Is tairseach í an tSeirbhís Chúirteanna Ar Líne (CSOL) chun iarratais ar líne a dhéanamh.  Is córas sábháilte é agus is féidir rochtain a fháil air am ar bith

1. Ginearálta

1.1 Tá rochtain ar an tSeirbhís Chúirteanna ar Líne (CSOL) agus úsáid na faisnéise atá inti á rialú ag na téarmaí, coinníollacha agus fógraí a leagtar amach thíos. Meastar gur léigh agus gur ghlac aon duine atá údaraithe chun rochtain a bheith acu ar CSOL de réir na dTéarmaí agus na gCoinníollacha seo (‘Úsáideoir’ nó ‘Úsáideoirí’, faoi seach) leis na téarmaí, coinníollacha agus fógraí seo.

Is leis an tSeirbhís Chúirteanna CSOL agus suíomh gréasáin CSOL (‘CSOL.ie’), agus tá siad á n-oibriú le haghaidh agus thar ceann na Seirbhíse Cúirteanna agus aon oifige cúirte. Údaraítear gnó na hoifige sin a dhéanamh trí CSOL.

1.2 Bunaíodh CSOL in Éirinn de réir agus faoi réir dhlíthe na hÉireann. Gan chlaontacht in aghaidh mhír 4 de na Téarmaí agus Coinníollacha seo, beidh dlínse eisiach ag Cúirteanna na hÉireann maidir le haon aighneas a d’fhéadfadh teacht chun cinn i dtaca leis an suíomh gréasáin, a chuid úsáidí nó aon fhaisnéis atá ann agus ceadaíonn Úsáideoirí aighneas dá leithéid a éisteacht i gcúirteanna na hÉireann agus iad ag cur isteach ar rochtain ar CSOL.

1.3 Chun CSOL a úsáid, ní mór don Úsáideoir cuntas a oscailt agus a choinneáil leis an tSeirbhís Chúirteanna. Níl cead ach ag na daoine seo a leanas rochtain a fháil ar CSOL:

a) úsáideoir a fuair ainm úsáideora agus pasfhocal ón tSeirbhís Chúirteanna agus 

b) pearsanra atá á fhostú ag an úsáideoir agus atá údaraithe go sonrach ag an úsáideoir chun rochtain a fháil ar CSOL (‘pearsanra údaraithe’)

1.4 Caithfidh Úsáideoirí a chinntiú nach nochtar sonraí, ainm úsáideora agus pasfhocal an chuntais le haon duine nó le haon pháirtí eile agus tá siad freagrach as cinnte a dhéanamh de go bhfaigheann pearsanra údaraithe amháin rochtain trí chuntas an úsáideora.

1.5 Ní féidir le húsáideoirí nó leis an bpearsanra údaraithe an suíomh gréasáin a úsáid ar aon bhealach a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do na seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an suíomh gréasáin, na seirbhísí a dhíchumasú nó cur as dóibh, nó a d’fhéadfadh cur isteach ar an úsáid a bhaineann aon pháirtí eile as na seirbhísí sin. Agus iad ag cur isteach ar rochtain ar CSOL,

a) gabhann úsáideoirí orthu féin a chinntiú nach gcuirtear ábhar díobhálach, dochrach nó maslach isteach sa CSOL nó i gcóras faisnéise na Seirbhíse Cúirteanna nó aon úsáideora eile trí ghníomh nó neamhghníomh de chuid an úsáideora nó de chuid phearsanra údaraithe an úsáideora

b) glacann úsáideoirí le dliteanas as gníomhartha nó neamhghníomhartha de chuid an phearsanra údaraithe agus CSOL á húsáid acu.

1.6 D’fhéadfadh CSOL.ie, faoi láthair nó amach anseo, naisc a chur ar fáil le suíomhanna gréasáin nó le hacmhainní eile. Cuirtear na naisc seo ar fáil ar mhaithe le héascaíocht úsáideoir an tsuímh seo amháin, agus ní chuirtear ar fáil iad mar mholadh don ábhar ar shuíomhanna tríú páirtí. Ina theannta sin, ní bheidh an t-úsáideoir freagrach maidir le hinfhaighteacht suíomhanna nó acmhainní seachtracha dá leithéid, nó maidir le hábhar, táirge nó seirbhís ar bith ar shuíomhanna nó acmhainní dá leithéid nó atá ar fáil uathu. Gabhann an t-úsáideoir rochtain suíomhanna tríú páirtí ar an suíomh seo air féin ar a phriacal féin. Ba chóir aon cheist maidir le naisc sheachtracha a chur chuig riarthóir nó stiúrthóir gréasáin an tsuímh tríú páirtí sin.

1.7 Coimeádfaidh an tSeirbhís Chúirteanna, faoi réir comhaontuithe conarthacha reatha, gach ceart aici féin (lena n-áirítear cearta maidir le cóipchearta, paitinní agus rúin cheirde, agus cearta maoine intleachtúla ach níl sé teoranta do na cearta seo) i ngach leagan de CSOL agus CSOL.ie.

1.8 Sa chás go gcuireann úsáideoir ábhar chun na Seirbhíse Cúirteanna agus/nó oifige cúirte agus/nó cúirte, níl aon fhreagracht ar an tSeirbhís Chúirteanna as cruinneas, fírinneacht agus iomláine an ábhair agus as aon earráid sa chaoi ar cuireadh isteach é.

1.9 Coimeádfaidh an tSeirbhís Chúirteanna an ceart aici féin cur leis na téarmaí agus coinníollacha seo, iad a leasú nó a athrú ach fógra a fhoilsiú faoi athruithe dá leithéid ar an suíomh gréasáin agus glacfaidh an t-úsáideoir leis na hathruithe ach an tseirbhís a úsáid go fóill.

1.10 Tá an fhreagracht ar úsáideoirí, ar a gcostas féin, crua-earraí agus bogearraí ríomhaireachta agus áiseanna a theastaíonn uathu chun rochtain a fháil ar CSOL a chur ar fáil, cothabháil a dhéanamh orthu agus iad a uasghrádú.
 

2. Riarachán Córais laistigh de Ghnólachtaí Dlíodóireachta.

2.1 Nuair a fhaightear rochtain ar CSOL, ainmneoidh/údaróidh Comhpháirtí Bainistíochta/Príomhdhlíodóir/Comhpháirtí Comhlíontachta an úsáideora nó ainmní údaraithe dá leithéid:

a) riarthóir córais laistigh den ghnólacht dlíodóireachta (‘an riarthóir’ as seo amach) agus

b) gach ball den phearsanra údaraithe agus na róil rochtana atá acu laistigh den ghnólacht dlíodóireachta

2.2 Beidh an riarthóir dá dtagraítear in 2.1 thuas freagrach as pearsanra údaraithe breise a bhunú.

2.3 Beidh an riarthóir dá dtagraítear in 2.1 thuas freagrach go hiomlán as cuntais úsáideora CSOL a dhíchumasú láithreach laistigh dá shainchúram nach bhfuil rochtain uathu a thuilleadh.
 

3. Íocaíochtaí Leictreonacha agus Cuardaigh

3.1 Glacann Comhpháirtí Bainistíochta/Príomhdhlíodóir/Comhpháirtí Comhlíontachta an úsáideora freagracht as gach íocaíocht leictreonach a dhéanann an t-úsáideoir a dhéanamh agus a ghlanadh má údaraítear go pearsanta iad nó má údaraíonn pearsanra eile iad.

3.2 Nuair atá an clár ríomhcheadúnaithe ar CSOL á chuardach, ní mór d’úsáideoirí a bhfuil an tsaoráid chuardaigh á húsáid acu an t-áitreabh a bhfuil spéis acu ann a aithint i gceart sula ndéanann siad íocaíocht leictreonach. Ní smaoineofar ar iarratais ar aisíocaíocht ar an táille chúirte chuí sa chás go ndearnadh cuardach leictreonach le haghaidh áitribh trí dhearmad.
 

4. Séanadh:

4.1 Bhíothas an-chúramach agus an fhaisnéis agus na sonraí atá ar fáil trí CSOL á mbailiú.  Seachas cúrsaí a chaithfidh a bheith in iontráil i gClár na gCeadúnas mar a fhoráiltear i mír 16 den Acht um Cheadúnú (Éire) 1874 nó in iontráil i gClár na gClubanna mar a fhoráiltear i mír 1 den Acht um Chlárú Clubanna (Éire) 1904 agus faoi réir ailt 4.2 agus 4.3 thíos, ní dhéantar ionadaíocht nó baránta maidir le cruinneas, iomláine nó cúrsaíocht na sonraí nó na faisnéise atá ar fáil ar CSOL.  Ar phriacal an úsáideora féin atá sé aon fhaisnéis a úsáid a d’fhéadfaí a athrú nó a uasdátú am ar bith gan fhógra.

4.2 Ba chóir do dhaoine a fhaigheann rochtain ar Chlár na gCeadúnas nó ar Chlár na gClubanna trí CSOL nó www.courts.ie a bheith ar an eolas go mbíonn an fhaisnéis bailí maidir le gach áitreabh ag am scoir gnó ar an lá oibre roimhe sin. D’fhéadfadh tuilleadh uasdátuithe a bheith ar feitheamh maidir le héisteachtaí cúirte a bhaineann leis an áitreabh ón uair dheireanach a uasdátaíodh na sonraí faoin áitreamh.

4.3 Ní dhéantar ionadaíocht nó baránta nach gcuirfear isteach ar rochtain ar CSOL nó nach mbeidh earráidí i gceist. Ní ghlacann an tSeirbhís Chúirteanna agus an oifig chúirte atá i gceist dliteanas as aon damáiste a dhéantar d’úsáideoir, do chliant úsáideora nó d’aon duine eile nó as aon chaillteanas a bhíonn orthu mar go gcuirtear isteach ar sheirbhís nó má dhéantar earráid i dtaca le soláthar na seirbhíse.

4.4 Coimeádann an tSeirbhís Chúirteanna an ceart aici féin athrú a dhéanamh ar na téarmaí, coinníollacha agus fógraí faoina gcuirtear na seirbhísí ar CSOL ar fáil. Tá úsáideoirí freagrach as na téarmaí, coinníollacha agus fógraí a chuirtear ar an suíomh gréasáin seo a athbhreithniú go rialta.

4.5 Coimeádann an tSeirbhís Chúirteanna an ceart aici féin athruithe a dhéanamh ar fhaisnéis chineáil, dearadh agus seirbhísí a chuirtear ar fáil trí CSOL gan fhógra agus gan dliteanas. Déanfar gach iarracht athruithe a chur in iúl d’úsáideoirí roimh ré.