SC17

Iarratais chun breithiúnas nó ordú críochnaitheach arna dhéanamh ag an gCúirt Uachtarach a athrú nó a chealú

Treoir Chleachtais a eisíodh faoi alt 7(7) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 (a cuireadh isteach le mír (a)(iv) d'alt 44 den Acht um an gCúirt Achomhairc 2014)

De bhrí an méid seo a leanas:

  1. Foráiltear le hairteagal 34.5.6° de Bhunreacht na hÉireann an méid seo a leanas:

“Ní bheidh dul thar breith na Cúirte Uachtaraí i gcás ar bith.”;

  1. chinn an Chúirt Uachtarach ("an Chúirt” sa treoir chleachtais seo) nach mbreithneoidh an Chúirt iarratas chun breithiúnas nó ordú críochnaitheach arna dhéanamh ag an gCúirt, seachas iarratas dá dtagraítear i mír 9, a athrú nó a chealú, ach amháin sna cúinsí is eisceachtúla (féach go háirithe: I gcás Greendale Developments Ltd. (faoi leachtú): Iarratasóirí Stephen Fagan agus May Malone Applicants in aghaidh Liam McQuaid [2000] 2 I.R. 514; Bula Ltd. in aghaidh Tara Mines Ltd. (Uimh. 6) [2000] 4 I.R. 412; DPP in aghaidh McKevitt [2009] IESC 29; Murphy in aghaidh Gilligan [2017] IESC 3);
     
  2. is iad na himthosca sin ná, gan aon locht ar thaobh an iarratasóra, go n-oibríonn an t-ordú nó an breithiúnas a rinneadh chun cóir a dhiúltú don iarratasóir agus chun cearta bunreachtúla an iarratasóra a shárú go soiléir (féach Greendale);
     
  3.  tá dualgas mór ar an bpáirtí ar mhian leis iarratas a chur isteach chuig na Cúirte chun breithiúnas nó ordú críochnaithe arna dhéanamh ag an gCúirt (“iarratasóir beartaithe” sa treoir chleachtais seo) a dheimhniú go bhfuil imthosca mar seo ann;
     
  4. ní mór d'iarratasóir beartaithe forais áititheacha agus shubstainteacha a léiriú atá leordhóthanach ar bhonn oibiachtúil chun cur ar chumas na Cúirte a chinneadh go mbeidh údar maith le héisteacht iarratais ar na tuillteanais;
     
  5. Is deimhin liom gur ar mhaithe le riaradh an cheartais agus le cinneadh imeachtaí den sórt sin ar bhealach atá cóir, tapa agus ar dóigh a íoslaghdóidh costas na n-imeachtaí sin a eisím an treoir chleachtais seo:

 

  1. Ní mór d'iarratasóir beartaithe na nithe seo a leanas a thaisceadh in Oifig Chláraitheoir na Cúirte (“an Oifig” sa treoir chleachtais seo) -
  1. cóip den fhógra tairisceana a lorgaítear a eisiúint sna himeachtaí,
  2. mionnscríbhinn, arna mionnú mar is cuí, lena bhfíoraítear aon fhíorais a lorgaítear le brath orthu i dtaca leis an iarratas beartaithe agus
  3. foilseán ar bith dá dtagraítear san mhionnscríbhinn sin.

 

  1. Déanfar na páipéir dá dtagraítear i mír 1 a mheas ag -
  1.  breitheamh aonair na Cúirte nó
  2. painéal de thriúr breithiúna na Cúirte

mar Phríomh-Bhreitheamh, nó i gcás nach mbeidh an Príomh-Bhreitheamh i láthair nó i gcás ina gcinnfidh an Príomh-Bhreitheamh nach mbeadh sé cuí dá dtabharfadh sé nó sí treoir ar an ábhar, ordóidh gnáthbhreitheamh sinsearach na Cúirte atá ar fáil de thuras na huaire.

 

  1. Déanfaidh an breitheamh nó, de réir mar a bheidh, painéal de bhreithiúna dá dtagraítear i mír 2, cinneadh ar na páipéir dá dtagraítear in mír 1, agus ar aon pháipéar i bhfreagra a thabharfar i gcomhréir le mír 4, agus aird á tabhairt ar na prionsabail dá dtagraítear sa chásdlí ábhartha lena n-áirítear an cásdlí dá dtagraítear sna réamhaithrisí a bhaineann leis an treoir chleachtais seo, is cuma más iarratas a mbeidh údar maith le héisteacht ar na tuillteanas ina leith é an t-iarratas beartaithe nó mura bhfuil.

 

  1. Féadfaidh an breitheamh nó painéal de bhreithiúna dá dtagraítear in mír 2, dá lánrogha féin, ordú go seirbheálfar na páipéir dá dtagraítear in mír 1 ar aon pháirtí sna himeachtaí bunaidh agus ar duine ar bith eile chun deis a thabhairt don pháirtí nó don duine sin freagra i scríbhinn, arna thacú, i gcás inar iomchuí, le mionnscríbhinn fhreagartha, ar líomhaintí an iarratasóra beartaithe, a thabhairt don Chúirt.

 

  1. Taiscfear na páipéir i bhfreagra dá dtagraítear in mír 4 san Oifig laistigh den tréimhse ón dáta a sheirbheálfar páipéir an iarratasóra beartaithe de réir mar a ordóidh an breitheamh nó an painéal de bhreithiúna dá dtagraítear in mír 2.

 

  1. Más deimhin leis/léi i gcomhréir le mír 3 gur iarratas a mbeidh údar maith le héisteacht ar na tuillteanas ina leith é an t-iarratas beartaithe, tabharfaidh an breitheamh nó, de réir mar a bheidh, painéal de bhreithiúna dá dtagraítear i mír 2 cead don iarratasóir beartaithe foriarratas iar bhfógra a eisiúint faoi dáta bunaidh tuairisceáin sonraithe agus sa chás sin tabharfaidh an Cláraitheoir fógra faoin gcead agus faoin dáta tuairisceáin i scríbhinn nó i ar ríomhphost.

 

  1. Ar dáta tuairisceáin bunaidh na tairisceana, tabharfaidh an Chúirt treoracha de réir mar a mheasfaidh sí is cuí d'éisteacht na tairisceana.

 

  1. Mura deimhin leis/léi i gcomhréir le mír 3 gur iarratas a mbeidh údar maith le héisteacht ar na tuillteanas ina leith é an t-iarratas beartaithe, diúltóidh an breitheamh nó, de réir mar a bheidh, painéal de bhreithiúna dá dtagraítear in mír 2 cead chun an t-iarratas a dhéanamh, agus sa chás sin cuirfidh an Cláraitheoir an t-iarratasóir beartaithe ar an eolas faoin diúltú seo i scríbhinn nó ar ríomhphost.

 

  1. (1) Ní bheidh feidhm ar an treoir chleachtais seo ar iarratais -
    1. ar cheartúchán a dhéanamh ar dhearmad cléireachais i mbreithiúnas nó in ordú ón gCúirt nó aon earráidí a tharlóidh de thaisme iontu mar gheall ar aon bhotún nó easnamh,
    2. ar cheartúchán a dhéanamh ar bhreithiúnas nó ar ordú ón gCúirt ar an mbonn nach luaitear ar an mbreitheamh nó ar an ordú mar atá siad dréachtaithe cinneadh agus cuspóir iarbhír na Cúirte.
    3. ar bhreithiúnas nó ordú ón gCúirt a chur ar ceal ar an mbonn gur trí chalaois a fuarthas an breithiúnas nó an t-ordú sin.

(2) Féadfaidh ceartúchán a dhéanamh ar dhearmad cléireachais nó botún dá dtagraítear i bhfomhír (1)(a)—

  1.  nuair a toileoidh na páirtithe, agus le cead ón gCúirt tugtha ag an gCláraitheoir,
  1. ar iarratas i scríbhinn chuig an gCláraitheoir ó aon pháirtí, a mbeidh litir toilithe leis an gceartúchán ó gach páirtí eile ceangailte nó
  2. nuair a fhaigheann an Cláraitheoir litreacha toilithe ó gach páirtí; nó
  1. nuair a nach dtoileoidh na páirtithe, ag an gCúirt
  1. ar iarratas chuig an gCúirt trí fhoriarratas iar bhfógra chuig an bpáirtí eile nó
  2. ar liostú an imeachta os comhair na Cúirte ag an gCláraitheoir ar fhógra a thabhairt do gach páirtí.

Arna dhátú an 9 lá seo de Iúil 2018
Frank Clarke
Príomh-Bhreitheamh

Supreme Court