SC07

Ceapachán coimisinéirí mionnaí ag an bPríomh-Bhreitheamh

De bhun na gcumhachtaí a dhílsítear dom le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, leis seo déanaim an treoir agus an rialachán seo a leanas maidir le hiarratais daoine atá le ceapadh ina gcoimisinéirí mionnaí:

  1. In iarratas chun coimisinéir mionnaí a cheapadh, ní cheanglófar ar an achainíoch deimhniú nach leor líon na gcoimisinéirí atá ar fáil faoi láthair chun daoine a chur faoi mhionn sa chontae, sa chathair nó sa cheantar da n-iarrtar ceapachán chun riachtanais gnó nó riachtanais tráchtála a chomhlíonadh agus ní bheidh gá le deimhneasc i leith an ábhair sin san achainí nó sna doiciméid tacaíochta.
     
  2. Gabhfaidh éifeacht leis an treoir seo ar an agus ón 26 Eanáir 2006

John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
25 Eanáir 2006

Supreme Court