SC22

Coimisinéir Mionnaí - Gearáin i Scríbhinn

SC 22 - Coimisinéir Mionnaí - Gearáin i Scríbhinn

Ag féachaint don tuairim (“an Tuairim”) a léirigh triúr breithiúna den Chúirt Uachtarach d'aon toil, tar éis éisteacht le hargóintí maidir leis sin ó abhcóidí thar ceann an Ard-Aighne agus ó abhcóidí thar ceann Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann, is cosúil go bhfuil dlínse dúchasach dílsithe don Phríomh-Bhreitheamh chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir le hoiriúnacht daoine atá ceaptha ag an bPríomh-Bhreitheamh mar Choimisinéirí Mionnaí chun leanúint ar aghaidh mar sin.

Á meabhrú dom gur mhol an Tuairim gur cheart go mbeadh nósanna imeachta leagtha amach le gur féidir cóir cothrom a dhéanamh ar cheisteanna den sórt sin, leis seo eisím an Treoir Chleachtais seo a leanas.

1. Gríosú Fiosrúcháin

Féadfar tús a chur le fiosrúchán faoi oiriúnacht leanúnach duine chun a bheith ina Choimisinéir Mionnaí ar cheann amháin de dhá bhealach mar a leanas:-

  1. Féadfaidh duine gearán a scríbhinn a dhéanamh leis an bPríomh-Bhreitheamh ina sonrófar an bunús ar a measann sé/sí nár cheart duine, arna cheapadh go cuí ag an bPríomh-Bhreitheamh chun bheith ina Choimisinéir Mionnaí, a mheas a thuilleadh a bheith oiriúnach chun an ról sin a choinneáil; nó
  2. Féadfar faisnéis a chur faoi bhráid an Phríomh-Bhreithimh lena n-ardófar ceisteanna faoin oiriúnacht sin.

2.         I gceachtar cás, measfaidh an Príomh-Bhreitheamh má ardaíonn na ceisteanna a nochtar maidir leis an oiriúnacht seo an gá le himeacht gairmiúil nó mura n-ardaíonn. I gcás nach deimhin leis an bPríomh-Bhreitheamh, tiocfaidh deireadh leis an ábhar agus, i gcás gearáin, cuirfear é sin in iúl don ghearánach. I gcás gur deimhin leis an bPríomh-Bhreitheamh, leanfar na nósanna imeachta seo a leanas.

3. An Próiseas

3.1       Cuirfear an duine ar ceistíodh a (h)oiriúnacht chun leanúint ar aghaidh mar Choimisinéir Mionnaí go feadh méid gur deimhin leis an bPríomh-Bhreitheamh go bhfuil gá le breithniú tuilleadh a dhéanamh air (“an Coimisinéir lena mbaineann”) ar an eolas i scríbhinn faoi na hábhair go léir ar cuireadh faoi bhráid an Phríomh-Bhreithimh agus a raibh gá le tuilleadh fiosruithe mar thoradh orthu. Cuirfear an Coimisinéir lena mbaineann ar an eolas faoi dháta, tráth nach lú ná deich lá tar éis an doiciméadacht a sheoladh, ar a ndéanfar an t-ábhar le lua os comhair an Phríomh-Bhreithimh. Cuirfear Dlí-Chumann na hÉireann ar an eolas faoin dáta luaite sin agus tabharfar cuireadh dó ionadaí a bheith aige más mian leis. I gcás go n-ardófar an cheist as gearán, cuirfear an duine a bhfuil an gearán a dhéanamh aige/aici ar an eolas freisin agus tabharfar cuireadh dó/di freastal air nó ionadaí a bheith aige/aici más mian leis/léi. Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh treorach a thabhairt maidir le duine éigin eile a chur ar an eolas a d'fhéadfadh, ar bhonn na faisnéise ar fáil ansin, faisnéis a bheith aige/aici a d'fhéadfadh, dar leis an bPríomh-Bhreitheamh, a bheith ábhartha maidir le meas na ceiste i dtaobh ar cheart an duine seo leanúint ar aghaidh mar Choimisinéir Mionnaí.

3.2       Ar an dáta luaite sin, tabharfaidh an Príomh-Bhreitheamh, tar éis dó éisteacht le gach páirtí a bheidh i láthair, cibé treoracha maidir le fianaise mionnscríbhinne nó aighneachtaí a chomhdú de réir mar is gá don Phríomh-Bhreitheamh chun stiúradh ar éisteacht ceart ar an ábhar a chinntiú. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an Príomh-Bhreitheamh treoracha maidir leis an modh éisteachta substainteach is gá lena n-áirítear céannacht na ndaoine a bheidh i dteideal páirt a ghlacadh san éisteacht sin.

3.3       Is é a tharlóidh de réir réamhshocraithe ná go n-éistfear leis an ábhar ar fhianaise mionnscríbhinne agus aighneachtaí (idir scríofa agus ó bhéal). Mar sin féin, más rud é, i dtuairim an Phríomh-Bhreithimh, gur gá saincheisteanna fíorais atá faoi chonspóid a réiteach chun réiteach cothrom a fháil ar an gceist, stiúrfaidh an Príomh-Bhreitheamh fianaise ó bhéal agus croscheistiú maidir leis na saincheisteanna fíorais sin.

3.4       Tar éis cibé éisteacht is gá i gcomhréir leis an Treoir Chleachtais seo, eiseoidh an Príomh-Bhreitheamh rialú lena gcinnteofar más duine cuí fós é an Coimisinéir lena mbaineann chun gníomhú mar Choimisinéir Mionnaí nó mura bhfuil. I gcás go gcinnfidh an Príomh-Bhreitheamh nach duine oiriúnach é an Coimisinéir lena mbaineann, feidhmeoidh an Príomh-Bhreitheamh an chumhacht dhúchasach atá aitheanta sa Tuairim chun an Coimisinéir lena mbaineann a bhaint de liosta na ndaoine sin atá i dteideal gníomhú mar Choimisinéir Mionnaí agus féadfaidh sé treoracha coimhdeacha eile a thabhairt de réir mar is cuí sna himthosca.

3.5       Chomh maith leis sin, i gcás nach deimhin leis an bPríomh-Bhreitheamh gur cuí an Coimisinéir lena mbaineann a bhaint láithreach sa bhealach atá luaite thuas, ach i gcás ina mbeidh imní ar an bPríomh-Bhreitheamh maidir le hiompar an Choimisinéara lena mbaineann, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh a mholadh go gcuirfí coinníollacha i bhfeidhm ar an modh ar chóir don Choimisinéir lena mbaineann a g(h)nó a dhéanamh mar choinníoll go leanfadh an Coimisinéir lena mbaineann san oifig. Mura deimhin leis an gCoimisinéir lena mbaineann na coinníollacha sin a chomhlíonadh, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh a shocrú nach mbeidh sé cuí go leanfaidh an Coimisinéir lena mbaineann mar Choimisinéir gan na cosaintí sin agus féadfaidh sé gníomhú dá réir sin.

3.6       Ba cheart an gearán i scríbhinn a dhíriú chuig an bPríomh-Bhreitheamh agus é a sheachadadh d'Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí, Na Ceithre Cúirteanna, Cé na nÓstaí, Baile Átha Cliath 7. Ba cheart aon doiciméadacht bhreise a ordóidh an Príomh-Bhreitheamh faoi fhorálacha na Treorach Cleachtais seo a thaisceadh san Oifig sin.

Frank Clarke
Príomh-Bhreitheamh
An 22ú Eanáir, 2021


Nasc chuig an leathanach d'Imeachtaí na hUaschúirte: Nótaire Poiblí agus Coimisinéir Mionnaí

Supreme Court