B'fhéidir go mbeifeá as láthair ó do chuid oibre agus tú ar sheirbhís ghiúiré - cad atá i gceist domsa?

Oibrí féinfhostaithe

Más duine féinfhostaithe thú agus cailliúint ioncaim an toradh a bheadh ar sheirbhís ghiúiré, is féidir iarratas ar scaoileadh a chur chuig an gCláraitheoir Contae ach é faoina d(h)iscréid. Más fostaí thú, ní ghlactar le tiomantais oibre mar chúis iomchuí le bheith scaoilte ó sheirbhís ghiúiré. Tá tuilleadh eolais ar dhíolúintí anseo.
 

Cad a déarfaidh mé le m'fhostóir?

Nuair a fhaigheann tú toghairm ghiúiré, ba chóir duit a rá le d'fhostóir láithreach gur glaodh chun seirbhís ghiúiré thú. Ag an bpointe seo, ní bheidh tú in ann a rá leo cá fhad a bheidh tú as láthair. Beidh fad do sheirbhíse ag brath ar cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear thú ar phainéal giúiré i gcomhair triail ar leith. Beidh fad na trialach ag brath ar an gcás a bheidh i gceist agus is iondúil go ndéarfaidh an breitheamh leat cé leis a mbeifeá ag dúil.

Tabhair do d'aire: Níl cead ag d'fhostóir iarratas ar scaoileadh a dhéanamh ar do shon.
 

An mbeidh aon tionchar ag mo sheirbhís ghiúiré ar théarmaí agus coinníollacha mo phoist?

Ní bheidh. Tá daoine a dhéanann seirbhís ghiúiré faoi chumhdach an dlí. Níl cead ag d'fhostóir tú a bhriseadh nó míbhuntáiste de shórt ar bith a tharraingt ort mar gheall ar fhreastal ar sheirbhís ghiúiré.
 

An dtugann m'fhostóir pá dom agus mé i mbun seirbhís ghiúiré?

Tugann. De réir an dlí, caithfidh fostóirí pá a thabhairt d'fhostaithe atá i mbun seirbhís ghiúiré. Glactar leis go bhfuil tú fostaithe nó i bprintíseacht le linn aon am a mbíonn tú as láthair ó do phost chun toghairm ghiúiré a chomhlíonadh.

Nóta: Níl iallach ar d'fhostóir pá a thabhairt duit ach don am ar fhreastail tú ar an gcúirt i gcomhair seirbhís ghiúiré. Tá d'fhostóir i dteideal teastas tinrimh a léiríonn na mionsonraí a bhaineann le do fhreastal. Is féidir an teastas seo a iarraidh ag deireadh do sheirbhís ghiúiré.