Ríomhchomhdú ar Iarratais ar Bhreithniú Costas Dlíthiúil chuig an Ard-Chúirt
Sheol an tSeirbhís Chúirteanna céim 1 de ríomhchomhdú na hArd-Chúirte ar Iarratais ar Bhreithniú Costas Dlíthiúil ar an tSeirbhís Chúirteanna ar Líne (CSOL).
Ligeann sé seo do chleachtóirí dlí agus do chuntasóirí costas dlíthiúil Iarratais ar Bhreithniú Costas Dlíthiúil a dhéanamh in Oifig na mBreithneoirí Costas Dlíthiúil go leictreonach i gcásanna ina ndéantar ionadaíocht dhlíthiúil ar pháirtithe.
Tacaíonn Foirmeacha Cúirte nua agus Rialacha Cúirte nua leis an bpróiseas seo agus bainfidh cuntasóirí costas dlíthiúil agus cleachtóirí araon leas as.
Le gur féidir iarratais a chur isteach ar líne, ní mór do chleachtóirí dlí agus do chuntasóirí costas dlíthiúil clárú ar chóras na Seirbhíse Cúirteanna ar Líne (CSOL) ar dtús.
Féach thíos chun tuilleadh faisnéise a fháil
Tá tacaíocht maidir le clárú nó úsáid ghinearálta CSOL ar fáil ach ríomhphost a chur chuig casu@courts.ie
Tá tacaíocht ar fáil maidir le Ríomhchomhdú ar Iarratas ar Bhreithniú Costas Dlíthiúil ach ríomhphost a chur chuig Oifig na mBreithneoirí Costas Dlíthiúil ar info_legalcostsadjudicators@courts.ie
Cliceáil anseo chun féachaint ar Cheisteanna Coitianta faoi Ríomhchomhdú ar Iarratais ar Bhreithniú Costas Dlíthiúil