Is í Oifig Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte a dhéanann cothabháil ar an gClár Féimheachta ar Líne. Faightear sonraí ann maidir le féimheachtaí in Éirinn.

Faisnéis Ghinearálta ar Fhéimheacht

Faisnéis Ghinearálta ar Fhéimheacht

Chun teacht ar fhaisnéis ghinearálta ar fhéimheacht, tabhair cuairt ar leathanach Oifig Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte

Clár Féimheachta

Clár Féimheachta

Tá sonraí sa Chlár Féimheachta ar líne maidir le féimheachtaí pearsanta in Éirinn. Cliceáil anseo chun teacht ar an gClár Féimheachta.

Conas an Clár a Chuardach

Conas an Clár a Chuardach

Téigh go dtí CSOL.ie 

Cliceáil ar Ríomhchlár agus roghnaigh Féimheacht, agus taispeánfar an scáileán cuardaigh. Is féidir leat cuardach ach réimse amháin nó meascán réimsí a úsáid.

Má iontráiltear luachanna i níos mó ná réimse cuardaigh amháin, ní roghnófar taifid féimheachta ach amháin má chomhlíonann siad na critéir ar fad.

Torthaí cuardaigh: Sonraí Féimheachta a Leathnú

Taispeánfaidh an chéad toradh ó chuardach líne faisnéise amháin maidir leis an bhféimheacht.

Chun níos mó sonraí a fheiceáil, cliceáil ar an diosca glas ar thaobh na láimhe clé den taifead cuí. Méadóidh sé seo an scáileán. Chun é seo a dhúnadh, cliceáil ar an diosca dearg.

Gnásanna chun ainmneacha agus seoltaí a iontráil:

Gnás iontrála an chuardaigh

Formáid cheart

Formáid mhícheart

Coinnigh teaghráin an chuardaigh gearr - is leor cuid den ainm nó seoladh
Seachain spásanna más féidir - Sull do O’Sullivan

Sull (do O’Sullivan)

-

Ainmneacha agus Sloinnte - ceannlitir don chéad litir de gach ainm

Thomas Paul Smith

thomas paul smith

I gcás ainmneacha dúbailte, ba chóir go mbeadh ceannlitreacha ar gach ainm

Mary Jane Blige-Smith

Mary jane Blige-smith

Beidh lánstad in ainmneacha a bhfuil inisealacha acu.
Ná húsáid saincharachtair, camóg, uaschamóg, fleiscín nó síneadh fada.

Mary J. Blige

M. J. Blige

Mary J Blige 

M J Blige

Níor chóir go mbeadh spás i sloinnte le Mc/Mac

Paul MacGrath

Paul Mac Grath

Níor chóir go mbeadh spás i sloinnte le O’

Mark O’ Neill

Mark O’ Neill

Ba chóir go mbeadh spásanna i sloinnte le Ní

Máire Ní Mhurchú

Máire NíMhurchú

Comhlacht/Comhlacht comhlachaithe: Úsáid Teoranta seachas Teo.

Best Pub Teoranta

Best Pub Teo.

Seoladh:
Cuir Sráid, Bóthar, Ascaill, srl. isteach ina n-iomláine, gan ghiorrúcháin

4 Sráid an Mhargaidh
22 Sráid Fhada

4 Srd. an Mhargaidh
22 Srd. Fhada

Seoladh:
Ceannlitir don chéad litir i ngach cuid den seoladh

4 Sráid an Mhargaidh

4 sráid an Mhargaidh

Íoch/Uach:
cuir Íochtarach/Uachtarach isteach

An tSráid Mhór Íochtarach
An tSráid Mhór Uachtarach

An tSráid Mhór Íoch.
An tSráid Mhór Uach.

Cuir Saint isteach mar St

St John’s Road

Saint John’s Road

Cuir Co. Isteach seachas Contae

Co. Chill Dara

Contae Chill Dara