Ní mór do gach duine a thoghairtear i gcomhair seirbhís ghiúiré teacht i láthair na cúirte ar an dáta atá ar do thoghairm ghiúiré.

Roghnaítear giúróirí

Roghnaítear giúróirí

Is ar bhonn randamach a roghnaítear ainmneacha giúróirí do chás ar leith. Má ghlaonn siad d'ainm, ní mór duit dul chuig áiléar an ghiúiré. D'ainneoin gur glaodh chun seirbhís ghiúiré thú, d'fhéadfadh sé nach bhfreastalóidh tú ar ghiúiré. Is iondúil go nglaoitear ar níos mó daoine ná mar atá de dhíth. Ní mór duit filleadh ar an gcúirt gach lá, is cuma cé acu a mhionnaítear nó nach mionnaítear thú ar ghiúiré, ach amháin go ndeirtear a mhalairt leat sa chúirt.

Mionnú

Ní giúróir thú go dtí:

  • go nglaoitear chuig áiléar an ghiúiré thú, agus
  • go mionnaíonn tú (ar do rogha leabhar beannaithe) nó go 'ndearbhaíonn' tú go dtriailfidh tú na ceisteanna agus go dtabharfaidh tú breith fhíor, de réir na fianaise.

Dúshláin agat mar ghiúróir

Féadann an cúisí 'dúshlán' suas le 7 n-ábhar giúróra a thabhairt, gan fáth ar bith a thabhairt. Ciallaíonn dúshlán go bhféadann siad a rá nach dteastaíonn giúróirí áirithe uathu. Féadann na cúisitheoirí 'dúshlán' 7 n-ábhar giúróra a thabhairt. Má éiríonn le 'dúshlán' i gcoinne tú a bheith ar an ngiúiré, beidh ort seasamh i leataobh.

Níor chóir go gcuirfeadh sé sin as duit óir ní bhaineann sé leatsa go pearsanta. Ceadaítear dúshláin chun a chinntiú go bhfuil cothroime iomlán ag baint leis na himeachtaí.

Má thugtar do dhúshlán gan aon chúis tugtha, ní mór duit áiléar an ghiúiré a fhágáil. B'fhéidir go nglaofaí ort freastal ar ghiúiré eile i gcúirt eile níos déanaí.

Má thugtar do dhúshlán agus cúis tugtha, is é an breitheamh a chinneann cé acu atá nó nach bhfuil tú chun freastal. Cúis amháin a d'fhéadfadh a bheith san áireamh aithne a bheith ag an gcúisí ort.

Abair leis an mbreitheamh má tá aithne agat ar aon duine atá páirteach sa triail.

Má tá aithne agat ar an gcúisí, ar fhinné nó ar aon duine atá páirteach sa triail, nó má tá aon bhaint agat leis an gcás, ní mór duit a rá leis an mbreitheamh sula mionnaítear nó a ndearbhaítear thú. Má fhaigheann tú amach faoin mbaint i ndiaidh don triail tosú, ba chóir duit nóta a chur chuig an mbreitheamh láithreach tríd an bpríomhghiúróir.

 

Cá fhad a bheidh mé ag freastal?

Braitheann sé seo ar thosca éagsúla amhail:

  • an contae ina bhfuil an triail ar siúl,
  • an líon seachtainí a suíonn an chúirt chun cásanna coiriúla a éisteacht,
  • an líon trialacha atá liostaithe, agus
  • fad na dtrialacha seo

 

Ar an gcéad lá a dtagann tú chun na cúirte, má mhionnaítear i do ghiúróir thú i gcomhair trialach, déarfar leat ag tús na trialach cá fhad atáthar ag dúil go mairfidh sí. mhionnaítear i do ghiúróir thú, is ó 10.00 a.m. go 4.30 p.m a mhaireann an lá oibre de ghnáth. Ach bíonn uaireanta éagsúla freastail ann agus braitheann siad ar an mbreitheamh. Coinneoidh foireann na cúirte ar an eolas thú.

Mura mionnaítear i do ghiúróir thú i gcomhair trialach ar an lá sin, beidh tú saor le himeacht ach go ndéarfaidh an breitheamh atá i bhfeighil a mhalairt leat. Tá tú ar sheirbhís ghiúiré fós, áfach, agus ní mór duit freastal gach maidin le linn thréimhse do sheirbhíse ach go ndéarfaidh an breitheamh a mhalairt leat.