SC04

An tAcht um Fhuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta, 1991 - Coinbhinsiún na Háige

Ón 1 Deireadh Fómhair 2007 i ngach cás ina dtaiscfear fógra achomhairc ó bhreithiúnas na hArd-Chúirte in imeachtaí faoin Acht thuas, déanfar an cás a liostú lena lua ar an nDéardaoin ina dhiaidh sin. Ní mór do na cleachtóirí a bhfuil páirt á ghlacadh acu san achomharc a bheith in ann cur in iúl don chúirt, nuair a ghlaofar an cás ar an lá céanna, cad iad na bearta a rinneadh chun éisteacht gasta a chinntiú. Tabharfar treoracha ag an am sin maidir le comhdú na n-aighneachtaí i scríbhinn agus socrófar dáta luath chun an t-achomharc a éisteacht.

I gcás go dtaiscfear fógra achomhairc le linn na saoire, déanfar an t-achomharc a liostú lena lua ar an gcéad Déardaoin den téarma ina dhiaidh sin nó ar dáta eile a ordófar.

Gabhann an treoir chleachtais seo ionad threoir cleachtais an 17 Iúil 2003 agus eiseofar é lena chinntiú go gcomhlíonann an Stát na forálacha Choinbhinsiún na Háige sin a éilíonn pras agus éascaíocht maidir le réiteach imeachtaí faoin gCoinbhinsiún.

 

______________

John L. Murray,
Príomh-Bhreitheamh
28 Meán Fómhair 2007

Supreme Court