SC14

Achomhairc faoi alt 29(2) den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 (arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil 2006 agus leis an Acht um Cheartas Coiriúil 2007)

  1. Baineann alt 29 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 (“an tAcht”) le hachomhairc chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne cinntí ón gCúirt Achomhairc Choiriúil ar aon achomharc nó ábhar eile. Cuireadh alt 22 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 in ionad alt 29 agus leasaíodh é tuilleadh le halt 59 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007 a tháinig i ngníomh ar an 18ú lá de mhí na Bealtaine, 2007.
     
  2. Go dtí go dtiocfaidh na rialacha cúirte i ngníomh lena rialaítear go mionsonrach an nós imeachta in achomhairc mar sin, ba chóir an nós imeachta atá leagtha amach sa treoir chleachtais seo a úsáid i ngach aon achomharc a thionscnófar tar éis an dáta seo.
     
  3. I gcás go ndéanfar achomharc chun na Cúirte Uachtaraí i gcomhréir le halt 29(2) den Acht, seirbheálfaidh an t-achomharcóir fógra achomhairc ar an ionchúisitheoir agus déanfaidh sé bunchóip an deimhnithe sin maidir leis an bponc dlí lena ngabhann tábhacht phoiblí eisceachtúil a thaisceadh in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí agus an fógra achomhairc á thaisceadh aige i gcomhréir le hOrdú 58, riail 11.
     
  4. I gcás go ndéanfar achomharc chun na Cúirte Uachtaraí i gcomhréir le halt 29(3) den Acht, seirbheálfaidh an t-achomharcóir fógra achomhairc mar aon le cóip den deimhniú maidir leis an bponc dlí lena ngabhann tábhacht phoiblí eisceachtúil ar an duine cúisithe lena mbaineann sé agus déanfaidh sé bunchóip an deimhnithe sin a thaisceadh in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí agus an fógra achomhairc á thaisceadh aige i gcomhréir le hOrdú 58, riail 11.
     
  5. I gceachtar cás den sórt sin, san fhógra achomhairc, sonrófar an t-ordú/na horduithe agus an cinneadh/na cinntí atá á lorg, leagfar amach forais don achomharc agus cuirfear leis ráiteas atá deimhnithe ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil, ag an Ard-Aighne, nó, de réir mar a bheidh, ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go mbaineann ponc dlí lena ngabhann tábhacht phoiblí eisceachtúil leis an mbreith a rinne an Chúirt Achomhairc Choiriúil agus go mbeidh sé inmhianaithe ar mhaithe le leas an phobail go ndéanfaidh an t-achomharcóir an t-achomharc chun na Cúirte Uachtaraí.
     
  6. Más rud é, in aon achomhairc faoi alt 29(2) nó faoi alt 29(3) den Acht, gur mian leis an achomharcóir i gcomhréir le halt 29(5A) den Acht, cinneadh maidir le haon chuid den bhreith a rinne an Chúirt Achomhairc Choiriúil lena mbaineann seachas an ponc dlí lena ngabhann tábhacht phoiblí eisceachtúil atá mar ábhar an deimhnithe a lorg, sonrófar an fógra achomhairc an chuid eile den bhreith lena mbaineann, chomh maith leis an gcinneadh atá á lorg ar an gcuid sin. Cuirfidh an t-achomharcóir iarratas isteach chun na Cúirte Uachtaraí, trí fhoriarratas iar bhfógra chuig gach duine eile a bheidh i dteideal éisteacht a fháil, ar ordú lena dtabharfar cead chun éisteacht le hargóint agus lena ndéanfar cinneadh maidir leis an gcuid sin.
     
  7. Más rud é, in achomharc de réir alt 29(3) den Acht, gur mian leis an duine cúisithe lena mbaineann éisteacht a fháil ar an achomharc, tabharfaidh sé nó a ionadaí dlí fógra i scríbhinn ar an intinn seo chuig Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí tráth nach déanaí ná ceithre lá déag tar éis a seirbheáladh an fógra achomhairc air, agus cóip den bhfógra sin a thabhairt don achomharcóir laistigh den tréimhse chéanna.
     
  8. In aon achomharc faoi alt 29(2) nó alt 29(3) den Acht, i gcás go n-eiseofar teastas tar éis dáta na treorach seo, seirbheálfar an fógra achomhairc tráth nach déanaí ná lá is fiche ón am a eiseofar an deimhniú dá dtagraítear in alt 29 (2) nó in alt 29(3) den acht, de réir mar a bheidh. I ngach cás eile ina n-eiseofar an deimhniú roimh dháta na treorach seo agus nár seirbheáladh an fógra achomhairc, seirbheálfar an fógra achomhairc laistigh de lá is fiche ón am a chuirfear na páirtithe ar an eolas faoin treoir seo.
     
  9. Féadfaidh an Chúirt Uachtarach, más ar iarratas ó pháirtí ar fhógra chuig gach duine eile a bheidh i dteideal éisteach a fháil nó ar a tairiscint féin, orduithe agus treoracha den chineál sin a thabhairt i dtaobh stiúradh achomhairc ar bith faoi alt 29(2) nó alt 29(3) den Acht, a mheasfar a bheith cuí.
     
  10. In achomharc faoi alt 29(3) den Acht, déanfar abhcóide a shannfaidh orduithe faoi alt 29(5) den Acht, i gcás ceachtar de na himthosca dá dtagraítear in míreanna (a) nó (b) den alt 29(5) den Acht ar iarratas dá luaitear in mír 9, nó ar shlí eile ag am ar bith de thairiscint na Cúirte Uachtaraí féin.
     
  11. I gcás ina measfaidh an Chúirt Uachtarach go bhféadfadh sé a bheith inmhianaithe ordú nó treorach den sórt sin a thabhairt as a stuaim féin agus nuair a nach mbeidh aon chur i bhfeidhm ar an aidhm sin os comhair na Cúirte Uachtaraí, féadfaidh an Chúirt Uachtarach a chur faoi deara an t-achomharc a liostú lena lua agus dáta agus am an liostú a chur ar eolas na bpáirtithe nó a n-ionadaí dlí chun éisteacht leis na páirtithe nuair a dhéanfar aon ordú den sórt sin nó nuair a dtabharfar aon treorach den sórt sin.
     
  12. Gabhfaidh éifeacht leis an treoir chleachtais seo ar an gcéad lá de mhí Dheireadh Fómhair 2007 agus scoirfidh é d'éifeacht a bheith leis nuair a gcuirfeá na rialacha cúirte dá dtagraítear thuas i bhfeidhm.

 

 

__________________
John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
28 Meán Fómhair 2007

Supreme Court