SC15

Aighneachtaí i scríbhinn

  1. Faoi réir treoracha na Cúirte Uachtaraí agus na míreanna seo a leanas den treoir seo, cuirfear cóip d'aighneachtaí i scríbhinn arna taisceadh sa Chúirt Uachtarach nó arna tarchuireadh chuici ar an nó ina dhiaidh an 7 Deireadh Fómhair, 2013 maidir le héisteacht aon achomhairc nó lena linn, ar fáil do dhuine ar bith a iarrann uirthi, tar éis táille is inéillithe ar chóip den sórt sin a íoc.
     
  2. Tabharfar an méid seo a leanas do dhuine a dhéanann iarraidh den sórt sin -
  1. cóip de na haighneachtaí i scríbhinn san fhoirm ina bhfuarthas iad nó
  2. i gcás feidhm a bheith ag mír 3, cóip den leagan páirtfholaithe de na haighneachtaí i scríbhinn sin arna taisceadh i gcomhréir leis an mír sin.

 

  1. Le héifeacht ón dáta réamhluaite, déanfaidh gach páirtí in achomharc nó in ábhar, i gcás ina mbeidh aon fhaisnéis sna haighneachtaí i scríbhinn agus a bhfuil toirmeasc ar an bhfaisnéis sin a fhoilsiú le haon achtachán, riail dlí nó ordú cúirte, nó a sháródh atá in aon srian achtachán, riail dlí nó ordú cúirte, leagan páirtfholaithe d'aighneachtaí i scríbhinn de chuid an pháirtí sin a tharchur chuig Oifig na Cúirte Uachtaraí i bhformáid leictreonach, óna scriosfar an fhaisnéis sin go léir.
     
  2. Beidh sé de fhreagracht ar na páirtithe nach mbeidh ábhar scannalach, maslach nó cráiteach sna haighneachtaí.
     
  3. Ní chuirfear aighneachtaí ar fáil roimh thús éisteacht an achomhairc. Ba cheart go n-urramódh foilsiú ar bith ón duine a fhaigheann na haighneachtaí aon toirmeasc sa dlí nó in ordú ón gCúirt.
     
  4. Déanfar iarratas ar chóip d'aighneachtaí i scríbhinn chuig Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí.
     
  5. D'fhéadfadh Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí –
    1. treoir na Cúirte Uachtaraí maidir le hiarratas a rinneadh faoin treorach seo a lorg,
    2. cóip d'aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar i bhfoirm leictreonach.


Susan Denham
Príomh-Bhreitheamh
7 Deireadh Fómhair, 2013

Supreme Court