Le foraithne cholscartha, cealaítear pósadh agus tugtar cead don dá pháirtí athphósadh.

Colscaradh

Colscaradh

Le foraithne cholscartha, tugtar cead don dá pháirtí athphósadh. Má tá cúirt sásta gur comhlíonadh na coinníollacha riachtanacha, deonóidh an chúirt an fhoraithne cholscartha agus cealófar an pósadh. Nuair a dheonóidh an chúirt an fhoraithne cholscartha, féadfaidh an chúirt orduithe a dhéanamh a bhaineann le cúram, agus rochtain, páistí , íocaíocht cothabhála agus cnapshuimeanna, aistriú maoine agus cealú cearta comharbais, cearta pinsin agus gnóthaí eile.

Tá tuilleadh eolais ar cholscaradh lena n-áirítear na rialacha a bhaineann le foraithne cholscartha a fháil ach cuairt a thabhairt ar an leathanach bainteach ar shuíomh gréasáin Eolas do Shaoránaigh

Conas iarratas a dhéanamh

Is sa Chúirt Dúiche a dhéantar formhór na n-iarratas ar cholscaradh. Is le rialacha na Cúirte a rialaítear an nós imeachta nach mór cloí leis chun orduithe a fháil ón gcúirt. Cuimsítear iontu fosta na foirmeacha is gá a chomhlánú chun d'iarratas a dhéanamh.

Rialacha cúirte

Baineann na rialacha seo a leanas le hiarratais ar cholscaradh sa Chúirt Chuarda.

I.R. Uimh. 510 de 2001: Rialacha na Cúirte Cuarda: Ordú 59
I.R. Uimh 312 de 2007: Rialacha na Cúirte Cuarda (Ginearálta), 2007
I.R. Uimh 358 de 2008: Rialacha na Cúirte Cuarda (Dul chun Cinn in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh), 2008

Foirmeacha cúirte

Is cuidiú iad na foirmeacha cúirte seo a leanas in ullmhú d'iarratais:

I.R. Uimh. 510 de 2001, Rialacha na Cúirte Cuarda, 2001

Foirm 2N: Bille Sibhialta Dlí Teaghlaigh
Foirm 37A: Mionnscríbhinn acmhainne
Foirm 37B: Mionnscríbhinn leasa
Foirm 37C: Fógra chuig iontaobhaithe
Foirm 37D: Deimhniú de Bhun Alt 5 nó Alt 6 den Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh.1989 nó Alt 6 nó Alt 7 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996 (d'aturnaetha)

I.R. Uimh. 358 de 2008, Rialacha na Cúirte Cuarda (Dul chun Cinn in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh), 2008

Foirm 37L: Toghairm chun teacht chuig éisteacht dul chun cinn cáis
Foirm 37N: Ceistneoir dul chun cinn cáis

Orduithe Coigeartaithe Pinsin

Orduithe Coigeartaithe Pinsin

In imeachtaí a bhaineann le hidirscaradh breithiúnach, colscaradh agus scaoileadh, féadann an chúirt cineálacha éagsúla socruithe airgeadais a dhéanamh. Ina measc seo tá ordú coigeartaithe pinsin.

Le hordú coigeartaithe pinsin, sanntar sciar den phinsean chun a íoc le céile agus leanaí cleithiúnacha. Cinneann an breitheamh cá mhéad den phinsean atá le sannadh. Is é an toradh atá ar a leithéid d'ordú go bhfanann an sciar sannta den phinsean sa scéim pinsin ach go bhfuil sé le híoc le céile agus le leanaí nuair a bhaineann an céile eile aois an phinsin amach nó nuair a fhaigheann sé/sí bás.

Níl orduithe coigeartaithe pinsin infheidhme ach amháin nuair a ceadaíodh an fhoraithne ar idirscaradh breithiúnach (nó colscaradh eachtrach) i ndiaidh 1ú Lúnasa 1996 nó nuair a fhaightear colscaradh in Éirinn i ndiaidh fheidhmiú na reachtaíochta ón 27ú Feabhra 1997.

 

Cé a fhéadann cur isteach ar ordú coigeartaithe pinsin?

Féadann ceachtar den dá chéile (nó duine atá ionadaíoch ar leanaí cleithiúnacha) iarratas ar ordú coigeartaithe pinsin a chur faoi bhráid na Cúirte. Ní dhéanfaidh an Chúirt ceachtar de na cineálacha orduithe má dhéanann an céile iarratas ar athphósadh.

Eolas breise

Nuair a bhíonn páirtithe ar aon intinn faoin ordú coigeartaithe pinsin atá le déanamh, ba chóir dóibh dul i dteagmháil le hiontaobhaithe an phinsin agus an cineál ordaithe atá le déanamh leis na hiontaobhaithe a chomhaontú. Ina dhiaidh sin, ba chóir dóibh beirt an dréacht-ordú comhaontaithe a thabhairt leo go dtí an éisteacht cúirte le cois litir ó na hiontaobhaithe ina maítear go gcomhaontaíonn siad leis an dréacht-ordú.

Tá eolas ar conas a mheastar pinsin le linn idirscartha/colscartha/scaoilte ar shuíomh gréasáin Eolas do Shaoránaigh.

 

Rialacha cúirte

I.R. Uimh. 510 de 2001: Rialacha na Cúirte Cuarda, 2001 - Ordú 59

  • Ordú 59 riail 4(7)(a): Fógra chuig Iontaobhaithe le seirbheáil ar Iontaobhaithe na scéime cuí pinsin nuair a lorgaítear ordú coigeartaithe pinsin sna himeachtaí, ag an am céanna atá an bille sibhialta á sheirbheáil agus mionnscríbhinn seirbhíse á mionnú agus á cur isteach faoi cheann 14 lá de sheirbheáil an bhille shibhialta
  • Ordú 59 riail 4(9)(a):  A leithéid chéanna d'fhoráil nuair a lorgaítear ordú coigeartaithe pinsin de fhrithéileamh agus an tréimhse ama laghdaithe go dtí seacht lá
  • Ordú 59 riail 4(10)(a):  Iarratas ar bhreithiúnas d'éagmais láithris nó cosanta. Fógra foriarratais le seirbheáil ar na hIontaobhaithe le cois an Fhreagróra (nuair a lorgaítear ordú coigeartaithe pinsin).
  • Ordú 59 riail 4(10)(g): Nuair a aontaíonn páirtithe ar na horduithe atá le déanamh agus nuair a lorgaítear ordú coigeartaithe pinsin, an gnó atá le tabhairt os comhair na cúirte d'fhógra foriarratais atá le seirbheáil ar na hIontaobhaithe fosta.
  • Ordú 59 riail (4)(12) agus (4)(13): Seirbheáil fógra trialach ar na hIontaobhaithe
  • Ordú 59 riail 4(38)(4)(b): Nuair a lorgaíonn ceachtar páirtí ordú coigeartaithe pinsin, seirbheálfar an fógra ar na hIontaobhaithe, cuirfear isteach an mhionnscríbhinn seirbhíse agus seirbheálfar cóip den fhógra agus den mhionnscríbhinn seo ar an bpáirtí eile, roimh an éisteacht dul chun cinn cáis.

Nóta: Is ar mhaithe le treoir amháin atá an achoimre ar rialacha cúirte. Ba chóir do pháirtithe an riail chúirte ar leith a chuardach i ngach cás, go háirithe maidir le teorainneacha ama.

 

Foirmeacha cúirte

I.R. Uimh. 510 de 2001, Rialacha na Cúirte Cuarda 2001

• Foirm 37C: Fógra le hiontaobhaithe