Tá tú incháilithe ar sheirbhís ghiúiré más rud é:

  • gur saoránach thú agus d'ainm ar chlár thoghthóirí na Dála (liosta vótálaithe) ag an seoladh atá ar do thoghairm ghiúiré, agus
  • go bhfuil tú 18 mbliana nó níos sine, agus
  • nach bhfuil tú i dteideal díolúine.

 

Cé atá díolmhaithe ó sheirbhís ghiúiré?

Tá catagóirí áirithe daoine díolmhaithe ó sheirbhís ghiúiré ar chúiseanna éagsúla. Is mar gheall air seo nach gcaithfidh siad freastal ar ghiúiré. Is i dtrí phríomhchatagóir atá díolúintí:

Neamh-incháilithe:  Tá roinnt daoine neamh-incháilithe ar sheirbhís toisc barraíocht de bhaint ag a gcuid post leis an gcóras ceartais. Féadann daoine a bhfuil míchumas acu a bheith díolmhaithe fosta, ag brath ar an gcineál míchumais atá acu.

Dícháilithe: Dícháilítear daoine ar fhreastal mar gheall ar chiontuithe coiriúla reatha nó an ama atá caite.

'Scaoilte ó cheart' (ní díolúine aistí féin í): Catagóir díolúine eile is ea 'scaoilte ó cheart'. Is é a thoradh seo go bhfuil tú cáilithe le haghaidh freastail ach féadann tú a iarraidh go scaoilfí thú mar gheall ar na cúinsí ar leith atá agat.

Sna liostaí seo a leanas, tá na díolúintí sna catagóirí éagsúla leagtha amach.

 

Níl na daoine seo a leanas incháilithe:

  • Uachtarán na hÉireann
  • Daoine a bhíonn ag obair sa chóras ceartais nó a bhfuil baint acu leis. Áirítear orthu seo:
    • breithiúna,
    • cróinéirí,
    • an tArd-Aighne agus baill foirne dá c(h)uid
    • Stiúrthóir na nIonchuiseamh Poiblí agus baill foirne dá c(h)uid,
    • baill den Gharda Síochána,
    • abhcóidí agus aturnaetha atá ag cleachtadh a ngairme, baill foirne dhleathacha agus fostaithe na Seirbhíse Cúirte,
    • oifigigh phríosúin, baill foirne phríosúin eile, agus daoine atá ar choistí cuairte príosún nó ionaid choinneála,
    • fostaithe na Seirbhíse Promhaidh agus Leasa,
    • daoine atá fostaithe i saotharlanna fóiréinseacha,
    • baill reatha de na Fórsaí Cosanta, lena n-áirítear Seirbhís Altranais an Airm agus an Fórsa Cosanta Cúl Taca,
    • daoine nach féidir leo léamh nó a bhfuil lagú buan acu nach féidir leo dualgais giúróra a dhéanamh dá bharr.

 

Tá na daoine seo a leanas dícháilithe ar fhreastal:

  • aon duine ar gearradh téarma príosúnachta nó coinneála dar fad 5 bliana nó níos mó orthu;

  • aon duine a chaith aon chuid de phríosúnacht nó de choinneáil dar fad 3 mhí nó níos mó le 10 mbliana anuas.

 

D'fhéadfadh sé go mbeadh na daoine seo a leanas scaoilte ó cheart:

  • Daoine atá níos sine ná 65 bliain
  • Príomhoide coláiste, ollscoile, scoile nó institiúid eile oideachais
  • Mic léinn lánaimseartha
  • Baill foirne teagaisc – má dhearbhaíonn an príomhoide go riarann an ball foirne atá i gceist seirbhísí riachtanacha ar deacair do dhuine eile iad a riar nó nach féidir a chur ar ceal
  • Cleachtóirí leighis, fiaclóirí, cnáimhseacha, tréidlianna nó cógaiseoirí agus iad siúd uile ag cleachtadh a ngairme
  • Daoine atá in ord beannaithe nó ar ministrí rialta iad in aon reiligiún nó baill d'oird bheannaithe a chónaíonn i mainistir, i gclochar nó i bpobal reiligiúnach eile
  • Baill de cheachtar de dhá Theach an Oireachtais nó den Chomhairle Stáit
  • An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
  • Cléirigh Dháil Éireann nó Sheanad Éireann
  • Baill foirne de cheachtar de dhá Theach an Oireachtais - má dhearbhaíonn an Cléireach go riarann an ball foirne atá i gceist seirbhísí riachtanacha, práinneacha dar tábhacht phoiblí ar deacair do dhuine eile iad a riar nó nach féidir a chur ar ceal
  • Ceann Roinne Rialtais agus aon státseirbhíseach - má dhearbhaíonn an Ceann Roinne go riarann an ball foirne atá i gceist seirbhísí riachtanacha, práinneacha dar tábhacht phoiblí ar deacair do dhuine eile iad a riar nó nach féidir a chur ar ceal
  • Príomh-Oifigeach údarás áitiúil, bord sláinte nó údarás calafoirt agus aon fhostaí de chuid na n-údarás seo - má dhearbhaíonn an Príomh-Oifigeach go riarann an ball foirne atá i gceist seirbhísí riachtanacha, práinneacha dar tábhacht phoiblí ar deacair do dhuine eile iad a riar nó nach féidir a chur ar ceal
  • Rúnaí Choimisinéirí Soilse na hÉireann agus aon bhall foirne den Choimisiún - má dhearbhaíonn an Rúnaí go riarann an ball foirne atá i gceist seirbhísí riachtanacha, práinneacha dar tábhacht phoiblí ar deacair do dhuine eile iad a riar nó nach féidir a chur ar ceal
  • Máistir Árthaí, píolótaí atá ceadúnaithe mar is cuí agus ceannfoirt aerárthaí atá ceadúnaithe mar is cuí
  • Daoine a d'fhreastail ar ghiúiré nó a bhí i láthair ar sheirbhís ghiúiré sna trí bliana roimhe agus ar scaoil an breitheamh atá i mbun an cháis atá i gceist ó sheirbhís ghiúiré iad.