SC11

Maidir le rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saoirse chun Seirbhísí a Sholáthar) (Dlíodóirí), 1979 go 2004

  1. Baineann an treoir chleachtais seo le haon dlíodóir ar mian leis tabhairt faoi ghníomhaíochtaí sa Stát maidir le hionadaíocht a dhéanamh ar chliant in imeachtaí dlí roimh an gCúirt Uachtarach nó roimh an gCúirt Achomhairc Choiriúil mar dhlíodóir cuairte taobh istigh de chiall na Rialachán thuasluaite.
     
  2. Chun a cháilíocht mar dhlíodóir a chruthú de réir Rialacháin 7(1) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Saoirse chun Seirbhísí a Sholáthar) (Dlíodóirí), 1979 (Rialacháin 1979”), beidh ar aon dlíodóir dá leithéid (“an dlíodóir cuairte”) an nós imeachta a leanas a chomhlíonadh:
     
  3. Comhdóidh an dlíodóir cuairte, leis an gcúirt chuí, mionnscríbhinn a mionnaíodh roimh aturnae a chleachtann nó roimh choimisinéir mionnaí, sa tír seo (arbh fhéidir gurb é an dlíodóir lena bhfuil sé nó sí ag obair de réir na rialachán) ina dteistítear mar a leanas:
  1. Ballstát an Aontais Eorpaigh ina bhfuil sé nó sí bunaithe mar dhlíodóir agus an teideal gairmiúil atá sé i dteideal a úsáid de réir na Rialachán.
  2. ainm na hollscoile nó na hinstitiúide eile óna bhfuair sé nó sí cáilíochtaí dlí, lena n-áirítear an bhliain agus teideal na céime dlí a bronnadh.
  3. ainm agus seoladh, agus mionsonraí iomlána an údaráis inniúil faoina bhfuil sé nó sí i dteideal cleachtadh sa Bhallstát i gceist. Léireoidh an mhionnscríbhinn fianaise dhoiciméadach ón údarás sin go bhfuil sé nó sí i dteideal cleachtadh mar aon le haon eolas cuí eile a thaispeánann go bhfuil sé nó sí i dteideal cleachtadh sa Bhallstát.
  1. Ba chóir an mhionnscríbhinn a thaisceadh le Cláraitheoir na Cúirte mar aon le mionsonraí an dlíodóra atá i dteideal cleachtadh os comhair na Cúirte agus lena bhfuil an dlíodóir AE ag obair de réir Rialacháin 6 de Rialacháin 1979.
     
  2. Ón uair a thaisctear mionnscríbhinn dá leithéid i dtaca le himeachtaí ar leith, ní bheidh gá le haon mhionnscríbhinn eile ón dlíodóir cuairte maidir le haon imeachtaí eile ina dhiaidh sin mura dtreoraíonn an chúirt a mhalairt. I ngach cás, áfach, ba chóir an Cláraitheoir a chur ar an eolas faoin dlíodóir atá i dteideal cleachtadh os comhair na Cúirte agus lena bhfuil an dlíodóir cuairte ag obair.

Ar a rogha féin, agus imthosca na cúise á gcur san áireamh aici, is féidir leis an gCúirt éisteacht le dlíodóir cuairte ar feitheamh chomhdú a mhionnscríbhinne nó treoracha eile a eisiúint i leith na ceiste seo.

John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
22 Bealtaine, 2006

Supreme Court