Ag croí ár gcórais ceartais, agus é i measc a fhorais is sine, tá an ceart ar thriail ag giúiré de do phiaraí. Tá seirbhís ghiúiré ar na dualgais is tábhachtaí is féidir a iarraidh ort a dhéanamh mar shaoránach.

Má tá ceist agat faoi thoghairm ghiúiré, déan teagmháil leis an oifig atá liostaithe ar an doiciméad giúiré.

Foláireamh R-phoist Calaoiseach

Foláireamh R-phoist Calaoiseach

N.B. Tá curtha ar ár súile dúinn go bhfuil fógraí calaoiseacha seirbhís ghiúiré de r-phost faighte ag daoine sa phobal.

Ba chóir r-phoist den chineál seo a scriosadh agus gan cliceáil ar aon nasc iontu. Is tríd an gcóras postais amháin a thagann toghairm ghiúiré fhíor.

Tabhair do d'aird go bhféadfadh an tSeirbhís Cúirteanna dul i dteagmháil de théacs le giúróirí a dheimhnigh go mbeidh siad i láthair agus a thug uimhir theagmhála fón póca faoi aon athrú atá ina dtoghairm.

Nuair a bheidh tú ag deimhniú go mbeidh tú i láthair, tabhair uimhir theagmhála fón póca más féidir.

An Méid atá i gCeist le Seirbhís Ghiúiré

An Méid atá i gCeist le Seirbhís Ghiúiré

Níl saineolas ná sainchumas de dhíth ort  le bheith i do ghiúróir. Faigh tuilleadh eolais faoina bhfuil i gceist le Seirbhís Ghiúiré.

Fuair mé toghairm - Cad ba chóir dom a dhéanamh?

Fuair mé toghairm - Cad ba chóir dom a dhéanamh?

Faigh eolas ar chomhlánú na foirme Freagra ar Thoghairm Ghiúiré anseo.

Cé is féidir a ghairm le haghaidh Seirbhís Ghiúiré ?

Cé is féidir a ghairm le haghaidh Seirbhís Ghiúiré ?

Roghnaítear giúróirí go randamach agus cuirtear faoi mhionn iad breith a thabhairt bunaithe ar fhianaise a thugtar i gcás cúirte.

Glactar leis go bhféadann gnáthdhaoine a stuaim a léiriú chun teacht ar bhreith chothrom, réasúnta.

Eolas ar Dhíolúine

Eolas ar Dhíolúine

Tá eolas ar dhíolúine ar fáil anseo.

Neamhláithreacht ón Obair

Neamhláithreacht ón Obair

Cad faoi mo phost?

Cad a tharlaíonn an lá a dtéim chun na cúirte ?

Cad a tharlaíonn an lá a dtéim chun na cúirte ?

Ní mór do gach duine a ghairtear le haghaidh seirbhís ghiúiré teacht chun na cúirte ar an dáta atá ar do thoghairm.

Roghnaítear ainmneacha giúróirí go randamach i gcomhair cás ar leith. Cé go ngairtear thú le haghaidh seirbhís ghiúiré, d'fhéadfadh sé nach bhfreastalófá.

Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil.