Níl eolas ná cumais ar leith de dhíth ort le bheith i do ghiúróir. Iarrfar ort leas a bhaint as do chiall don bhreith agus don chothroime chun teacht ar chinneadh faoi fhíricí an cháis. Míneoidh breitheamh an cháis gach rud eile is gá a bheith ar eolas agat maidir leis an dlí.

Is ann don tSeirbhís Ghiúiré chun cearta duine aonair a chosaint agus ionas go mbíonn an pobal páirteach i riar an cheartais. Diomaite de bheagán eisceachtaí, féadann duine ar bith a gcuirtear cion tromchúiseach coireachta síos dó triail ghiúiré a roghnú. Is le giúiréithe fosta a thriailtear roinnt cásanna sibhialta (amhail cásanna clúmhillte agus díobháil phearsanta).

Ba chóir gurbh eispéireas dearfach é a bheith rannpháirteach sa tseirbhís ghiúiré. Déanfaidh tú cinntí tábhachtacha: i ngnóthaí coiriúla, is tusa a shocróidh cé acu ciontach nó neamhchiontach atá duine; i ngnóthaí sibhialta, is tusa a shocróidh cé air a bhfuil an locht.

Ní íoctar aon chostais leat as freastal ar sheirbhís ghiúiré. Má roghnaítear thú chun freastal mar dhuine den 12 ghiúróir mionnaithe, cuirfear lón agus sólaistí eile ar fáil.
Ní íoctar aon chostais leat as freastal ar sheirbhís ghiúiré. Má roghnaítear thú chun freastal mar dhuine den 12 ghiúróir mionnaithe, cuirfear lón agus sólaistí eile ar fáil.

Le linn trialach, rachaidh tú abhaile gach tráthnóna agus ba chóir duit gan an cás ná an plé atá ag an ngiúiré a phlé le haon duine, ar na meáin shóisialta ná ar aon ardán eile.

Ní mór don 12 bhall den ghiúiré príomhghiúróir a thoghadh, a labhróidh ar a son agus a chuirfidh an bhreith scríofa i láthair. Pléifidh siad gnóthaí sa seomra giúiré gan aon cumarsáid ón taobh amuigh ceadaithe.

Féadann tú nótaí a ghlacadh más mian leat ach ní gá gach rud a scríobh síos óir déanfaidh an breitheamh achoimre ar an bhfianaise duit ag deireadh an cháis. Féadann giúróirí fosta nótaí a thabhairt don príomhghiúróir chun a iarraidh ar an mbreitheamh gnéithe áirithe den chás a mhíniú.

A luaithe a chuirtear an triail i gcrích, ní mór don ghiúiré a mbreith a shocrú gan ach an fhianaise a tugadh sa chúirt agus treoracha an bhreithimh a mheas. Comhlíonann sé treoracha an bhreithimh maidir le gnóthaí dleathacha.

Nuair a bheidh a gcinneadh déanta ag an ngiúiré, fillfidh siad ar an gcúirt agus léifear amach an bhreith.

Níl aon ról ag an ngiúiré sa phianbhreith. Is faoin mbreitheamh atá an cinneadh sin.