Ciallaíonn caomhnóireacht cearta agus dualgais tuismitheoirí maidir le tógáil a gcuid leanaí. Tagraíonn cúram d'aire laethúil, ceart cónaithe agus tógáil leanaí cleithiúnacha. Baineann rochtain le cearta linbh teagmháil dhíreach a choinneáil leis an tuismitheoir nach gcónaíonn an leanbh leis/léi.

Caomhnóireacht, Cúram agus Rochtain

Caomhnóireacht, Cúram agus Rochtain

Caomhnóireacht

Is cur síos é caomhnóireacht ar an bhfreagracht dhleathach atá ar thuismitheoirí cinntí agus dualgais a dhéanamh a bhaineann le tógáil a linbh. Is comhchaomhnóirí a leanaí ó cheart iad tuismitheoirí atá pósta. Ní athraítear seo le hidirscaradh ná le colscaradh. Níl cearta caomhnóireachta astu féin ag athair nach bhfuil pósta ar mháthair a linbh maidir leis an leanbh sin.

 

Cúram

Baineann cúram le haire laethúil, cearta cónaithe agus tógáil leanaí a nglactar leo mar leanaí cleithiúnacha. I ngnóthaí cúraim is leanaí cleithiúnacha iad leanaí atá faoi bhun 18 mbliana. I gcásanna idirscaradh breithiúnach nó colscartha, is iondúil go ndeonaítear cúram ar thuismitheoir amháin. Cónaíonn na leanaí go buan leis an tuismitheoir a bhfuil cúram aige/aici agus tugtar ceart rochtana ar na leanaí don tuismitheoir eile ag amanna comhaontaithe agus féadann rochtain thar oíche a bheith san áireamh. Is féidir comhchúram a leanaí a bheith ag tuismitheoirí i ndiaidh idirscaradh nó colscaradh agus an leanbh an méid céanna ama a chaitheamh le gach tuismitheoir má tá na tuismitheoirí sásta é a shocrú.

Rochtain

Tagraíonn rochtain do chearta linbh teagmháil dhíreach a choinneáil leis an tuismitheoir  nach gcónaíonn an leanbh leis/léi. Áirítear leis seo an leanbh ag fanacht thar oíche ó am go chéile. gach re deireadh seachtaine nó le linn laethanta saoire scoile agus an tuismitheoir agus an leanbh dul ar saoire le chéile.

Féadann na tuismitheoirí teacht ar comhaontú neamhfhoirmiúil idir a chéile maidir le cúram agus rochtain an linbh. Más amhlaidh nach ann do chomhaontú, féadann ceachtar de na tuismitheoirí iarratas a chur faoi bhráid na cúirte chun a chinneadh cé acu tuismitheoir a mbeidh cúram an linbh aige/aici agus cén rochtain a bheidh ag an tuismitheoir nach bhfuil cúram aige/aici.

Tá tuilleadh eolais ar caomhnóireachtcúram agus rochtain, ar na leathanaigh chuí ar Shuíomh Gréasáin Eolas do Shaoránaigh.

 

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir iarratais ar chaomhnóireacht, cúram agus/nó rochtain a chur faoi bhráid na Cúirte Dúiche nó mar chuid d'iarratas ar idirscaradh breithiúnach nó ar cholscaradh sa Chúirt Chuarda. Is sa Cúirt Dúiche a dhéantar bunús na n-iarratas.

Tá an nós imeachta nach mór cloí leis chun orduithe a fháil ón gcúirt faoi rialú rialacha na cúirte. Cuimsítear iontu fosta na foirmeacha atá le comhlánú chun d'iarratas a dhéanamh.

Rialacha na cúirte

I.R. Uimh.125 de 1999: Rialacha Cúirt Dúiche (Cúram agus Caomhnóireacht Leanaí) 1999;
 I.R. Uimh. 17 de 2016 Rialacha Cúirt Dúiche (An tAcht um Chaidrimh Leanaí agus Teaghlaigh 2015) 2016.

Foirmeacha cúirte

Is cuidiú iad na foirmeacha cúirte seo chun d'iarratas a ullmhú:

Foirm 58.17: Fógra iarratais faoi alt 11 ar threoir na cúirte
Foirm 58.1:   Fógra iarratais ag duine atá le ceapadh mar chaomhnóir - alt 6A
Foirm 58.30: Fógra iarratais ag duine incháilithe atá le ceapadh mar chaomhnóir - alt 6C
Foirm 58.19: Fógra iarratais faoi alt 11b ar ordú trína dtugtar rochtain