Seo roinnt eolais ar chur isteach ar Dhíolúine ar Sheirbhís Ghiúiré

Más mian leat cur isteach ar scaoileadh ó sheirbhís ghiúiré, lean na céimeanna thíos a leanas:

  • Comhlánaigh Cuid 3 den fhoirm Freagra ar Thoghairm Ghiúiré agus mínigh do chuid fáthanna chomh hiomlán agus is féidir, agus
  • Cuir isteach aon doiciméad nó teastas a thacódh le d'iarratas.
     

Breithneoidh an Cláraitheoir Contae aon doiciméad a chuireann tú isteach mar fhianaise thacaíochta agus an Freagra ar Thoghairm Ghiúiré mar chuid den phróiseas. Cuir fótachóipeanna de dhoiciméid seachas na bundoiciméid óir scriosaimid doiciméid a chuirtear chugainn i ndiaidh iad a sheiceáil (is féidir eolas a rochtain anseo fosta faoi conas plé le mionsonraí pearsanta).

Mar shampla:

Má tá deacracht agat teacht chun na cúirte i gcomhair seirbhís ghiúiré toisc: Fianaise de dhíth:
  • go bhfuil tú ag tabhairt aire do pháistí óga
Fótachóipeanna de theastais bhreithe na bpáistí
  • go bhfuil tú féinfhostaithe
Iarratas scríofa ar pháipéar sainchlóite do ghnólachta agus doiciméid eile san áireamh amhail teastas Clárú Cuideachtaí nó Coimisinéirí Ioncaim, nó litir ó do chuntasóir
  • go mbeidh tú thar lear ar saoire
Cóipeanna de mhionsonraí eitiltí nó cineálacha eile fianaise.


An Cláraitheoir Contae a shocraíonn cé na hiarratais atá le scaoileadh ó sheirbhís ghiúiré. Is féidir tú a scaoileadh má chruthaíonn tú dóibh go bhfuil cúis mhaith scaoilte agat.

  • Ní fhéadann duine eile iarratas ar scaoileadh a dhéanamh ar do shon ach amháin i gcúinsí eisceachtúla - tinneas mar shampla.
  • Ní fhéadann fostóir iarratas ar scaoileadh a dhéanamh ar son fostaí. Ní chuirfear iarratas den saghas san áireamh
  • Ní féidir tú a scaoileadh ó sheirbhís ghiúiré ar an bhfón. Ní mór duit d'Fhoirm Freagra ar Thoghairm Ghiúiré a chur ar ais sa chlúdach réamhíoctha nó de r-phost chuig juries@courts.ie agus d'uimhir Thoghairm Ghiúiré a thabhairt. Bíonn sí seo sa choirnéal uachtair ar dheis den Toghairm Ghiúiré