Ginearálta

Ginearálta

C. Cad dó a seasann CSOL?

F. Seasann sé do Sheirbhís Chúirteanna ar Líne

C. Cén brabhsálaí idirlín a oibreoidh le CSOL?

F. Forbraíodh CSOL chun oibriú le Google Chrome. Ní fheidhmíonn an tseirbhís i gceart le haon bhrabhsálaí eile.

C. Cén áit a dtéim chun tacaíocht maidir le CSOL a fháil?

F. Chun tacaíocht ghinearálta maidir le CSOL a fháil, cuir ríomhphost chuig casu@courts.ie nó déan teagmháil leis an oifig áitiúil de chuid na Seirbhíse Cúirteanna más cuí.

C. Cad a tharlaíonn má tá CSOL as feidhm nó mura bhfuil teacht uirthi?

F. Féach ar www.courts.ie chun eolas a fháil faoi chothabháil/éaradh seirbhíse pleanáilte ar CSOL nó cuir ríomhphost chuig an deasc chabhrach ar casu@courts.ie

C. Cad a tharlaíonn má tá fadhbanna agam logáil isteach ar CSOL?

F. Déan cinnte go bhfuil na sonraí logála isteach ceart ós rud é go bhfuil an pasfhocal cásíogair agus déan cinnte freisin go bhfuil CSOL á hoscailt in Google Chrome agat. Mura féidir leat dul isteach i do chuntas, seol ríomhphost chuig casu@courts.ie

C. Ní féidir liom cuimhneamh ar m’ainm úsáideora do CSOL?

F. Is ionann d’ainm úsáideora agus do sheoladh ríomhphoist.

C. Ní féidir liom cuimhneamh ar mo phasfhocal do CSOL?

F. Mura féidir leat cuimhneamh ar do phasfhocal, cuir d’ainm úsáideora isteach agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Athshocraigh Pasfhocal’. Tabharfaidh sé seo chuig leathanach nua thú ar a n-iontrálann tú d’ainm úsáideora arís (is ionann é seo agus do sheoladh ríomhphoist) agus seolfaidh an córas ríomhphost chugat ina mbeidh nasc a chuirfidh ar do chumas do phasfhocal a athrú.

Cuntas Riaracháin do Chleachtas Dlí nó do Chuntasóir Costas Dlíthiúil a Chlárú ar CSOL

Cuntas Riaracháin do Chleachtas Dlí nó do Chuntasóir Costas Dlíthiúil a Chlárú ar CSOL

C. Cad atá i gceist le clárú ar CSOL?

F. Ach clárú ar CSOL, is féidir úsáideoirí a chur leis an gcuntas, úsáideoirí a bhainistiú agus iarratais ar na Cúirteanna a chruthú i.e. Ceadúnú maidir le Breithniú Costas Dlíthiúil, Éilimh Bheaga agus Cead Achomhairc sa Chúirt Uachtarach, chomh maith le haon chineál iarratais eile a éascófar tríd an gcóras amach anseo.

C. Conas a chláraím cuntas ar CSOL?

F. Tá sé ríthábhachtach go bhféachann tú ar na físeáin teagaisc maidir leis an bpróiseas a bhaineann le gnólacht dlí a chlárú nó maidir leis an bpróiseas a bhaineann le cuntasóir costas dlíthiúil a chlárú

C. Tá CSOL ag rá go bhfuil mo sheoladh ríomhphoist neamhbhailí?

F. Má fhaigheann tú an teachtaireacht seo, tá seans ann gur aithin CSOL go bhfuil an seoladh ríomhphoist seo á úsáid cheana. Déan teagmháil le casu@courts.ie chun cúnamh a fháil sa chás seo.

C. Cá mhéad uair a chláraím mo ghnólacht dlí nó mo ghnólacht cuntasaíochta costas dlíthiúil?

F. Ní chaithfidh tú do ghnólacht a chlárú ach uair amháin. Tá cuntas úsáideora riaracháin do chleachtas dlí ag gach comhlacht dlí. Is féidir cuntais úsáideora bhreise a chruthú agus a bhainistiú laistigh den chomhlacht féin, lena n-áirítear an dara cuntas úsáideora riaracháin do chleachtas dlí. Moltar do chomhlachtaí níos mó an dara cuntas úsáideora riaracháin do chleachtas dlí a chruthú.

C. Cén cuntas bainc a úsáidim agus mo ghnólacht á chlárú agam?

F. Nuair a chláraíonn tú do ghnólacht ar CSOL, ba chóir duit sonraí do chuntais úsáideora a úsáid le haghaidh íocaíochtaí dochair dhírigh.

C. Cad a tharlaíonn mura bhfuil an t-airgead i mo chuntas cliaint?

F. Mura bhfuil an t-airgead i do chuntas cliaint, is féidir leat cárta creidmheasa/dochair a úsáid ó chuntas ar bith a bhfuil an t-airgead ann (seans maith gur do chuntas oifige a bheidh ann).

C. An féidir liom iarratais a chur isteach nuair a chláróidh mé?

F. Ní féidir, caithfidh CASU do chuntas a ghníomhachtú. Cuirfidh CASU ar an eolas thú ar ríomhphost gur gníomhachtaíodh do chuntas chun cur ar do chumas iarratais a chur isteach.

Q. Níl mo ghnólacht laistigh de threoirlimistéir na cúirte dúiche, an féidir liom clárú fós, socruithe a dhéanamh chun mo chuntas a ghníomhachtú agus cásanna a chur isteach?

F. Ní féidir iarratais a dhéanamh ar CSOL ach amháin i dTreoirlimistéir na Cúirte Dúiche (Uimhir 1, 2 & 6).  Más mian leat iarratas a dhéanamh laistigh den treoirlimistéar ach tá do ghnólacht lasmuigh den treoirlimistéar, déan teagmháil le CASU chun cabhair a fháil.   Tabhair do d’aire, le do thoil, nach féidir leat ach iarratais ar cheadúnú a dhéanamh i gcúirt laistigh den treoirlimistéar (Limistéar na Cúirte Dúiche 1, 2 & 6), cé go bhféadfadh sé go bhfuil do chuntas gníomhach.

C. Cad é an gnás sonraí ar CSOL?

F. Tarraingítear aird sa tábla thíos ar an ngnás sonraí. Ba chóir go gcabhródh sé seo leat agus iarratais á gcur isteach ar CSOL agus ceadúnas á chuardach ar líne.

 

Gnásanna Sonraí do CSOL

Sampla den fhormáid mhícheart

Sampla den Fhormáid Cheart (cineál cáis agus meaitseáil carachtar díreach mar a léirítear thíos)

Nuair atá ainmneacha éagsúla i gceist, ba chóir go mbeadh sé sin soiléir ach ‘agus’ a úsáid eatarthu, seachas ‘&’

Mark, John & Mary Reilly

Mark Reilly, Jim Reilly agus Mary Reilly

Teo. go dtí Teoranta

Best Pub Teo.

Best Pub Teoranta

Ba chóir go mbeadh ponc in ainmneacha a bhfuil iniseal láir iontu

Mary J Blige

Mary J. Blige

Ba chóir Mór agus Beag a scríobh i bhfocail iomlána

Pat Bg.

Pat Beag

T/A a bhaint in ainm trádála

T/A Best Pub Teo.

Best Pub Teoranta

Má tá Mc/Mac in ainm, níor chóir go mbeadh spás ann

Paul Mc Grath

Paul McGrath

Má tá O' in ainm, níor chóir go mbeadh spás ann

Mark O' Neill

Mark O'Neill

Má tá Ní/Nic/Mac nó Uí in ainm, ba chóir go mbeadh spás ann

 Máire NíMurchú

Máire Ní Mhurchú

I gcás ainmneacha dúbailte, ba chóir go mbeadh ceannlitreacha ar gach ainm

Mary jane Blige-smith

Mary Jane Blige-Smith

Caithfear Sráid a chur isteach seachas giorrúchán

4 Srd. an Mhargaidh

4 Sráid an Mhargaidh

Co. seachas Contae

Contae Chill Dara

Co. Chill Dara

Ascaill nó Bóthar srl i seoladh

Asc. Luí na Gréine, Br. an Phortaigh, Contae Chill Dara

Ascaill Luí na Gréine, Bóthar an Phortaigh, Co. Chill Dara

Íochtarach agus Uachtarach i Seoladh

Íoch. agus Uach.

Íochtarach nó Uachtarach

CLG, GFC nó RFC in ainmneacha clubanna srl – ba chóir go mbeidís de réir bhunreacht an chlub

C.L.G na Sairséalach

CLG na Sairséalach

N.B .Ba chóir go mbeadh ainm gach comhlachta de réir an deimhnithe chorpraithe agus ba chóir an t-ainm a iontráil san fhormáid sin.
Ba chóir éirchóid a chur san áireamh in aon seoladh. Má tá soiléiriú ag teastáil, déan teagmháil le CASU

 

Leibhéil Rochtana agus Cineálacha Cuntais

Leibhéil Rochtana agus Cineálacha Cuntais

C. Cén leibhéal rochtana a bhaineann le gach cuntas úsáideora do ghnólacht dlí?

F. Tá ceithre chineál cuntais úsáideora ann – cuntas úsáideora riaracháin do chleachtas dlí, cuntas úsáideora d’íocaíochtaí dlí, cuntas úsáideora do chleachtas dlí, cuntas úsáideora srianta do chleachtas dlí. Féach ar an nasc leis na físeáin teagaisc chun teacht ar mhíniú mion ar fheidhmeanna na gcuntas úsáideora ar fad.