceanglais Ordú 58 riail 5(3).

4. Síneadh ama

(a) I gcás nach bhfuil iarratasóir in ann iarratas ar chead achomhairc a chomhdú laistigh den teorainn ama iomchuí, ní mór iarratas ar shíneadh ama a dhéanamh i gcuid 6 d'Fhoirm Uimh.1.

(b) Ba cheart tuairimí an fhreagróra maidir leis an síneadh ama a lorg agus, más féidir, ba cheart na tuairimí sin a chur in iúl leis an iarratas ar chead achomhairc.

(c) I gcás inar gá d’iarratasóir iarratas a dhéanamh ar éisteacht thosaíochta, ní mór iarratas a dhéanamh, gan níos mó ná 100 focal, i gcuid 11 d’Fhoirm Uimh. 1.

5. Fógra an Fhreagróra

(a) Ní mór do gach freagróir, laistigh de shé seachtaine ó chomhlánú an ordaithe óna n-iarrtar cead achomhairc nó mar mhalairt air sin laistigh de 21 lá ó chomhdú an Iarratas ar Chead Achomhairc i gcás nach gcomhdaítear an tIarratas laistigh de 21 lá ó chomhlánú an orduithe, comhdú san Oifig agus fógra an fhreagróra a sheirbheáil i bhFoirm Uimh. 2. Is féidir an fhoirm a íoslódáil ó www.courts.ie i bhformáid Word.

(b) Ní mór d'fhógra an fhreagróra:

(i) i gcás iarratais ar chead achomhairc ón gCúirt Achomhairc (faoi Airteagal 34.5.3° den Bhunreacht) nó ón Ard-Chúirt (faoi Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht) ar bhonn ábha(i)r a bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta ag baint leis / leo

(I) i gcás ina gcuireann an freagróir i gcoinne iarratais ar chead achomhairc a dhéanamh ar bhonn ábha(i)r a bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta ag baint leis/leo:
Leag amach, go cruinn agus go hachomair, i míreanna uimhrithe, gan níos mó ná 500 focal, na forais ar a n-áitítear, nach mbaineann an t-ábhar le hábhar a bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta ag baint leis;
(II) i gcás nach gcuireann an freagróir i gcoinne iarratais ar chead achomhairc a dhéanamh ar bhonn ábha(i)r a bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta ag baint leis/leo:
leag amach an t-ábhar nó na hábhair a líomhnaítear a bheith ina n-ábha(i)r a bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta ag baint leis/leo a thugann údar le hachomharc chun na Cúirte Uachtaraí go cruinn agus go hachomair, i míreanna uimhrithe gan níos mó ná 500 focal;
(cuid 6 d'Fhoirm Uimh. 2);

(ii) i gcás iarratais ar chead achomhairc ón gCúirt Achomhairc (faoi Airteagal 34.5.3° den Bhunreacht) nó ón Ard-Chúirt (faoi Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht) ar bhonn leasanna an cheartais:

(I) i gcás ina gcuireann an freagróir in aghaidh iarratas ar chead chun achomharc a dhéanamh ar bhonn leasanna an cheartais:
Leag amach go cruinn agus go hachomair, le do thoil, i míreanna uimhrithe agus gan níos mó ná 300 focal, na forais ar a líomhnaítear nach gá achomharc a dhéanamh ar mhaithe leis an gceartas;
(II) i gcás nach gcuireann an freagróir in aghaidh iarratas ar chead achomhairc ar bhonn leasanna an cheartais:
Leag amach go cruinn agus go hachomair, i míreanna uimhrithe agus gan níos mó ná 300 focal, na forais ar a n-áitítear gur gá achomharc a dhéanamh ar mhaithe leis an gceartas;
(cuid 7 d'Fhoirm Uimh. 2);

(iii) i gcás iarratais ar chead achomhairc ón Ard-Chúirt (faoi Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht) -

(I) i gcás ina gcuireann an freagróir i gcoinne áitiú an iarratasóra go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a thugann údar maith le cead achomhairc a dheonú:
Leag amach, go cruinn agus go hachomair, le do thoil, i míreanna uimhrithe gan níos mó ná 300 focal, na forais ar a n-áitítear nach bhfuil aon imthosca eisceachtúla ann ar gá achomharc a dhéanamh;
(II) i gcás nach gcuireann ina gcuireann an freagróir i gcoinne áitiú an iarratasóra go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a thugann údar maith le cead achomhairc a dheonú:
Leag amach, go cruinn agus go hachomair, le do thoil, i míreanna uimhrithe gan níos mó ná 300 focal, na forais ar a n-áitítear go bhfuil imthosca eisceachtúla ann ar gá achomharc a dhéanamh
(cuid 8 d'Fhoirm Uimh. 2);

 (iv)

(I) Má tá sé i gceist tras-iarratas a dhéanamh ar chead achomhairc, leag amach go cruinn agus go hachomair, i míreanna uimhrithe, an t-ábhar/na hábhair a líomhnaítear a bheith ina ábha(i)r a bhfuil tábhacht phoiblí ghinearálta ag baint leis/leo, nó ar mhaithe leis an gceartas a thugann údar le trasachomharc chun na Cúirte Uachtaraí;

Má lorgaítear tras-iarratas ar chead achomhairc a dhéanamh go díreach ó chinneadh na hArd-Chúirte, leag amach go cruinn agus go achomair, i míreanna uimhrithe, na himthosca eisceachtúla ar a n-áitítear go bhfuil gá lena leithéid de bhealach (cuid 10 d'Fhoirm Uimh. 2);

(v) Má tá sé beartaithe iarratas a dhéanamh chun na forais bhreise sin a athrú (i.e. forais bhreise a chur ar aghaidh ar cheart an cinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina leith a dhearbhú) leag amach go cruinn agus go hachomair, i míreanna uimhrithe na forais bhreise sin

(cuid 11 d'Fhoirm Uimh. 2).

(c) I gcás nach bhfuil freagróir in ann fógra freagróra a chomhdú laistigh den teorainn ama iomchuí, féadfar iarratas ar shíneadh ama a dhéanamh i gcuid 3 de Fhoirm 2.

d) Mura bhfuil córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí in úsáid, ba cheart cóip i bhformáid Word a sheoladh go leictreonach chuig an Oifig ar lá an chomhdúcháin ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: supremecourtapps@courts.ie.

(e) Ní mór deimhniú seirbheála an fhógra (ag tabhairt ainm iomlán agus seoladh an duine nó na ndaoine a seirbheáladh) agus ceithre chóip a chomhdú laistigh de sheacht lá ón tseirbheáil deiridh. Caithfidh an deimhniú a bheith san fhoirm atá leagtha amach in alt 3(3)(b).

(f) I gcás nach bhfuil fógra freagróra comhdaithe laistigh den tréimhse a luaitear i bhfomhír (a) den mhír seo, eiseofar litir nó ríomhphost ón Oifig chuig na páirtithe á léiriú -

(i) go gcuirfear na doiciméid os comhair painéil den Chúirt lena mbreithniú láithreach tar éis seacht lá a bheith caite ó dháta na litreach nó an ríomhphoist
(ii) féadfar fógra an fhreagróra a chomhdú laistigh den tréimhse bhreisithe seacht lá sin agus
(iii) féadfaidh an painéal lena mbaineann dul ar aghaidh chun an t-iarratas a bhreithniú mura bhfuil aon fhógra freagróra comhdaithe.

(g) Mar a fhoráiltear in Ordú 58, riail 18(5), mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ní bhfaighidh freagróir nach gcomhdaíonn fógra faoin riail sin aon chumarsáid bhreise ón Oifig maidir leis an achomharc.

6. Anaithnideacht agus srianta tuairiscithe

In aon iarratas a bhaineann le leanaí nó i gcás ina n-eascraíonn srianta tuairiscithe nó foilsithe ar shlí eile trí oibriú dlí nó orduithe cúirte, ba cheart do na páirtithe, chomh maith le breithniú a dhéanamh ar theideal an cháis atá le húsáid, a mheas freisin an mbeadh sé oiriúnach don Chúirt ordú a dhéanamh a shrianfadh foilsiú nó tuairisciú. Ba cheart do na páirtithe an Oifig a chur ar an eolas i gcónaí má tá ordú den sórt sin déanta ag cúirt thíos. Ba cheart aon iarratas ar ordú den sórt sin atá á dhéanamh ag an gCúirt agus aon agóidí i gcoinne ordú den sórt sin a dhéanamh trí litir i scríbhinn chuig an gCláraitheoir, a luaithe is féidir tar éis iarratas ar chead a chomhdú i ngach cás ag leagan amach an bunús dlí ar a n-iarrtar nó ar a gcuirtear ina gcoinne, agus déanfar cóip den litir sin a sheachadadh ag an am céanna ar aon pháirtí eile.

7. Foilsiú

(a) Ní fhoilseofar an t-iarratas ar chead achomhairc agus fógra an fhreagróra ach faoi réir aon athruithe a éilítear de réir an dlí ar www.courts.ie nuair a bheidh cinneadh déanta ag an gCúirt ar an iarratas.

(b) Níor cheart go mbeadh aon eolas san iarratas nó san fhógra a bhfuil toirmeasc ar a fhoilsiú le haon achtachán nó riail dlí nó ordú cúirte.

(c) Más rud é go bhfuil eolas den sórt sin san iarratas nó san fhógra ní mór don pháirtí iomchuí leagan athchóirithe de dhoiciméad an pháirtí sin a chomhdú san Oifig laistigh de 7 lá ó chomhdú an iarratais i bhformáid leictreonach, óna gcaithfear an t-eolas sin a scriosadh. Ba cheart an leagan seo a chur ar ríomhphost chuig: supremecourtapps@courts.ie.

(d) Tá sé de fhreagracht ar na páirtithe a chinntiú nach mbíonn ábhar scannalach, maslach nó cráiteach sna doiciméid.

8. Leabhrán ar iarratas ar chead

(a) De réir Ordú 58 riail 19, ceanglaítear ar an iarratasóir, laistigh de sheacht seachtaine ó chomhlánú an ordaithe óna n-iarrtar cead achomhairc a dhéanamh, nó cibé síneadh ama a cheadófar, comhdú go leictreonach agus mura bhfuil córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí in úsáid, ceithre chóip chrua de leabhrán ina bhfuil cóipeanna díobh seo a leanas a chomhdú san Oifig:

(i) an fógra iarratais ar chead
(ii) fógra an fhreagróra má dhéantar é a chomhdú agus a sheirbheáil;
(iii) an t-ordú óna n-iarrtar cead achomhairc;
(iv) an breithiúnas ceadaithe ar a ndearnadh an t-ordú sin;
(v) aon ordú deiridh nó orduithe ó na cúirteanna eile go léir ar bhonn níos ísle sna himeachtaí
(vi) aon bhreithiúnas nó breithiúnais ceadaithe ag na cúirteanna eile go léir ar bhonn níos ísle sna himeachtaí;
(vii) deimhniú seirbheála, san fhoirm atá leagtha amach i bparagraf 3(3)(b), den iarratas ar chead ar gach freagróir ar a seirbheáladh é.

(b) i gcás ina ndearnadh an t-ordú óna n-iarrtar cead achomhairc in imeachtaí coiriúla, beidh sa leabhrán freisin gach ceann de na hábhair seo a leanas i gcás ina mbaineann an mhír le haon saincheist a ardaíodh san iarratas ar chead achomhairc:

(i) cóip den díotáil;
(ii) tras-scríbhinn d'óráid tosaigh abhcóide an ionchúisimh;
(iii) i gcás ina mbaineann achomharc le saincheist áirithe a ardaíodh sa triail, tras-scríbhinn na fianaise, na haighneachtaí agus an rialú a bhaineann leis an tsaincheist sin;
(iv) cóip d'aon fhoilseán iomchuí;
(v) tras-scríbhinn d’óráidí deiridh abhcóidí an ionchúisimh agus na cosanta; agus
(vi) tras-scríbhinn chúiseamh an bhreithimh chuig an ngiúiré a mhéid a bhaineann leis an tsaincheist nó, i gcás inar mhair an triail trí lá nó níos lú, an tras-scríbhinn iomlán.

(c) Ní mór na cóipeanna crua dá dtagraítear i bhfomhír (a) a bheith uimhrithe 1 go 4, lipéadaithe agus innéacsaithe i gceart.

(d) Níl aon doiciméid eile ag teastáil agus ní ghlacfar le doiciméid seachas na cinn atá liostaithe thuas mura n-iarrann an Chúirt é. Ní ghlacfar le doiciméid nach bhfuil inléite go soiléir nó nach bhfuil sa stíl nó san fhoirm riachtanach.

(e) I gcás nach gcomhdófar na doiciméid riachtanacha laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (a), seolfar litir nó ríomhphost chuig an iarratasóir ag cur in iúl—

(i) ceal leabhrán den sórt sin a bheith comhdaithe de réir cibé síneadh ama a d’fhéadfadh a bheith deonaithe nó ceadaithe laistigh de sheacht lá eile ó dháta na litreach nó ríomhphost, cuirfear an t-ábhar os comhair painéil den Chúirt láithreach lena bhreithniú, agus
(ii) féadfaidh an painéal sin an t-iarratas a dhíbhe.

9. Breithniú

(a) Nuair a bheidh breithniú déanta ag an gCúirt ar na doiciméid a comhdaíodh féadfaidh sí ansin:

(i) a ordú go ndéanfar aighneachtaí i scríbhinn maidir leis an iarratas ar chead achomhairc a chomhdú;
(ii) cead achomhairc a dhiúltú;
(iii) cead a dheonú ar gach foras nó ar forais sonraithe;
(iv) éisteacht ó bhéal a ordú mar aon le haighneachtaí i scríbhinn a chomhdú nó gan é sin a dhéanamh
(v) cuireadh a thabhairt do na páirtithe aighneachtaí i scríbhinn a chomhdú maidir le deonú cead ar théarmaí cibé acu ó thaobh costais nó eile.

(b) Tugann an Chúirt cúiseanna gearra le cead achomhairc a thabhairt nó a dhiúltú (féach alt 7(15) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, arna chur isteach le halt 44 den Acht um an gCúirt Achomhairc 2014).

(c) Foilseofar cinneadh na Cúirte ar an iarratas ar www.courts.ie.

10. Diúltiú cead

Má chinneann an Chúirt gur cheart cead a dhiúltú, cuirtear in iúl do na páirtithe go ndiúltaítear don iarratas agus seolann an Oifig cóip den chinneadh a dheimhníonn cinneadh na Cúirte chucu.

11. Cead iomlán tugtha

Má chinneann an Chúirt gur chóir glacadh le hachomharc gan imeachtaí eile, deonaíonn sí cead iomlán agus cuireann an Oifig cóip den chinneadh a dheimhníonn cinneadh na Cúirte chuig na páirtithe.

12. Cead tugtha ar théarmaí

Má tá breithniú á dhéanamh ag an gCúirt ar chead achomhairc a dheonú ar théarmaí:

(a) Beartaíonn an Chúirt na téarmaí agus tá an ceart ag na páirtithe aighneachtaí a dhéanamh ar na téarmaí atá beartaithe laistigh de 14 lá ó dháta thogra na Cúirte;

(b) déanfaidh an Chúirt cinneadh ansin an ndeonófar cead (gan choinníoll nó ar théarmaí);

(c) féadfaidh achomharcóir ionchasach dá ndeonaítear cead achomhairc faoi réir téarmaí nach bhfuil sé nó sí toilteanach glacadh leo diúltú leanúint leis an achomharc;

(d) i gcás iarratas ar chead achomhairc ón Ard-Chúirt faoi Airteagal 34.5.4° den Bhunreacht, go ndiúltaíonn achomharcóir ionchasach dul ar aghaidh ar bhonn na dtéarmaí a mhol an Chúirt, féadfaidh an t-achomharcóir ina ionad sin achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc faoi réir aon fhorálacha dlí a rialaíonn nó a theorannaíónn teideal an pháirtí sin chun achomharc den sórt sin a dhéanamh.

13. Iarratas curtha ar aghaidh le haghaidh éisteacht ó bhéal

(a) I gcásanna inar gá argóint bhreise a dhéanamh, tarchuirtear iarratas ar chead achomhairc le haghaidh éisteacht ó bhéal.

(b) Nuair a tharchuirtear iarratas ar éisteacht ó bhéal, cuirtear dáta na héisteachta in iúl don achomharcóir agus do gach freagróir a bhfuil fógra freagróra comhdaithe acu faoi Ordú 58, riail 18(1). Féadfaidh abhcóide, aturnae, nó i láthair go pearsanta éisteacht leis na páirtithe os comhair na Cúirte. Má chuirtear abhcóidí ar an eolas ba chóir do na haturnaetha a chinntiú go gcuirtear a n-ainmneacha in iúl don Chláraitheoir.

(c) Seolann an Oifig fógra chuig na páirtithe go léir tar éis chinneadh na Cúirte.

14. Idirghabhálacha in iarratais ar chead achomhairc

Féadfaidh aon duine atá ag iarraidh idirghabháil a dhéanamh in iarratas ar chead, ar an gcéad dul síos, scríobh chuig an gCláraitheoir ag cur síos ar an mbonn atá leis an idirghabháil bheartaithe agus ba chóir an comhfhreagras seo a chóipeáil chuig an achomharcóir agus chuig aon pháirtí eile san iarratas. Má thugtar cead achomhairc, ní mór iarratas foirmiúil a dhéanamh más mian leis an idirghabhálaí idirghabháil a dhéanamh san achomharc. Féach freisin Ordú 58, rialacha 3(1) agus 3(2).

15. Costais

(a) I gcás ina gcinnfear iarratas nár éirigh leis ar chead achomhairc gan éisteacht ó bhéal, féadfaidh an Chúirt costais a dhámhachtain ar iarratas a dhéanamh trí litir atá dírithe chuig an gCláraitheoir, agus cuirfear cóip di ag an am céanna chuig na páirtithe iomchuí go léir eile a luaithe is féidir tar éis fógra a thabhairt i dtaobh chinneadh na Cúirte.

(b) Má fhéachann páirtí ar bith eile le cur i gcoinne iarratas den sórt sin ba cheart don pháirtí sin laistigh de 14 lá tar éis cóip den litir sin a fháil -

(i) aon chúis a leagan amach go hachomair i scríbhinn trí litir a bheidh dírithe chuig an gCláraitheoir nach ceart don Chúirt a lánrogha a fheidhmiú ordú a dhéanamh i leith chostais an iarratais ar chead achomhairc i bhfabhar an iarratasóra agus

(ii) ag an am céanna cóip den litir sin a sheachadadh chuig gach páirtí eile.

(c) Nuair a tharchuirtear iarratas ar chead achomhairc a dhéanamh le haghaidh éisteachta ó bhéal agus go ndéantar é a dhíbhe, ní mór don fhreagróir aon iarratas ar chostais a dhéanamh ag deireadh na héisteachta. Ní dhéanfar aon ordú le haghaidh costas mura ndéantar iarratas ag an am sin.

(d) I gcás go ndeonaítear cead achomhairc, éiríonn costais an iarratais ar chead achomhairc ina chostais san achomharc.

(e) Go hiondúil is ar an bhfreagróir a dhámhfar na costais réasúnacha a bhaineann le cur i gcoinne iarratais nár éirigh leis ar chead achomhairc, faoi réir rogha na Cúirte. Má dheonaítear cead achomhairc, éiríonn costais fhógra an fhreagróra ina chostais san achomharc.

16. Iarratais Idirbhreitheacha

Mar a fhoráiltear in Ordú 58 riail 27(5) ní fhéadfar aon iarratas ar fhaoiseamh idirbhreitheach (lena n-áirítear aon fhaoiseamh mar fhanacht nó urrús ar chostais) a dhéanamh sula gcinnfear an t-iarratas ar chead. Tá Foirm Uimh. 4 le húsáid le haghaidh gach iarratas idirbhreitheach chuig an gCúirt a thabharfar de réir Ordú 58 riail 27(1).

17. Fógra go bhfuil ar intinn dul ar aghaidh a chomhdú

I gcás ina ndeonóidh an Chúirt cead achomhairc, beidh an chuid sin den fhógra achomhairc ina mbeidh na forais ar deonaíodh cead (agus gan aon fhorais achomhairc ar diúltaíodh cead achomhairc) mar fhógra achomhairc agus tá na forais achomhairc teoranta dóibh siúd ar deonaíodh cead. Ní mór don achomharcóir, laistigh de sheacht lá tar éis don Chúirt cead achomhairc a dheonú, fógra a chomhdú i bhFoirm Uimh. 3 go bhfuil sé ar intinn aige nó aici dul ar aghaidh leis an achomharc agus an fógra sin a sheirbheáil ar gach ceann de na freagróirí san achomharc. Mar mhalairt air sin, ní mór don achomharcóir fógra i scríbhinn a chomhdú go bhfuil ar intinn an t-achomharc a tharraingt siar nó a thréigean.

18. Iarratais Phráinneacha

(a) Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh ó am go ham trí fhógra, a bheidh i gceangal leis nó le foilsiú leis an treoir cleachtais reachtúil seo, catagóirí iarratas a bheidh faoi réir nós imeachta brostaithe a shonrú agus féadfaidh sé na teorainneacha ama agus na nósanna imeachta speisialta a shonrú a bheidh infheidhme maidir leis na catagóirí sin.

(b) I gcásanna práinneacha eile, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do chásanna a bhaineann le saoirse an duine aonair, idirghabháil leighis phráinneach nó gá práinneach le folláine linbh a chinntiú, féadfar iarratas ar bhrostú a dhéanamh. I gcás den sórt sin, beidh litir chuig an gCláraitheoir mar aon le hiarratas ar chead achomhairc agus seolfar cóip de ag an am céanna chuig an bhfreagróir á iarraidh go ndéanfaí an t-iarratas a bhrostú agus ag cur in iúl na cúiseanna atá leis an iarratas, agus déanfar cóip den litir sin a sheirbheáil in éineacht leis an bhfógra iarratais ar chead achomhairc. Ní mór do na páirtithe a chur in iúl don Chláraitheoir nuair a thagann na himeachtaí faoin gCoinbhinsiún ar Ghnéithe Sibhialta d’Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (Coinbhinsiún na Háige) nó faoi Rialachán leasaithe na Bruiséile II.

(c) Le go mbeadh an Chúirt in ann deifir a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt na teorainneacha ama agus na treoracha cleachtais a bhaineann le hiarratais agus achomhairc de ghnáth a chur ar leataobh nó a athrú.

(d) Féadfar nósanna imeachta giorraithe agus rialacha speisialta maidir le doiciméid a tháirgeadh a chur i bhfeidhm chun freastal ar imthosca gach iarratais agus achomhairc.

Stiúradh Achomhairc

19. Cásbhainistiú

(a) Faoi réir aon ordacháin a fhéadfar a thabhairt ag an éisteacht ar chásbhainistiú dá dtagraítear i gCuid VIII d’Ordú 58, déanfaidh an t-achomharcóir laistigh de dhá sheachtain ó chomhdú an fhógra go bhfuil ar intinn dul ar aghaidh a aighneachtaí nó a haighneachtaí i scríbhinn a chomhdú leis an gCúirt agus cóip a sheachadadh ar gach freagróir san achomharc. Tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis aighneachtaí an achomharcóra i scríbhinn a sheachadadh, comhdóidh gach freagróir leis an gCúirt agus seachadfaidh sé cóip dá aighneachtaí nó dá haighneachtaí i scríbhinn don achomharcóir agus do gach freagróir eile. Chomh maith le haighneachtaí i scríbhinn (dá ngairtear “aighneachtaí” anseo feasta) atá á gcomhdú, ba cheart cóipeanna i bhformáid Word a sheoladh go leictreonach chuig an Oifig ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: supremecourtsubs@courts.ie. 

(b) De ghnáth, déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh na himeachtaí achomhairc a shannadh do bhreitheamh um chásbhainistiú laistigh de sheachtain amháin ó chomhdú fógra go bhfuil ar intinn dul ar aghaidh,

(c) Tabharfaidh an Oifig fógra láithreach do na páirtithe faoi cheapachán an bhreithimh um chásbhainistiú agus faoin dáta a shocrófar don éisteacht ar chásbhainistiú.

(d) Tráth nach déanaí ná 4 lá roimh an éisteacht ar chásbhainistiú, comhdóidh na páirtithe doiciméad comhpháirteach ina leagfar amach aon chomhaontú ar thángthas air ar na hábhair is gá aghaidh a thabhairt orthu ag an éisteacht ar chásbhainistiú agus ina léireofar freisin an bhfuil ábhair bhreise ann nach féidir leis na páirtithe teacht ar chomhaontú ina leith nó i gcás inar gá idirghabháil nó rialú ón gCúirt ar shlí eile

(e) Mura bhfuil siad comhdaithe cheana féin nó mura n-ordóidh an breitheamh um chásbhainistiú a mhalairt, comhdóidh an t-achomharcóir san Oifig tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta a bheidh socraithe don chéad éisteacht ar chásbhainistiú trí chóip den leabhrán um chásbhainistiú agus d'aon doiciméad eile san achomharc a mbeartaíonn aon pháirtí tagairt a dhéanamh dó ag an éisteacht sin.

(f) Beidh na nithe seo a leanas sa leabhrán um chásbhainistiú, arna innéacsú maidir lena bhfuil ann:

(i) an t-ordú a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne;
(ii) an breithiúnas atá á achomharc;
(iii) gach breithiúnas agus ordú iomchuí eile in imeachtaí na Cúirte nó na gcúirteanna ar bhonn níos ísle
(iv) an fógra iarratais ar chead;
(v) an fógra achomhairc, agus aon fhógra achomhairc chun na Cúirte ó aon fhreagróir ag eascairt ón mbreithiúnas nó ón ordú céanna lena mbaineann an t-achomharc;
(vi) fógra(í) an fhreagróra (má comhdaíodh é);
(vii) cinneadh na Cúirte a dheonóidh cead;
(viii) Fógra go bhfuil ar intinn dul ar aghaidh
(ix) aighneachtaí an achomharcóra/na bpáirtithe tionscanta;
(x) aighneachtaí an fhreagróra nó na bhfreagróirí,
(xi) an doiciméad comhpháirteach a cheanglaítear a chomhdú i gcomhréir le mír 19(d)

agus fágfaidh sé go leor spáis chun freastal ar aon doiciméad breise a ordóidh an breitheamh um chásbhainistiú a ullmhú (mar shampla, ráiteas fíricí, liosta saincheisteanna, srl) lena chur san áireamh.

(g) Ag an éisteacht um chásbhainistiú, déanfaidh an breitheamh um chásbhainistiú:

(i) tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe, cibé acu an dtagann nó nach dtagann na haighneachtaí a comhdaíodh faoi chuimsiú pharaiméadair an achomhairc a cheadaítear le cinneadh agus ordú na Cúirte a thugann cead

(ii) tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe, agus ach amháin i gcás ina mbeidh foráil den sórt sin déanta cheana san ordú ón gCúirt ag deonú cead achomhairc, na forais achomhairc ar a mbonn a deonaíodh cead achomhairc a leasú, ar choinníoll go mbeidh aon leasú den sórt sin laistigh de; scóip na saincheiste ginearálta nó na saincheisteanna a aithníodh sa chinneadh lena ndeonaítear cead a bheith ag comhlíonadh na tairsí bunreachtúla

(iii) tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe go bhfuil na ceanglais maidir le doiciméadú a chomhdú atá leagtha amach sa treoir chleachtais seo le cur i bhfeidhm nó mar mhalairt air sin cibé ordacháin is iomchuí don chás a thabhairt lena n-áirítear go díreach cibé acu, agus más amhlaidh, cé mhéid, aon cheann de nó gach ceann de na doiciméid is gá a sholáthar chun an t-achomharc a éisteacht de réir na Treorach Cleachtais Reachtúil seo (agus faoi réir aon athruithe a chinnfidh an breitheamh um chásbhainistiú) ba cheart iad a chomhdú i gcóip chrua nó go leictreonach nó sa dá cheann agus, i gcás doiciméad le comhdú go leictreonach, treoracha a thabhairt maidir leis an mbealach ar cheart na doiciméid sin a ullmhú. 

(iv) tar éis éisteacht a thabhairt do na páirtithe breithneoidh siad an t-am dóchúil a thógfaidh sé chun an t-achomharc a éisteacht agus leithdháilfidh siad an t-am sin idir na páirtithe

(h)  Féadfaidh an breitheamh um chásbhainistiú an dara nó tuilleadh éisteachtaí ar chásbhainistiú a ordú má dealraítear go bhfuil gá leis sin chun an t-achomharc a ullmhú i gceart.  Mar sin féin, ba chóir aon saincheisteanna sonraí a thagann chun cinn a chanbhasáil ar dtús leis an mbreitheamh um chásbhainistiú sa chomhdhoiciméad atá le comhdú tráth nach déanaí ná 4 lá roimh an éisteacht ar chásbhainistiú.  Cinnfidh an breitheamh um chásbhainistiú ansin an féidir aon saincheisteanna den sórt sin a réiteach gan gá le héisteacht ar chásbainistiú eile.

(i) Mura bhfuil siad comhdaithe cheana féin nó mura n-ordóidh an breitheamh um chásbhainistiú a mhalairt, agus faoi réir fho-mhír (i), comhdóidh an t-achomharcóir san Oifig laistigh de thrí seachtaine ón éisteacht ar chásbhainistiú trí chóip díobh seo a leanas, cibé acu i gcóip chrua agus/nó i bhfoirm leictreonach de réir threoracha an bhreithimh um chásbhainistiú -

(i) i gcás gur in imeachtaí sibhialta atá an t-achomharc, leabhrán pléadálacha, nár cheart a bheith ann ach na doiciméid sin a d’fhéadfadh a bheith iomchuí do na saincheisteanna a eascraíonn as an achomharc. Níor cheart go n-aireofaí doiciméid, lena n-áirítear e.g. fógraí foriarratais, orduithe arna ndéanamh sna himeachtaí ag na cúirteanna níos ísle, iarratais agus freagraí ar shonraí agus ábhar fianaiseach nach mbaineann go leanúnach leis na hábhair atá aighneas fós ann maidir leis an achomharc, 

(ii) leabhrán doiciméad trialach, ba chóir, faoi réir fhomhír (j):

in imeachtaí sibhialta na nithe seo a leanas a bheith ann:

(I) i gcás ina bhfuil an t-achomharc i gcoinne ordaithe déanta in imeachtaí arna n-éisteacht ar fhianaise béil, na sleachta sin amháin as an tras-scríbhinn agus foilseáin atá iomchuí maidir leis na saincheisteanna atá aighneas fós ann maidir leis an achomharc
(II) i gcás ina bhfuil an t-achomharc i gcoinne ordaithe déanta in imeachtaí arna n-éisteacht ar mhionnscríbhinn,
ní bheidh ach na mionnscríbhinní agus na foilseáin sin ina bhfuil fianaise iomchuí maidir leis na saincheisteanna atá aighneas fós ann maidir leis an achomharc;

in imeachtaí coiriúla na nithe seo a leanas a bheith ann:

(i) cóip den díotáil;
(ii) tras-scríbhinn d'óráid tosaigh abhcóide an ionchúisimh;
(iii) i gcás ina mbaineann achomharc le saincheist áirithe a ardaíodh sa triail, tras-scríbhinn na fianaise, na haighneachtaí agus an rialú a bhaineann leis an tsaincheist sin;
(iv) cóip d'aon fhoilseán iomchuí;
(v) tras-scríbhinn d’óráidí deiridh abhcóidí an ionchúisimh agus na cosanta; agus
(vi) tras-scríbhinn chúiseamh an bhreithimh chuig an ngiúiré a mhéid a bhaineann leis an tsaincheist nó, i gcás inar mhair an triail trí lá nó níos lú, an tras-scríbhinn iomlán, agus

(iii) a leabhrán údarás.

(j) I gcás gur ar phointe dlí amháin atá an t-achomharc, féadfar an ceanglas maidir le hullmhú doiciméad nó tras-scríbhinní nó pléadálacha agus mionnscríbhinní a ligean thar ceal trí chomhaontú na bpáirtithe agus/nó faoi threoir an bhreithimh um chásbhainistiú.
(k) Féadfaidh páirtí ag an éisteacht ar chásbhainistiú iarraidh go n-áireofar sa leabhrán doiciméid trialach aon mhír eile a áitíonn an páirtí sin gur cheart a chur san áireamh go cuí (m.sh. an páipéar eisiúna a cuireadh ar fáil do ghiúiré nó ábhar eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí).
(l) Déanfaidh an breitheamh um chásbhainistiú, de ghnáth, laistigh de sheachtain tar éis dó na leabhair don éisteacht a fháil a chur in iúl do na páirtithe an bhfuil gá le mionchoigeartú breise ar na hábhair,,
(m) Ní mór don achomharcóir na leabhair chóip chrua agus, nuair is cuí, cóip bhog díobh a chomhdú laistigh de sheachtain tar éis deimhniú a fháil ón mbreitheamh um chásbhainistiú go bhfuil na hábhair in ord nó treoracha ón mbreitheamh um chásbhainistiú maidir le hathruithe ba chóir a dhéanamh.  Ba cheart go gcloífeadh na hábhair sa réimse seo le haon treoracha dá leithéid.
(n) Féadfaidh an Cláraitheoir diúltú glacadh le leabhair le haghaidh na héisteachta ar léir go bhfuil siad ar neamhréir go suntasach leis an treoir chleachtais reachtúil seo agus/nó le haon treoracha a thugann an breitheamh um chásbhainistiú.

Ráiteas ar Chás
 

20.

(a) Roimh an éisteacht féadfaidh an Chúirt doiciméad (dá ngairtear an “ráiteas cáis” anseo feasta) a eisiúint chuig na páirtithe.
(b)     Leagfar amach sa ráiteas cáis tuiscint na Cúirte ar na nithe seo a leanas:-

  1. Na fíricí iomchuí a mhéid a chinn an chúirt nó na cúirteanna thíos iad nó gur dealraitheach gur glacadh leo ag triail na caingne;
  2. Na gnéithe riachtanacha de chinntí na gcúirteanna thíos a mhéid a bhaineann siad leis na saincheisteanna a eascraíonn as an achomharc
  3. Na saincheisteanna is dealraitheach don Chúirt gur gá cinneadh a dhéanamh maidir leis an achomharc ag féachaint don chinneadh lena ndeonaítear cead achomhairc, aon leasú ar na saincheisteanna a chinnfidh an breitheamh um chásbhainistiú agus aighneachtaí na bpáirtithe; agus
  4. Seasamh na bpáirtithe ar na saincheisteanna sin.

(c) Ina theannta sin, nó mar nós imeachta malartach, féadfaidh an Chúirt an dara doiciméad (“iarratas ar shoiléiriú”) a eisiúint ag iarraidh soiléiriú ó na páirtithe i leith aon ábhair a measann an Chúirt go mbeadh faisnéis bhreise úsáideach ina leith roimh an éisteacht ionas gur féidir an éisteacht féin a sheoladh ar an mbealach is éifeachtaí.  Go háirithe, d’fhéadfadh soiléiriú maidir le nithe fíorais nó seasamh na bpáirtithe ar aon saincheisteanna a eascraíonn go cuí as an achomharc a bheith ina ábhar d’iarratas den sórt sin. 

(d) Samhlaítear go n-eiseofar ráiteas ar chás agus/nó iarratas soiléirithe, más gá, chuig na páirtithe tuairim is dhá sheachtain roimh an dáta a bheidh socraithe chun an t-achomharc a éisteacht ach ar aon chuma tráth nach déanaí ná deich lá roimh an dáta sin.  Ba chóir do na páirtithe freagra a thabhairt ar aon fhiosrúcháin a ardaítear tráth nach lú ná trí lá roimh an dáta atá socraithe le haghaidh éisteachta.  Sa chás go measann páirtithe go bhfuil gnéithe ábhartha den ráiteas ar chás a mheasann siad a bheith mícheart nó neamhiomlán, ba cheart do pháirtithe doiciméad a chomhdú freisin ina sonraítear aon nithe den sórt sin.  Ba cheart a chur in iúl go láidir nár cheart an áis chun doiciméad den sórt sin a chomhdú a úsáid chun an dara babhta d’aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh.  Níl sé mar aidhm ag an ráiteas ar chás fiú réamhdhearcadh na Cúirte ar fhiúntas an achomhairc a chur in iúl ach tá sé deartha chun cibé comhfhoraois a bhunú a fheicfear ó na páipéir.  Mar shampla, féadfaidh páirtí a mheas, ina chás féin, nach bhfuil fíricí áirithe iomchuí.  Féadfaidh ábharthacht nó a mhalairt aon fhíorais a bheith ina ábhar aighneachtaí le linn na héisteachta ó bhéal ach beidh sé neamhriachtanach, agus míchuí, doiciméad breise a chomhdú chun seasamh páirtí ina leith sin a athlua.  Ba cheart a aibhsiú freisin nach moltar go láidir do pháirtithe doiciméad den sórt sin a chomhdú mura bhfuil fíorcheisteanna substaintiúla le hardú maidir leis an ráiteas ar chás.

 

Aighneachtaí, leabhráin agus doiciméid eile

21. Aighneachtaí

(a) Ba cheart aighneachtaí a eagrú go loighciúil le ceannteidil iomchuí, agus a bheith ina hachoimre achomair ar na haighneachtaí atá le forbairt ag an éisteacht ó bhéal. Ba cheart go mbeidís saor ó ábhar neamhábhartha, gan tábhacht nó scannalach.

(b) Ba cheart go mbeadh teideal agus uimhir thaifid an cháis ar gach aighneacht, agus ba chóir go léireoidís go soiléir cé ar a gcuirtear i láthair iad, agus go ndéileálfaidís leis an mbreithiúnas a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne, agus ba chóir go ndíreodh sé go sonrach ar gach údarás tábhachtach agus iomchuí.

(c) Ba cheart na haighneachtaí a chur i láthair san fhormáid seo a leanas:

(i) leathanach de mhéid A4 clóite ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh;
(ii) Clómhéid 12, Times New Roman nó a mhacasamhail;
(iii) 1.5 spásáil línte;
(iv) Imill 3.25 cm ar gach taobh agus 2.5 cm ag barr agus ag bun;
(v) Gan dul thar 10,000 focal san iomlán (an líon focal le nótáil ar an doiciméad aighneachtaí).

(d) Ba cheart go leanfadh aighneachtaí an teimpléad seo a leanas:

(i) Réamhrá (nár cheart níos mó ná dhá leathanach) a leagann amach na himthosca ba chúis leis na himeachtaí agus ag sainaithint na gcinntí fíorais a rinne breitheamh na trialach, nó nár chuirtear ina gcoinne agus, más iomchuí, ar sheas an Chúirt Achomhairc leo;
(ii) Saincheist(eanna);
(iii) Breithiúnas a bhfuil achomharc á dhéanamh ina leith;
(iv) Conclúid, ag lua na gcúiseanna ar a bhfuil bunús leis an achomharc, nó ar a gcuirtear ina gcoinne de réir mar a bheidh, agus na horduithe atá á lorg.

(e) Ba cheart go n-áireodh an t-achomharcóir nó an páirtí tionscanta croineolaíocht cibé acu mar chuid den réamhrá, nó in aguisín ar leith (nach mbeidh aguisín mar chuid de na haighneachtaí chun críche na teorann focal atá leagtha amach i bhfomhír (c)(v)). Ba chóir don fhreagróir a rá an bhfuil an croineolaíocht comhaontaithe. I gcás nach gcomhaontaítear, ba chóir don fhreagróir a c(h)roineolaíocht féin a tháirgeadh ina sainaithneofar go soiléir na difríochtaí. Meabhraítear do pháirtithe nach bhfuil siad i dteideal athchuairt a thabhairt ar chinntí fíorais a rinne breitheamh na trialach agus/nó a seasann an Chúirt Achomhairc leo, mura gceadaítear sin a dhéanamh ar fhoras nó ar fhorais ar deonaíodh cead. I gcás den sórt sin ba cheart do pháirtithe aghaidh a thabhairt ar an mbonn dlí ar a gcuirtear i gcoinne torthaí den sórt sin.

(f) Comhdóidh gach páirtí in achomharc, i gcás ina mbeidh aon eolas sna haighneachtaí i scríbhinn a bhfuil toirmeasc ar a fhoilsiú, nó a sháródh aon srian atá in aon achtachán nó riail dlí nó ordú cúirte, san Oifig leagan folaithe d'aighneachtaí i scríbhinn an pháirtí sin, agus scriosfar gach faisnéis den sórt sin astu. Ba cheart cóip den leagan folaithe i bhformáid Word a sheoladh go leictreonach chuig an Oifig ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: supremecourtsubs@courts.ie.  Cuirfear cóip d’aighneachtaí i scríbhinn a chomhdaítear san Oifig nó a thugtar don Chúirt i ndáil le, nó le linn, éisteacht aon achomhairc ar fáil d’aon duine a iarrann an céanna, ar aon táille a íoc is inmhuirir ar an gcóip sin, agus beidh rochtain ag baill bona fide den Phreasa nó de na meáin chraolta orthu de réir Rialacha 2018 an Achta um Chosaint Sonraí 2018 (alt 159(7)). Ní chuirfear aighneachtaí ar fáil roimh thús éisteacht an achomhairc. Ba cheart go n-urramódh foilsiú ar bith ón duine a fhaigheann na haighneachtaí aon toirmeasc sa dlí nó in ordú ón gCúirt.

22. Leabhráin agus a n-ábhar: ginearálta

(a) Ní mór do gach doiciméad sna leabhráin achomhairc a bheith inléite agus iomlán, b’fhearr úsáid a bhaint as clómhéid 12 agus spásáil línte 1.5 agus, ach amháin nuair is gá é a chomhdú go leictreonach, a bheith i méid páipéir A4 agus ceangailte go cuí sa leabhrán. Ba cheart go mbeifí in ann na leabhráin a oscailt go héasca agus níor cheart go gcuirfí iallach ar cháipéisíocht iomarcach a bheith i leabhráin.

(b) Ba cheart go mbeadh na leabhráin soláimhsithe agus gan a bheith róthrom. I gcás go bhfuil gá le níos mó ná leabhrán amháin ba chóir bunleabhrán a ullmhú ina bhfuil na doiciméid atá lárnach don ghné sin agus na saincheisteanna atá os comhair na Cúirte. Ba chóir a chinntiú nach bhfágtar na leathanaigh go páirteach nó go hiomlán ar lár agus iad á gcóipeáil. Is féidir cóipeanna de dhoiciméid a phriontáil ar dhá thaobh an pháipéir ach faoi réir an cheanglais sháraitheach go gcaithfidh na cóipeanna a bheith inléite agus iomlán agus gur féidir na leabhráin a oscailt agus a úsáid go héasca gan stró.

(c) I gcás nach féidir méid an ábhair fhianaisigh a chur san áireamh go hiomchuí agus go háisiúil i leabhrán amháin, ba chóir bunleabhrán d’ábhar fianaiseach mar aon le leabhrán breise nó leabhráin a chur ar fáil. 

(d) Ba cheart leabhrán d’ábhar fianaiseach ina bhfuil mionnscríbhinní agus/nó foilseáin a innéacsú go soiléir agus an mhionnscríbhinn nó an foilseán a lipéadú le hainm an teisteora agus an pháirtí ar tugadh an mhionnscríbhinn thar a cheann, agus é a innéacsú trí thagairt a dhéanamh do chur síos gairid ar an doiciméad agus de réir uimhir foilseáin nó litir.

(e) Déanfaidh an t-achomharcóir, i gcás ina n-ordóidh an breitheamh um chásbhainistiú amhlaidh, an leabhrán um chásbhainistiú a chónascadh leis an leabhrán pléadálacha agus/nó leis an leabhrán ábhair fhianaisigh i gcás inarb iomchuí agus áisiúil líon na ndoiciméad a bheidh ann go ndéanfaí iad a ionchorprú i leabhrán amháin.

(f) Ní mór do na páirtithe dul i dteagmháil lena chéile go cuiditheach chun na hábhair is gá a chur san áireamh i ndáiríre i leabhráin a chinneadh ionas nach n-áireofar ábhair neamhriachtanacha agus go seachnófar an baol go mbeidh ábhair shuntasacha, nach bhfuil san áireamh sna leabhráin, nach mór a thabhairt ar aird don Chúirt ag éisteacht an achomhairc a sheachaint. 

(g) Ba chóir leabhráin a lua ar an gclúdach agus, nuair is féidir, ar an droim maidir le hábhar ginearálta an leabhráin, agus nuair is cuí, uimhir an leabhráin.

(h) Ba cheart leathanaigh na leabhrán a uimhriú go seicheamhach, ach amháin i gcás foilseáin nó údaráis atá curtha le chéile laistigh de na leabhráin agus a bhfuil a n-uimhriú féin acu.

(i) Ní mór do na páirtithe, agus go háirithe abhcóidí nó aturnae a chuireann argóintí i láthair, a chinntiú ag an éisteacht go bhfuil siad ag baint úsáide as na leabhráin achomhairc chéanna agus a chomhdaítear san Oifig.

23. Leabhrán na n-údarás

(a) Formáid agus ábhar leabhair na n-údarás

(i) I gcás nach féidir leabhráin na n-údarás a ionchorprú go héasca in aon leabhrán údarás amháin, ba cheart bunleabhrán údarás a ullmhú agus a lipéadú go soiléir, agus ba cheart go mbeadh na húdaráis agus na hábhair sin a mheastar a bheith lárnach sa chás agus is dócha a dtagraítear dóibh le linn argóinte ("na bun-údaráis") i leabhrán lárnach na n-údarás. Ba cheart na hábhair agus na húdaráis atá fágtha a chur i leabhráin breise agus iad a eagrú agus a ordú mar atá leagtha amach i bhforálacha na míre seo agus iad a bheith i gcomhaid atá lipéadaithe agus uimhrithe go seicheamhach go soiléir.

(ii) Mura n-ordaítear a mhalairt, ba cheart leabhráin na n-údarás a chur i láthair san fhormáid agus san ord seo a leanas:

(I) Aon fhorálacha iomchuí ón mBunreacht;
(II) Aon fhorálacha reachtúla iomchuí;
(III) Údaráis na hÉireann leagtha amach in ord croineolaíoch;
(IV) Aon údaráis idirnáisiúnta a bhíothas ag brath orthu, arna n-eagrú de réir dlínse, agus laistigh de dhlínsí den sórt sin, in ord croineolaíoch;
(V) Ábhair lena n-áirítear sleachta as téacsleabhair, irisí léinn, agus tuarascálacha.

(iii) I gcás ina bhfuil cás tuairiscithe sna tuarascálacha oifigiúla, is í an tuarascáil sin an t-aon tuarascáil ar an gcás ba cheart a chur san áireamh i leabhrán na n-údarás. Níor cheart aon bhreithiúnas neamhthuairiscithe nó cóip ríomhghinte a chur san áireamh i gcás ina bhfuil breithiúnas tuairiscithe ar fáil.

(iv) Cé gur cheart tuarascáil iomlán an cháis a chur san áireamh i leabhrán na n-údarás go hiondúil, i gcás go bhfuil tuarascáil do chás an-fhada agus gur léir nach mbaineann cuid shuntasach den téacs atá in údarás leis na saincheisteanna a eascraíonn as na himeachtaí, is leor sliocht den tuarascáil ar an gcás lena mbaineann, ar choinníoll gur cheart teideal an cháis, an chúirt/na cúirteanna agus dáta(í) an bhreithiúnais, na ceannteidil ábhair agus ceannnóta an tuairisceora (más ann dó) a chur san áireamh i gcónaí.

(v) Cé gur cheart téacs iomlán na reachtaíochta príomhúla agus tánaisteacha a chur san áireamh de ghnáth i leabhrán na n-údarás, i gcás ina bhfuil an reachtaíocht lena mbaineann an-fhada agus gur léir nach mbaineann cuid shuntasach den téacs leis na saincheisteanna a eascraíonn as na himeachtaí, ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(I) na forálacha reachtacha a bhaineann leis na saincheisteanna a eascraíonn;
(II) príomhfhorálacha eile den reachtaíocht a d’fhéadfadh a bheith ina gcabhair chun comhthéacs na forála a bhaineann leis na saincheisteanna a thuiscint, e.g. an teideal fada, aon fho-ailt eile atá san fhoráil den reachtaíocht lena mbaineann atá iomchuí agus aon fhoráil eile sa reachtaíocht a shainíonn abairt a úsáidtear san fhoráil a bhfuiltear ag brath uirthi nó a chabhródh leis an bhforáil a bhfuiltear ag brath uirthi a léiriú nó a chur i gcomhthéacs.

(vi) Meabhraítear do chleachtóirí nach gá ach ábhair a bhfuiltear ag brath orthu i substaint na n-aighneachtaí i scríbhinn, agus/nó ar féidir tagairt a dhéanamh dóibh san argóint ó bhéal, a chur isteach i leabhráin na n-údarás. Ní gá go gcuimseofaí gach údarás dá dtagraítear in aighneachtaí i scríbhinn amháin i leabhráin na n-údarás. I gcás ina bhfuiltear ag iarraidh údaráis bhreise a thabhairt isteach le linn éisteachta achomhairc, ba cheart go gcloífeadh tuarascálacha ar bith leis an treoir chleachtais seo agus ba cheart go mbeidís inléite, lipéadaithe go soiléir agus poill cutha iontu le cur i leabhráin na n-údarás.

(b) Aontú ar leabhráin na n-údarás

Tá na páirtithe san achomharc freagrach as leabhráin na n-údarás a chomhaontú. Tráth nach déanaí ná an dáta ar a seachadtar aighneachtaí an achomharcóra i scríbhinn, ba cheart don achomharcóir liosta údarás a bhfuiltear ag brath air a sheachadadh do na freagróirí agus d’aon pháirtithe eile sna hachomhairc. Tráth nach déanaí ná an dáta chun aighneachtaí freagartha a sheachadadh, ba cheart don fhreagróir agus d’aon pháirtí eile liosta na n-údarás a bhfuiltear ag brath orthu a sholáthar don achomharcóir le bheith san áireamh i leabhráin na n-údarás.

24. Tras-scríbhinní – imeachtaí sibhialta agus coiriúla

(a) In aon chás ina ndéanfar tagairt shuntasach do thras-scríbhinní aon éisteachta, soláthrófar liosta de thagairtí tras-scríbhinne mar aon le haighneachtaí na bpáirtithe i scríbhinn.

(b) In aon chás ina mhairfidh éisteacht an cháis faoi achomharc níos mó ná trí lá ag éisteacht, soláthróidh an t-achomharcóir leabhrán sleachta tras-scríbhinne ("na bun-athscríbhinní") ina mbeidh roinnteoir aonair do gach lá den triail agus na sleachta iomchuí ó na laethanta éisteachta sin a mbeidh gach páirtí ag brath orthu, agus iad lipéadaithe go soiléir.

(c) Ba cheart go mbeadh an lá agus ainm an fhinné lipéadaithe go soiléir ar thagairtí tras-scríbhinne, agus ba chóir go léireodís cé acu an bhfuil an fhianaise tosaigh, an croscheistiú (agus más amhlaidh an páirtí atá i gceist) nó an t-athcheistiú. Ba cheart aon sliocht tras-scríbhinne a lorgaítear a thabhairt isteach le linn na héisteachta a lipéadú go soiléir agus poill a chur iontu ionas gur féidir iad a chur sa roinnteoir cuí.

(d) Ní gá ach sraith iomlán amháin tras-scríbhinní a chomhdú i bhfoirm chlóite mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

25. Leabhráin achomharc a chomhdú

(a) Faoi réir aon ordacháin ón mbreitheamh um chásbhainistiú, comhdóidh an t-achomharcóir leis an gCúirt an líon cóipeanna riachtanacha de:

(i) an leabhrán um chásbhainistiú. Ba chóir foráil a dhéanamh chun an Ráiteas ar Chás a chur sa leabhrán má eisítear é agus nuair a bheidh sé ar fáil
(ii) an leabhrán na bpléadálacha;
(iii) an leabhrán doiciméad trialach;
(iv) leabhrán na n-údarás,
(v) aon leabhrán nó doiciméad eile a ordóidh an breitheamh um chásbhainistiú a chomhdú,

I gcás nach n-éiríonn leis an achomharcóir é a dhéanamh, agus mura aontaítear ar síneadh ama a thabhairt, féadfaidh páirtí ar bith eile an líon cóipeanna riachtanacha de na leabhráin achomhairc a chomhdú nuair is gá.

(b) Tá sé de fhreagracht ar an bhfreagróir cóip de gach údarás, sliocht tras-scríbhinne agus doiciméad ar mian leis an bhfreagróir a chur san áireamh sna leabhráin achomhairc a sholáthar don achomharcóir. Má theipeann ar an bhfreagróir amhlaidh a dhéanamh tráth nach lú ná coicís roimh an dáta chun na leabhráin achomhairc a chomhdú féadfaidh an t-achomharcóir an líon riachtanach leabhrán achomhairc a chomhdú mar aon le litir ag deimhniú gur theip ar an bpáirtí nó ar na páirtithe eile na teorainneacha ama cuí a chomhlíonadh.

(c) Spreagtar páirtithe, áfach, chun comhoibriú le linn cur i láthair na leabhrán achomhairc, chun doiciméid a chomhaontú, agus chun gníomhú go réasúnach chun síneadh ama a fhadú agus i gcomhoibriú go ginearálta chun éisteacht éifeachtach an achomhairc a éascú ar mhaithe le leas na bpáirtithe go léir.

(d) Féadfaidh páirtí atá freagrach as doiciméad a thabhairt ar aird a sháraíonn an teorainn ama a fhorordaítear le fomhír (a) a bheith faoi réir smachtbhanna trí ordú costais.

26. Líon riachtanach leabhráin achomhairc

(a) Faoi réir aon ordacháin ón mbreitheamh um chásbhainistiú is mar seo a leanas a bheidh an líon cóipeanna riachtanacha de leabhráin achomhairc;

(i) I gcás a n-éistfidh Cúirt de thriúr, cúig;
(ii) I gcás a n-éistfidh Cúirt de chúigear, ocht;
(iii) I gcás a n-éistfidh Cúirt de sheachtar, deich.

(b) Níor cheart aon ábhar breise a chomhdú ach amháin le cead ón mbreitheamh um chásbhainistiú.. Féadfaidh páirtithe, áfach, ar ócáid amháin, trí chomhaontú nó le cead ón mbreitheamh um chásbhainistiú, doiciméid bhreise a chomhdú san Oifig tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh éisteacht an achomhairc], atá teoranta go dian don mhéid a bhaineann leis na saincheisteanna a eascraíonn as an achomharc, le cur sa leabhrán ar an gcoinníoll:

(i) go bhfuil doiciméid den sórt sin uimhrithe agus poill curtha iontu go cuí ionas gur féidir é a chur sa leabhrán lena mbaineann go héasca; agus
(ii) go soláthraítear innéacs nua d'ábhar ina bhfuil tagairt do na doiciméid bhreise. 

(c) go bhféadfaidh an Chúirt diúltú glacadh le doiciméid bhreise den sórt sin mura gcomhdaítear amhlaidh ceithre lá nó níos mó roimh éisteacht an achomhairc. Tá glacadh le hábhar den sórt sin faoi réir cibé ordú a dhéanfaidh an Chúirt lena n-áirítear maidir le costais.

27. Amlíne Achomhairc

Is léiriú é an amlíne atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Treoir Chleachtais Reachtúil seo ar an mbealach a mbeifear ag súil go rachfar ar aghaidh le hachomhairc i gcásanna nach mbíonn aon deacrachtaí nós imeachta ann.  Ba cheart béim a chur go mbraitheann féidearthacht éisteachta sa tréimhse seachtain 13 go seachtain 16 ar infhaighteacht amanna éisteachta agus ar líon agus ar chastacht na gcásanna ar dócha go mbeidh siad réidh le héisteacht ag an am céanna nó thart ar an am céanna.  Tabharfaidh an breitheamh um chásbhainistiú le fios do na páirtithe faoin dáta éisteachta dóchúil a luaithe a bheidh an breitheamh um chásbhainistiú muiníneach le réasún go mbeidh an t-achomharc réidh le héisteacht ar an dáta sin.  Socrófar dáta den sórt sin go sealadach faoi réir ag an mbreitheamh um chásbhainistiú a bheith sásta go bhfuil an cás réidh le héisteacht de réir na Treorach Cleachtais Reachtúil agus de réir aon threoracha sonracha a tugadh.

28. Éisteacht an Achomhairc

Is é an seasamh réamhshocraithe a bheidh ann go reáchtálfar éisteachtaí achomharc substainteacha go pearsanta ach go reáchtálfar éisteachtaí i ndáil le hábhair nós imeachta agus éisteachtaí i leith orduithe iarbhreithiúnais agus saincheisteanna costais go cianda.  Beidh an breitheamh um chásbhainistiú, maidir le hábhair réamh-achomhairc, agus an breitheamh ceannais, maidir le hachomhairc shubstainteacha agus ábhair iarbhreithiúnais saor chun imeacht ón suíomh réamhshocraithe i gcásanna cuí.  Féadfaidh páirtithe iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an mbreitheamh um chásbhainistiú nó chuig an mbreitheamh ceannais (de réir mar is cuí) chun imeacht ón suíomh réamhshocraithe más féidir leo cúis mhaith a thabhairt chun é sin a dhéanamh. 

29. Teorainneacha Ama

(a) Seachas teorainn ama chun iarratas ar chead achomhairc a chomhdú, beidh na teorainneacha ama a shonraítear sa Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm i rith na bliana ach amháin i mí Lúnasa agus le linn tréimhse coicíse idir 22 Nollaig agus 4 Eanáir san áireamh. 

(b) I gcás ina bhfuil teorainn ama le cásbhainistiú, leabhráin achomhairc nó le doiciméid eile a chomhdú agus mura n-ordaítear a mhalairt go sonrach ní mór na leabhráin agus na doiciméid sin a chomhdú san Oifig faoi 1:00 pm an lá sin ar a dhéanaí ionas gur féidir tús a chur leis an bpróiseas a luaithe is féidir má aithnítear easnaimh ar féidir aghaidh a thabhairt orthu agus iad a chur ina gceart agus a laghad cur isteach ar na hullmhúcháin éisteachta agus is féidir.

30. Neamhchomhlíonadh

D'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na hiarmhairtí seo a leanas a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh ceanglas na treorach cleachtais seo-

(a)  I gcás ina mbaineann an neamhchomhlíonadh sin le mainneachtain ceanglais na treorach cleachtais reachtúil seo a chomhlíonadh nó le haon athrú a d’ordaigh an breitheamh um chásbhainistiú maidir le doiciméad nó leabhrán achomhairc, féadfaidh an Cláraitheoir an doiciméad, nó an leabhrán achomhairc, a dhiúltú

(b)  In aon chás, féadfaidh an Chúirt nó Breitheamh um chásbhainistiú cibé ordú a dhéanamh is cuí leis an gCúirt nó leis an mBreitheamh sin, lena n-áirítear:

(i) neamhaird a thabhairt ar aighneachtaí, iad a dhícheadú nó a scriosadh amach, go hiomlán nó go páirteach;
(ii) an neamhchomhlíonadh sin a chur san áireamh le linn aon ordú le haghaidh costas a dhéanamh, lena n-áirítear orduithe ar leithligh a dhéanamh le haghaidh costas i leith leabhráin achomhairc, orduithe ar leithligh le haghaidh costas den sórt sin i gcoinne aturnae do pháirtí, aighneachtaí agus fritháirimh maidir le costais;
(iii) ordú maidir le mainneachtain comhlíonadh, lena n-áirítear ordú ag díbhe an achomhairc nó ag scriosadh amach an fhógra achomhairc agus orduithe costas iarmhartacha.

(c) Táthar ag súil go gcomhlíonfaidh na páirtithe an Amlíne Achomhairc. Má bhíonn deacracht ag páirtí ar bith a d'fhéadfadh am amlíne a chur i mbaol, lena n-áirítear moill ar chomhdú na leabhrán achomhairc comhlíontach ba cheart é a chur in iúl don bhreitheamh um chásbhainistiú láithreach. Ba cheart do pháirtithe a thabhairt faoi deara go bhféadfadh impleachtaí costais a bheith ag aon mhainneachtain ina leith seo a chuireann an t-amlíne i mbaol lena n-áirítear teorainneacha ama a leagtar síos leis an treoir chleachtais reachtúil seo nó ag an mbreitheamh um chásbhainistiú.

31. Iarratais ar chead chun imeacht ó cheanglais Ordú 58 nó an treoir chleachtais reachtúil seo

(a) Maidir le hiarratas 

(i) chun ordú lena scaoiltear nó lena n-athraítear ceanglas de chuid Ordú 58 nó den treoir chleachtais seo maidir le doiciméad a chomhdú,
(ii) chun ordachán a cheadaíonn doiciméad nó doiciméid a chomhdú sa bhreis orthu sin a cheanglaítear le hOrdú 58 nó leis an treoir chleachtais reachtúil seo, nó
(iii) chun teorainn focal a ordaítear leis an treoir chleachtais seo do dhoiciméad a fhadú,

féadfaidh na forais nó na daoine seo a leanas é a dheonú

(i) an Chúirt nó
(ii) i gcás nach bhfuil cinneadh déanta fós ar an iarratas ar chead achomhairc, an breitheamh um iarratais ar chead ina shuí ina aonar nó
(ii) i gcás inar deonaíodh an t-iarratas ar chead achomhairc, an breitheamh um chásbhainistiú.

(b) Maidir le hiarratas dá dtagraítear in Ordú 58, riail 4 nó fo-mhír (a) -

(i) féadfar é a dhéanamh trí litir chuig an gCláraitheoir agus seolfar cóip den litir sin chuig an bpáirtí nó na páirtithe eile ag an am céanna,
(ii) i gcás ina mbeidh fógra go bhfuil ar intinn dul ar aghaidh comhdaithe, cinnfidh an breitheamh cásbhainistithe é.

(c) Déanfar iarratas dá dtagraítear i bhfomhír (a)(ii) ag an am céanna leis an tráth a bhfuil an ceanglas faoi Ordú 58 nó an treoir chleachtais á gcomhlíonadh ag an iarratasóir chun an doiciméad nó na doiciméid a bhfuil an t-ábhar beartaithe sa bhreis orthu a chomhdú.

32. Comhdú leictreonach agus eisiúint doiciméad

(a) Féadfaidh an Cláraitheoir a iarraidh go ndéanfar aon doiciméad nó doiciméid a chomhdú go leictreonach agus ar mhodh a chomhlíonann aon treoir ina leith sin atá i bhfeidhm de thuras na huaire.

(b) Spreagtar páirtithe chun córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí a úsáid. Níl sé éigeantach é a úsáid faoi láthair. Tá an córas tugtha isteach ar bhonn píolótach agus céimnithe do chleachtóirí atá ag gníomhú in iarratais ar chead achomhairc le héifeacht ón 4 Feabhra 2019.

(b) Is féidir na doiciméid seo a leanas a chomhdú go leictreonach trí úsáid a bhaint as córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí:

(i) fógra iarratais ar chead achomhairc i bhFoirm Uimh. 1;
(ii) na doiciméid is gá a chur san áireamh sa leabhrán iarratais ar chead dá dtagraítear in Ordú 58, riail 19(1);
(iii) aon chumarsáid a mhíníonn easpa doiciméad ón leabhrán iarratais ar chead, de réir Ordú 58, riail 19(3);
(iv) fógra freagróra i bhFoirm Uimh. 2;
(v) i gcás ina n-éilíonn an Chúirt aighneachtaí i scríbhinn ó na páirtithe atá rannpháirteach in iarratas ar chead a sheachadadh, aighneachtaí gach páirtí lena mbaineann.

(c) D’ainneoin an ama a dtaispeántar doiciméad a bheith seolta chuig nó faighte ag córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí nó aon fheidhchlár ríomhphoist a úsáideann an Oifig, ní mheastar an doiciméad sin a bheith comhdaithe go dtí go bhfaightear deimhniú comhdaithe ón Oifig.

(d) Maidir le doiciméad, nó leabhrán doiciméad, a chomhdaítear go leictreonach-

(i) i gcás ina bhfuil córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí á úsáid, a mhéid is féidir é a bheith i bhformáid doiciméid a cheadaíonn an córas sin,
(ii) i gcás nach bhfuil córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí á úsáid in imthosca a cheadaítear leis an treoir chleachtais reachtúil seo, a bheith i bhformáid Word nó pdf,
(iii) a bheith inléite agus cead a thabhairt nótaí tráchta a chur isteach agus aibhsiú.

(e) i gcás ina bhfuil bunchóip de dhoiciméad nó de leabhrán ina chóip chrua agus gur gá é a scanadh lena chomhdú go leictreonach, ba cheart an scanadh a dhéanamh, nuair is féidir, trí úsáid a bhaint as aithint optúil carachtar (OCR) ionas gur féidir leis an gCúirt téacs an leagain scanta a chuardach agus a anótáil.

(f) Féadfaidh an Cláraitheoir comhdú a cheadú i bhformáid eile nó i bhformáid bhreise ar chúis mhaith.

(g) Nuair is féidir, spreagtar páirtithe chun naisc hipirtéacs a úsáid i ndoiciméid chun naisc le doiciméid eile a chruthú laistigh de leabhrán.

(h) i gcás ina gceanglaítear doiciméad faoi na rialacha nó faoi threoir chleachtais reachtúil a shíniú, measfar an doiciméad sin, nuair a chomhdaítear go leictreonach é, chun críocha an cheanglais sin a bheith sínithe i gcás:

(i) ina gcuireann an duine sin ainm an tsínitheora riachtanach isteach i réimse nó i mbosca iontrála sonraí i gcóras ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí;
(ii) ina ndéantar cineál eile iontrála sonraí sa chóras sin a thugann le fios gur síníodh an doiciméad go leictreonach; nó
(iii) ina bhfuil an síniú clóite ar ríomhaire nó ar mhodh meicniúil eile.

(i) i gcás doiciméad a chomhdaítear go leictreonach a chomhdú mar chóip de bhunchóip -

(i) beidh an doiciméad arna chomhdú go leictreonach comhionann leis an mbundoiciméad;
(ii) le linn an chóip a chomhdú go leictreonach, measfar gur dheimhnigh an páirtí nó an duine a chomhdaíonn í an chóip mar chóip dhílis den bhunchóip i gcás ina ndéanann an páirtí nó an duine sin iontráil sonraí i gcóras ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí ag léiriú
go bhfuil an doiciméad le deimhniú mar chóip dhílis;
(iii) an chóip arna comhdú go leictreonach, measfar, chun críocha aon cheanglais iomchuí de na rialacha agus aon treoir chleachtais reachtúil, gur cóip fhianaithe den bhunchóip, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(j) i gcás doiciméad arna eisiúint ag an gCúirt nó ag an gCláraitheoir nó ón Oifig go gceanglaítear faoi na rialacha nó faoi aon treoir chleachtais reachtúil é a shíniú nó a shéalú:

(i) measfar, chun críocha an cheanglais sin, an doiciméad sin a bheith sínithe nó (de réir mar a bheidh) séalaithe i gcás ina n-eiseofar nó ina dtarchuirfear go leictreonach é, i gcás ina mbeidh téacs nó íomhá arb ionann é agus

(I) síniú (de réir mar is cuí) an bhreithimh nó na mbreithiúna lena mbaineann, an Chláraitheora nó an ball foirne iomchuí atá fostaithe san Oifig nó
(II) an séala lena mbaineann
go bhfuil sé ionchorpraithe sa doiciméad nuair a chruthaítear é i bhfoirm leictreonach ag an gCláraitheoir nó ag ball den fhoireann sin ag baint úsáide as córas ríomhchomhdúcháin na Cúirte Uachtaraí;

(ii) measfar chun gach críche gur bunleagan séalaithe den doiciméad é leagan clóite den doiciméad leictreonach sin ina mbeidh an téacs nó an íomhá a sheasann don síniú nó (de réir mar a bheidh) séala.

33. Breithiúnas(a) Is é an seasamh mainneachtana go ndéanfar breithiúnais i scríbhinn ón gcúirt a sheachadadh trí chóip den bhreithiúnas a chur go leictreonach chuig na páirtithe agus cóip, faoi réir cibé athbhreithnithe is infheidhme de ghnáth, agus iad á gcur suas a luaithe is féidir ar shuíomh Gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna. Cuirfear dáta agus am an tseachadta chuig na páirtithe ar an eolas sa Dialann Dlí.(b) Iarrtar ar pháirtithe cumarsáid a dhéanamh go leictreonach leis an gCúirt maidir le saincheisteanna a eascraíonn (má eascraíonn) as an mbreithiúnas, amhail an fhoirm chruinn ordaithe is gá a dhéanamh nó ceisteanna a bhaineann le costais. Má bhíonn a leithéid de cheisteanna ann agus mura n-aontaíonn na páirtithe ina leith seo ba cheart aighneachtaí achomair i scríbhinn a chomhdú go leictreonach le hOifig na Cúirte laistigh de 14 lá tar éis iad a sheachadadh faoi réir aon ordacháin eile a thugtar sa bhreithiúnas. Mura n-éilíonn leasanna an cheartais éisteacht ó bhéal chun nithe den sórt sin a réiteach, déileálfar go cianda le haon saincheisteanna a thiocfaidh chun cinn dá bharr agus foilseofar ar an suíomh gréasáin freisin aon rialú a gceanglaítear ar an gCúirt a dhéanamh agus cuimseofar achoimre ar na haighneachtaí iomchuí a rinneadh, nuair is cuí.

34. Tús a chur le treoir chleachtais roimhe seo agus é a chúlghairm

(a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), tiocfaidh an treoir chleachtais athbhreithnithe seo i bhfeidhm ar an 4 lá de Dheireadh Fómhair 2021. ( b) Cúlghairtear leis seo treoir chleachtais an 29 Deireadh Fómhair 2014, ach gan dochar do bhailíocht aon acht nó imeacht a rinneadh nó a ghlacfar faoi..

(c) Cúlghairtear leis seo treoir chleachtais an 16 Aibreán 2020, ach gan dochar do bhailíocht aon acht nó imeachtaí a rinneadh nó a ghlacfar faoi..

Arna dhátú 30 Meán Fómhair, 2021.
Sínithe
Frank Clarke
Príomh-Bhreitheamh

Sceideal A Foirmeacha

Form 1: Iarratas ar Chead Achomhairc
Form 2: Fógra an Freagróra
Form 3: Fógra go bhfuil as intinn dul ar aghaidh leis an Achomhairc
Form 4: Fógra Iarratais

 

Sceideal B Amlíne

Seachtain 0

Cead Achomhairc deonaithe

Seachtain 1

Fógra go bhfuil ar intinn dul ar aghaidh comhdaithe

Seachtain 2

Ceaptar Breitheamh um Chásbhainistiú agus cuirtear an breitheamh sin in iúl do na páirtithe

Seachtain 3

Aighneachtaí i scríbhinn an achomharcóra comhdaithe

Seachtain 5

Aighneachtaí an fhreagróra comhdaithe

Leabhráin um chásbhainistiú agus comhdhoiciméad comhdaithe ag teacht le forálacha alt 19(f) den treoir chleachtais seo

Seachtain 6

Cás-Chomhdháil:

Seachtain 9

Caithfidh an t-achomharcóir trí shraith de na leabhráin achomhairc a chomhdú a bheidh le comhaontú idir na páirtithe agus cloífidh sé le ceanglais an treoir chleachtais seo faoi réir cibé athruithe a d’fhéadfadh a bheith ordaithe ag an mbreitheamh um chásbhainistiú.

I gcás ina bhfuil neamhchomhlíonadh suntasach leis an Treoir Chleachtais Reachtúil seo nó aon athruithe a d’ordaigh an breitheamh um chásbhainistiú d'fhéadfadh an Cláraitheoir na leabhair a dhiúltú.

Ba cheart do pháirtithe a thabhairt faoi deara go bhféadfadh impleachtaí costais a bheith ann de bharr neamhchomhlíonta dá bhforáiltear i mír 30 den Treoir Chleachtais Reachtúil seo

Seachtain 10

D’fhéadfadh an breitheamh um chásbhainistiú treoracha a thabhairt, más gá, maidir le haon athruithe ar na leabhair achomhairc. 

Seachtain 11

Féadfar Ráiteas ar Chás a eisiúint.

Caithfidh an t-achomharcóir líon iomlán na leabhar achomhairc a chomhdú de réir na treorach cleachtais seo agus aon athruithe a ordóidh an breitheamh um chásbhainistiú.

Seachtain 13 go Seachtain 16

Ba cheart do na páirtithe a bheith ag súil, ceal deacrachtaí a bheith ann, go n-éistfear an t-achomharc le linn na tréimhse seo ach ní mór an dáta cruinn a shocrú maidir le na héilimh eile ar éisteacht ag an am nó thart ar an am atá i gceist.  Táthar ag súil, i bhformhór na gcásanna, go dtabharfar fógra do na páirtithe maidir le dáta na héisteachta sealadacha atá á bheartú ag an gCúirt go luath i ndiaidh na héisteachta ar chásbhainistiú a bheith faoi réir threoracha an bhreithimh um chásbhainistiú a bheith comhlíonta. .

 

Supreme Court