Is é an Príomh-Bhreitheamh, ag suí i gcúirt oscailte, a cheapann Nótairí Poiblí. Déantar iarratais d'achainí ina léirítear áit chónaithe agus slí bheatha an achainígh agus a oiriúnaí atá sé/sí le bheith ceaptha ina nótaire poiblí.

Nótaire Poiblí

Nótaire Poiblí

Is é an Príomh-Bhreitheamh, ag suí i gcúirt oscailte, a cheapann Nótairí Poiblí. Déantar iarratais d'achainí ina léirítear áit chónaithe agus slí bheatha an achainígh, agus a oiriúnaí atá sé/sí le bheith ina nótaire poiblí. Ba chóir go gcuimseofaí san achainí ráiteas go bhfuair an t-achainíoch teastas ó Dhámh Nótairí Poiblí na hÉireann a chomhlíonann forálacha Ordú 127 de Rialacha na nUaschúirteanna .

Ní mór go ndeimhneofar an achainí i mionnscríbhinn an achainígh. Ba chóir go dtaispeánfaí sa mhionnscríbhinn deimhniú nó deimhnithe oiriúnachta arna síniú de ghnáth ag seisear ball de ghairm an dlí agus seisear ceannasaithe den phobal áitiúil gnó.

Tugtar an achainí os comhair an Phríomh-Bhreithimh d'fhógra foriarratais a chaithfear a sheirbheáil trí Oifig na Cúirte Uachtaraí:

  • Cláraitheoir Dhamh Nótairí Poiblí na hÉireann
  • Rúnaí Dhlí-Chumann na hÉireann.

Féadann abhcóide nó aturnae an achainí a mholadh thar ceann an achainígh nó féadann an t-achainíoch féin é a dhéanamh. Is é an gnáthchleachtas gan ach aturnaetha a cheapadh ina nótairí poiblí. Nuair a dhéanann daoine nach aturnaetha iad iarratas, ní mór dóibh a ghealladh don Phríomh-Bhreitheamh nach rachaidh siad i mbun tíolactha ná obair dhleathach a dhéanann aturnae mar is cuí.

Is iad seo a leanas na táillí:

1. Achainí

€85.00

2. Mionnscríbhinn

€20.00

3. Fógra Foriarratais

€60.00

4.  Ar Fhógra Foriarratais a Thaisceadh

€6.50

5.  Seirbheáil gach cóipe

€1.00

6 Ar choimisiún (má éiríonn leis an iarratas)

€330.00

 

Eolas agus Foirmeacha

  • Eolas ar iarratas a dhéanamh ar a bheith i do nótaire poiblí
  • Achainí le bheith ceaptha mar nótaire poiblí
  • ​Fógra foriarratais ag duine atá ag iarraidh a bheith ceaptha mar nótaire poiblí
  • Mionnscríbhinn le bheith ceaptha mar nótaire poiblí
  • Deimhniú cónaithe áitiúil do dhuine atá ag iarraidh a bheith ceaptha mar nótaire poiblí
  • Deimhniú baill de ghairm an dlí do dhuine atá ag iarraidh a bheith ceaptha mar nótaire poiblí