Iarrtar ort ar do Thoghairm Ghiúiré freastal ar sheirbhís ghiúiré. Déarfar leat an dáta, am agus an teach cúirte ar gá duit freastal air. Ní mór duit freagairt don toghairm seo ag úsáid na foirme Freagra ar Thoghairm Ghiúiré. Is cuidiú iad na céimeanna seo a leanas chun an fhoirm a chomhlánú.

Toghairm Ghiúiré

Toghairm Ghiúiré

 

Nuair a fhaigheann tú Toghairm Ghiúiré:

1. Léigh an toghairm go cúramach. Má tá tú sásta go bhfuil tú incháilithe ar sheirbhís ghiúiré, freagair ‘Dearbhaím’ i gCuid 1 – ‘Dearbhaím go bhfuil mé incháilithe ar sheirbhís ghiúiré’.

2.  Má chreideann tú nach bhfuil tú incháilithe nó go bhfuil tú dícháilithe ar sheirbhís ghiúiré, freagair ‘Creidim’ i gCuid 2 – ‘Creidim nach bhfuil mé incháilithe ar sheirbhís ghiúiré ar an gcúis seo a leanas’. Tabhair an chúis a gcreideann tú nach bhfuil tú incháilithe nó an chúis a gcreideann tú go bhfuil tú dícháilithe.

3.  Más mian leat go scaoilfear ó sheirbhís ghiúiré thú, iontráil an chúis i gCuid 3 den toghairm ghiúiré agus cuir isteach aon doiciméad a thacaíonn leis seo. Má tá tú i dteideal go scaoilfear thú ó cheart, scríobh an chúis anseo.

4. Seol an freagra ar ais chuig Toghairmeacha Giúiré.

Nuair a bheidh an fhoirm Freagra ar Thoghairm Ghiúiré comhlánaithe agat, seol ar ais de r-phost é chuig juries@courts.ie  nó sa chlúdach réamhíoctha atá faoi iamh. Cinntigh go dtugann tú d'uimhir uathúil ghiúiré (coirnéal uachtair ar dheis den toghairm) ar aon r-phost nó comhfhreagras leis an Oifig Chúirte Ghiúiré. Ba chóir duit an Toghairm Ghiúiré a choinneáil agus a thabhairt leat chun na cúirte más ag freastal i gcomhair seirbhís ghiúiré atá tú.

Cad a tharlaíonn i ndiaidh dom an fhoirm Freagra ar Thoghairm Ghiúiré a sheoladh ar ais?

Má tá tú incháilithe ar sheirbhís ghiúiré, ba chóir duit freastal ar an dáta agus ag an am atá ar an Toghairm Ghiúiré.

Má chomhlánaigh tú Cuid 2 nó Cuid 3 den Toghairm Ghiúiré, scríobhfaidh an Cláraitheoir Contae chugat lena rá leat cé acu a scaoileadh nó nár scaoileadh thú agus más gá duit freastal.

An féidir liom díreach neamhiontas a dhéanamh den Toghairm Ghiúiré?

Ní féidir. Ní mór duit an toghairm a fhreagairt - tá sé éigeantach. Mura bhfreagróidh tú an toghairm, tá pionóis i gceist as gan teacht chun na cúirte. Tá siad seo leagtha amach ar leathanach cúil na Toghairme Giúiré.

Mura bhfuil tú neamh-incháilithe, dícháilithe nó scaoilte, is éigeantach, riachtanach a bheith i láthair agus tuigtear a luachmhaire leis. Is cuid riachtanach den phróiseas dleathach iad na giúróirí. Déanfaidh an breitheamh an fheidhm atá leat, má ghlaoitear ort a bheith i do ghiúróir, a leagan amach duit.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifig atá liostaithe ar d'fhógra toghairm ghiúiré má bhíonn deacrachtaí agat le d'fhógra.