Faightear sonraí ar an gClár Probháide ar líne maidir le Deonuithe Ionadaíochta (i.e. Deonuithe Probháide agus Litreacha Riaracháin) atá á n-eisiúint i bPoblacht na hÉireann ó bhí 1992 ann

Maidir le Deonuithe Ionadaíochta roimh 1992, déan teagmháil le Cartlann Náisiúnta na hÉireann.

Éiríonn uachtanna a cuireadh isteach mar chuid d’iarratas ar Dheonú Ionadaíochta ina ndoiciméid phoiblí nuair a eisítear Deonú dá leithéid agus d’fhéadfaí é a iarraidh ón Oifig Phrobháide i mBaile Átha Cliath nó ón gClárlann Phrobháide Cheantair chuí.

CLICEÁIL ANSEO CHUN TEACHT AR AN gCUARDACH 

Sula dtagann tú ar an gCuardach, léigh na treoracha thíos le do thoil

Paraiméadair chuardaigh an Chláir Phrobháide

Ceadaítear cuardaigh ach na nithe seo a leanas a úsáid:

  • Ainm an duine a fuair bás
  • Dáta an bháis
     

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh ainmneacha éagsúla a bheith ar dhuine (i.e. Mary Smith nó Máire Smith). Léirítear sna hiontrálacha an fhaisnéis a chuirtear inár láthair agus mar sin, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach seiceáil le haghaidh éagsúlachtaí d’ainm nó le haghaidh ainmneacha eile a tugadh ar an duine a fuair bás.

Má thosaigh sloinne an duine a fuair bás le Mc, Mac, O’, Ó, Ní, Nic nó Uí, d’fhéadfá an cuardach a leathnú ach na réimíreanna seo a fhágáil ar lár, m.sh. ach Connell a chur isteach, ba chóir go dtiocfá ar gach duine a raibh na sloinnte McConnell, MacConnell agus Nic Connell orthu.

Tabhair do d’aire nach gcuireann cás uachtair nó cás íochtair isteach ar an gcuardach.

Faisnéis thábhachtach

Tabhair do d’aire, le do thoil, nach bhfaighidh tú toradh ó chuardach ach amháin sa chás gur eisíodh Deonú ionadaíochta in eastát

Tá ort a chinntiú go litrítear na hainmneacha i gceart.   Mura bhfaigheann tú aon toradh ó chuardach, ba chóir duit triail a bhaint as litrithe eile d’ainmneacha.

Más mian leat cóip de dhoiciméad ar bith a bhaineann le heastát a ordú, ní mór duit an UIMHIR THAIFID IOMLÁN a bhreacadh síos agus an uimhir seo a lua agus an chóip á hordú agat.

Má chuirtear in iúl duit i dtoradh an chuardaigh go bhfuil an Deonú “Díthiomnach”, ciallaíonn sé seo nach raibh uacht ag an duine a fuair bás.

 

Gnás iontrála an chuardaigh Formáid cheart Formáid mhícheart
Lorgófar sa chuardach sonraí a bheidh ag teacht le chéile. Nuair a theastaíonn uait éagsúlachtaí d’ainm nó ainmneacha eile a thosaíonn leis an litir/litreacha c(h)éanna a chuardach, ba chóir duit réiltín * a úsáid mar a léirítear sna samplaí Ma* (do Mary,
Margaret seachas sin)
J* (do John, Jack seachas sin)
-
Ba chóir go mbeadh spás i sloinnte le Mc/Mac Paul Mac Grath
Paul Mc Cartney
Paul MacGrath
Paul McCartney
Níor chóir go mbeadh spás i sloinnte le O’ Mark O'Neill Mark O'Neill
Ba chóir go mbeadh spás i sloinnte le Ó nó Ní (i.e. sloinnte Gaeilge) Seán Ó Riada
Máire Ní Mhurchú
Sean ÓRiada
Máire NíMhurchú
Ba chóir gach diaicritic eile (i.e. seachas i gcomhthéacs na Gaeilge) a fhágáil ar lár Pena, Ozil, facade, sake Peña, Özil, façade, saké
Ní úsáidtear giorrúcháin i seoltaí Apartment 4
South Great George's Street
Dublin
Apt 4
Sth Great George's St
Dub


NUAIR A EISÍTEAR DEONÚ PROBHÁIDE NÓ LITREACHA RIARACHÁIN, GHEOFAR CÓIPEANNA DEN DEONÚ AGUS DEN BHUNLEAGAN NUAIR A ÍOCFAIDH AON DUINE DEN PHOBAL AN TÁILLE CHUÍ.Cóipeanna de Dhoiciméid Phrobháide a Ordú

Tá na taifid de dheonuithe a eisíodh le 20 bliain anuas ag an Oifig Phrobháide agus ag na Clárlanna Probháide Ceantair. Tá na taifid de na deonuithe a eisíodh roimhe seo sa Chartlann Náisiúnta. Is féidir na taifid seo a scrúdú sa Seomra Léitheoireachta sa Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8.

NB Tugann na litreacha san uimhir thaifid an oifig inar eisíodh an Deonú le fios.  Agus cóip de dhoiciméad á hiarraidh agat, ní mór duit an t-iarratas a chur faoi bhráid na hoifige a d’eisigh an Deonú.

Tá liosta oifigí anseo:

Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath: PO

Caisleán an Bharraigh:         CB

An Cabhán:              CN

Cluain Meala:          CL

Corcaigh:                CK

Dún Dealgan:          DK

Gaillimh:            GY

Cill Chainnigh:          KY

Leitir Ceanainn:     LD

Luimneach:          LK

An Muileann gCearr:        MR

Sligeach:               SO

Trá Lí:              TR

Port Láirge:        WD

Loch Garman:          WX

Chun cur isteach ar chóipeanna de dhoiciméid, ní mór duit an Fhoirm Ordaithe seo a chomhlánú agus an táille chuí a íoc.  Tá ort a chinntiú go n-íocann tú an táille cheart.  Ní phróiseálfar d’iarratas mura ndéanann tú é sin.

Ní mór duit an Fhoirm Ordaithe chomhlánaithe a sheoladh agus an táille a íoc ar an mbealach seo:

1. Ní mór do dhlíodóirí táillí a íoc i dtáillí cúirte faoi stampa. Is féidir iad a fháil ó na hoifigí stampála in oifigí cúirte éagsúla ar fud na tíre;

2. Is féidir le daoine den phobal táillí a íoc le hOrduithe Poist/Airgid, nó le seiceanna atá iníoctha leis an tSeirbhís Chúirteanna.

Maidir le Clárlanna Probháide Ceantair, déan teagmháil leis an gClárlann Phrobháide Cheantair chuí chun faisnéis a fháil maidir le modhanna íocaíochta.

Tabhairt do d’aire: Tá riaráiste san Oifig Phrobháide i mBaile Átha Cliath faoi láthair maidir le hiarratais ar chóipeanna de dhoiciméid atá á gcoinneáil san áis stórála sheachtrach.  Dúnadh sealadach na háise seachtraí le linn Covid-19 is cúis leis seo. Táimid ag obair ar an riaráiste seo a ghlanadh faoi láthair agus ba mhór againn d’fhoighne ina leith seo.