Gheobhaidh tú anseo Ceisteanna Coitianta faoin tSeirbhís Chúirteanna ar Líne (CSOL) agus ríomhcheadúnú.

Ginearálta

Ginearálta

C. Cad dó a seasann CSOL?

F. Seasann sé do Sheirbhís Chúirteanna ar Líne

C. Cén brabhsálaí idirlín a oibreoidh le CSOL?

F. Forbraíodh CSOL chun oibriú le Google Chrome. Ní fheidhmíonn an tseirbhís i gceart le haon bhrabhsálaí eile.

C. Cén áit a dtéim chun tacaíocht maidir le CSOL a fháil?

F. Chun tacaíocht ghinearálta maidir le CSOL a fháil, cuir ríomhphost chuig casu@courts.ie nó déan teagmháil leis an oifig áitiúil de chuid na Seirbhíse Cúirteanna más cuí.

C. Cad a tharlaíonn má tá CSOL as feidhm nó mura bhfuil teacht uirthi?

F. Féach ar www.courts.ie chun eolas a fháil faoi chothabháil/éaradh seirbhíse pleanáilte ar CSOL nó cuir ríomhphost chuig an deasc chabhrach ar casu@courts.ie

C. Cad a tharlaíonn má tá fadhbanna agam logáil isteach ar CSOL?

F. Déan cinnte go bhfuil na sonraí logála isteach ceart ós rud é go bhfuil an pasfhocal cásíogair agus déan cinnte freisin go bhfuil CSOL á hoscailt in Google Chrome agat. Mura féidir leat dul isteach i do chuntas, seol ríomhphost chuig casu@courts.ie

C. Ní féidir liom cuimhneamh ar m’ainm úsáideora do CSOL?

F. Is ionann d’ainm úsáideora agus do sheoladh ríomhphoist.

C. Ní féidir liom cuimhneamh ar mo phasfhocal do CSOL?

F. Mura féidir leat cuimhneamh ar do phasfhocal, cuir d’ainm úsáideora isteach agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Athshocraigh Pasfhocal’. Tabharfaidh sé seo chuig leathanach nua thú ar a n-iontrálann tú d’ainm úsáideora arís (is ionann é seo agus do sheoladh ríomhphoist) agus seolfaidh an córas ríomhphost chugat ina mbeidh nasc a chuirfidh ar do chumas do phasfhocal a athrú.

Cuntas Riaracháin do Chleachtas Dlí nó do Chuntasóir Costas Dlíthiúil a Chlárú ar CSOL

Cuntas Riaracháin do Chleachtas Dlí nó do Chuntasóir Costas Dlíthiúil a Chlárú ar CSOL

C. Cad atá i gceist le clárú ar CSOL?

F. Ach clárú ar CSOL, is féidir úsáideoirí a chur leis an gcuntas, úsáideoirí a bhainistiú agus iarratais ar na Cúirteanna a chruthú i.e. Ceadúnú maidir le Breithniú Costas Dlíthiúil, Éilimh Bheaga agus Cead Achomhairc sa Chúirt Uachtarach, chomh maith le haon chineál iarratais eile a éascófar tríd an gcóras amach anseo.

C. Conas a chláraím cuntas ar CSOL?

F. Tá sé ríthábhachtach go bhféachann tú ar na físeáin teagaisc maidir leis an bpróiseas a bhaineann le gnólacht dlí a chlárú nó maidir leis an bpróiseas a bhaineann le cuntasóir costas dlíthiúil a chlárú

C. Tá CSOL ag rá go bhfuil mo sheoladh ríomhphoist neamhbhailí?

F. Má fhaigheann tú an teachtaireacht seo, tá seans ann gur aithin CSOL go bhfuil an seoladh ríomhphoist seo á úsáid cheana. Déan teagmháil le casu@courts.ie chun cúnamh a fháil sa chás seo.

C. Cá mhéad uair a chláraím mo ghnólacht dlí nó mo ghnólacht cuntasaíochta costas dlíthiúil?

F. Ní chaithfidh tú do ghnólacht a chlárú ach uair amháin. Tá cuntas úsáideora riaracháin do chleachtas dlí ag gach comhlacht dlí. Is féidir cuntais úsáideora bhreise a chruthú agus a bhainistiú laistigh den chomhlacht féin, lena n-áirítear an dara cuntas úsáideora riaracháin do chleachtas dlí. Moltar do chomhlachtaí níos mó an dara cuntas úsáideora riaracháin do chleachtas dlí a chruthú.

C. Cén cuntas bainc a úsáidim agus mo ghnólacht á chlárú agam?

F. Nuair a chláraíonn tú do ghnólacht ar CSOL, ba chóir duit sonraí do chuntais úsáideora a úsáid le haghaidh íocaíochtaí dochair dhírigh.

C. Cad a tharlaíonn mura bhfuil an t-airgead i mo chuntas cliaint?

F. Mura bhfuil an t-airgead i do chuntas cliaint, is féidir leat cárta creidmheasa/dochair a úsáid ó chuntas ar bith a bhfuil an t-airgead ann (seans maith gur do chuntas oifige a bheidh ann).

C. An féidir liom iarratais a chur isteach nuair a chláróidh mé?

F. Ní féidir, caithfidh CASU do chuntas a ghníomhachtú. Cuirfidh CASU ar an eolas thú ar ríomhphost gur gníomhachtaíodh do chuntas chun cur ar do chumas iarratais a chur isteach.

Q. Níl mo ghnólacht laistigh de threoirlimistéir na cúirte dúiche, an féidir liom clárú fós, socruithe a dhéanamh chun mo chuntas a ghníomhachtú agus cásanna a chur isteach?

F. Ní féidir iarratais a dhéanamh ar CSOL ach amháin i dTreoirlimistéir na Cúirte Dúiche (Uimhir 1, 2 & 6).  Más mian leat iarratas a dhéanamh laistigh den treoirlimistéar ach tá do ghnólacht lasmuigh den treoirlimistéar, déan teagmháil le CASU chun cabhair a fháil.   Tabhair do d’aire, le do thoil, nach féidir leat ach iarratais ar cheadúnú a dhéanamh i gcúirt laistigh den treoirlimistéar (Limistéar na Cúirte Dúiche 1, 2 & 6), cé go bhféadfadh sé go bhfuil do chuntas gníomhach.

C. Cad é an gnás sonraí ar CSOL?

F. Tarraingítear aird sa tábla thíos ar an ngnás sonraí. Ba chóir go gcabhródh sé seo leat agus iarratais á gcur isteach ar CSOL agus ceadúnas á chuardach ar líne.

 

Gnásanna Sonraí do CSOL

Sampla den fhormáid mhícheart

Sampla den Fhormáid Cheart (cineál cáis agus meaitseáil carachtar díreach mar a léirítear thíos)

Nuair atá ainmneacha éagsúla i gceist, ba chóir go mbeadh sé sin soiléir ach ‘agus’ a úsáid eatarthu, seachas ‘&’

Mark, John & Mary Reilly

Mark Reilly, Jim Reilly agus Mary Reilly

Teo. go dtí Teoranta

Best Pub Teo.

Best Pub Teoranta

Ba chóir go mbeadh ponc in ainmneacha a bhfuil iniseal láir iontu

Mary J Blige

Mary J. Blige

Ba chóir Mór agus Beag a scríobh i bhfocail iomlána

Pat Bg.

Pat Beag

T/A a bhaint in ainm trádála

T/A Best Pub Teo.

Best Pub Teoranta

Má tá Mc/Mac in ainm, níor chóir go mbeadh spás ann

Paul Mc Grath

Paul McGrath

Má tá O' in ainm, níor chóir go mbeadh spás ann

Mark O' Neill

Mark O'Neill

Má tá Ní/Nic/Mac nó Uí in ainm, ba chóir go mbeadh spás ann

 Máire NíMurchú

Máire Ní Mhurchú

I gcás ainmneacha dúbailte, ba chóir go mbeadh ceannlitreacha ar gach ainm

Mary jane Blige-smith

Mary Jane Blige-Smith

Caithfear Sráid a chur isteach seachas giorrúchán

4 Srd. an Mhargaidh

4 Sráid an Mhargaidh

Co. seachas Contae

Contae Chill Dara

Co. Chill Dara

Ascaill nó Bóthar srl i seoladh

Asc. Luí na Gréine, Br. an Phortaigh, Contae Chill Dara

Ascaill Luí na Gréine, Bóthar an Phortaigh, Co. Chill Dara

Íochtarach agus Uachtarach i Seoladh

Íoch. agus Uach.

Íochtarach nó Uachtarach

CLG, GFC nó RFC in ainmneacha clubanna srl – ba chóir go mbeidís de réir bhunreacht an chlub

C.L.G na Sairséalach

CLG na Sairséalach

N.B .Ba chóir go mbeadh ainm gach comhlachta de réir an deimhnithe chorpraithe agus ba chóir an t-ainm a iontráil san fhormáid sin.
Ba chóir éirchóid a chur san áireamh in aon seoladh. Má tá soiléiriú ag teastáil, déan teagmháil le CASU

 

Leibhéil Rochtana agus Cineálacha Cuntais

Leibhéil Rochtana agus Cineálacha Cuntais

C. Cén leibhéal rochtana a bhaineann le gach cuntas úsáideora do ghnólacht dlí?

F. Tá ceithre chineál cuntais úsáideora ann – cuntas úsáideora riaracháin do chleachtas dlí, cuntas úsáideora d’íocaíochtaí dlí, cuntas úsáideora do chleachtas dlí, cuntas úsáideora srianta do chleachtas dlí. Féach ar an nasc leis na físeáin teagaisc chun teacht ar mhíniú mion ar fheidhmeanna na gcuntas úsáideora ar fad.

An Ríomhchlár a úsáid chun Ceadúnú a chuardach

An Ríomhchlár a úsáid chun Ceadúnú a chuardach

C. Conas a chuardaím an Ríomhchlár maidir le ceadúnú?

F. Téigh chuig www.csol.ie agus roghnaigh Ríomhchlár/Ceadúnú. Ní chuardóidh na sonraí inchuardaithe ach na ceadúnais reatha nó ghníomhacha. Cuir roinnt sonraí isteach le haghaidh cuardaigh. Mar a tharlaíonn le gach cuardach, dá laghad eolais a chuirtear isteach, is mó toradh a gheofar. Beidh seoladh an áitribh (an chuid a iontráiltear) nó uimhreacha ceadúnais ó na Coimisinéirí Ioncaim ar na réimsí cuardaigh is iontaofa. D’fhéadfadh luachanna ainmneacha trádála athrú agus ní bhíonn siad chomh hiontaofa agus tú ag cuardach dá bharr sin.

C. Cén costas atá ar chuardach ar cheadúnú?

F. Tá cuardach ar cheadúnaí reatha saor in aisce.  Seachas sin, má theastaíonn uait féachaint ar an stair ó 2009, más cuí, beidh costas €35 ar gach cuardach ar áitreabh (cuirfear ceadúnais éagsúla a bhaineann leis an áitreabh céanna san áireamh i dtáille chuardaigh amháin)

C. Cén fhaisnéis is féidir liom a fheiceáil saor in aisce?

F. Faisnéis faoin gceadúnas reatha, is é sin an cineál ceadúnais, ceadúnaí/ainm an chlub/ainmní, uimhir an cheadúnais ó CSOL, uimhir ó na Coimisinéirí Ioncaim, ainm trádála reatha, sonraí faoin úinéir agus seoladh an áitribh.

C. Cad a fhaightear sa Ríomhchlár ar an táille chuardaigh chuí?

F. Beidh sonraí ón mbliain 2009 go dtí an lá atá inniu ann (más cuí) ar an Ríomhchlár. Is féidir teacht ar shonraí ó dhátaí roimh 2009 trí cheadúnú a chuardach leis an gCláraitheoir um Cheadúnú san Oifig Chúirte chuí.

C. Má chaithfidh mé freastal ar oifig chúirte chun cuardach a dhéanamh ar áitreabh roimh 2009 nó chun sonraí cuardaigh a shoiléiriú, an gcaithfidh mé íoc as cuardach eile ar cheadúnú?

F. Má fhreastalaíonn tú ar an oifig chúirte áitiúil laistigh de choicís tar éis an chuardaigh ar líne agus má thugann tú asphrionta an chuardaigh ar líne leat, ní ghearrfar aon táille eile ort.

C. Cé chomh fada siar a théann an Ríomhchlár?

F. Ba chóir go mbeadh sonraí ón mbliain 2009 go dtí an lá atá inniu ann, más cuí, sa Ríomhchlár.

C. Cad is uimhir cheadúnais ann?

F. Is ionann uimhir cheadúnais agus uimhir uathúil a ghineann CSOL, agus ní bhíonn an uimhir ar eolas ag an gcuid is mó d’úsáideoirí.

C. Cad is uimhir ioncaim ann?

F. Is ionann an uimhir seo agus an uimhir cheadúnais a thugann na Coimisinéirí Ioncaim do cheadúnais agus priontálann na Coimisinéirí Ioncaim ar an gceadúnas fisiciúil í. Is dócha go mbeidh an uimhir cheadúnais chéanna ó na Coimisinéirí Ioncaim ag Siopaí Eischeadúnais Beorach, Biotáille agus Fíona.

C. Ní féidir liom teacht ar an áitreabh?

F. Mura dtagann sonraí ar CSOL leis na sonraí cuardaigh, moltar níos lú sonraí a úsáid sna réimsí cuardaigh mar go bhfaighfear níos mó torthaí.  D’fhéadfadh sé gur eisíodh an Ceadúnas roimh 2009 agus caithfear an Clár Ceadúnaithe láimhe a chuardach, nó d’fhéadfadh sé gur ceadúnas nua é agus nár cuireadh ar CSOL go fóill é.

C. Ba mhaith liom cur isteach ar cheadúnas ar áitreamh nua?

F. Seol na sonraí ar fad a bhaineann leis an áitreamh, de réir an tábla thíos, chuig an oifig áitiúil agus déanfar socrú chun an t-áitreabh nua a chur ar CSOL.

Seoladh Líne 1 (Éigeantach)

 

Seoladh Líne 2

 

Seoladh Líne 3

 

Baile/Cathair (Éigeantach)

 

Contae (Éigeantach)

 

Cód Poist (Éigeantach)

 

Uimhir na Dúiche (Éigeantach)

 

Limistéar Cúirte (Éigeantach)

 

 

Iarratais ar Cheadúnú ar Líne & Foinsí Faisnéise/naisc

Iarratais ar Cheadúnú ar Líne & Foinsí Faisnéise/naisc

C. Cé na hiarratais ar cheadúnú is féidir a chur isteach ar líne?

F. Féach ar Cheadúnais ar Iarratais CSOL ar Líne agus tabharfaidh sé seo treoir duit maidir leis na hiarratais atá ar fáil ar CSOL. Roghnaigh na cineálacha iarratais seo amháin in ainneoin na roghanna breise atá ar fáil.

Féach liosta na n-iarratas ar cheadúnú nach mór a chur isteach de láimh chun oifigí cúirte mar nach bhfuil siad mar chuid den treoirchóras ar líne.

C. An féidir liom cásanna a cuireadh isteach roimhe seo a fheiceáil ar líne?

F. Is féidir leat gach iarratas a cuireadh ar CSOL trí fhoireann na hoifige cúirte nó a chuir do ghnólacht isteach ar líne a fheiceáil.

C. Ní féidir liom dáta Cúirte a roghnú agus iarratas ar cheadúnú á chur isteach agam?

F. Tá cúpla cúis ann nach bhfuil dáta cúirte ar fáil duit:

1) Tá sé róchóngarach do dháta cúirte (i gcás iarratas a chuirtear isteach ar cheadúnú sa Chúirt Dúiche ar CSOL, caithfear iad a chur isteach 2 lá ar a laghad roimh an dáta cúirte) i.e. má tá iarratas á dhéanamh agat ar an gCúirt Déardaoin, caithfidh tú d’iarratas a chur isteach faoi mheán oíche Dé Luain roimh ré.   Tabhair do d’aire go mbíonn tréimhsí an fhógra reachtúla fós i bhfeidhm.

2) Ní dúirt an Oifig Chúirte áitiúil go fóill go bhfuil an dáta ar fáil don phobal (déan teagmháil leis an oifig chúirte áitiúil chun an dáta sin a chumasú, más cuí.)

3) Níl an chúirt ina suí ar an dáta a d’iarr tú.

4) Ní éistfidh an chúirt le haon iarratas ar cheadúnú ar an dáta a d’iarr tú.

C. Ba mhaith liom iarratas cúirte a dhéanamh ar áitreabh nua, cad a dhéanfaidh mé?

F. Más áitreabh nua atá ann, ní mór duit sonraí an áitribh nua a chur ar fáil don oifig chúirte áitiúil i scríbhinn de réir an CC thuas.

C. Níl an fógrapháirtí ba mhaith liom a sheirbheáil ar liosta na bhfógrapháirtí?

F. Beidh ort an fógra iarratais a phriontáil agus an fógrapháirtí ar leith a chur ar an eolas de láimh.  Ní mór duit ansin dearbhú seirbhíse a chur isteach ar an bhfógrapháirtí san Oifig Chúirte chuí.

C. Maidir le hiarratais ar dhíolúine speisialta, cé na dátaí agus na hamanna ba chóir dom a roghnú?

F. Baineann ceann de na hearráidí is coitianta maidir le hiarratais ar cheadúnú le dáta/am na díolúine speisialta.  Má roghnaíonn tú meán oíche (00:00) ar dháta ar bith, tugann sé seo tús an lae seachas deireadh an lae le fios.  Mar shampla, dá mbeifeá ag cur isteach ar dhíolúine speisialta ag meán oíche Dé hAoine, 11 Bealtaine 2019, ba chóir duit 00:00 ar an 12/05/19 a roghnú go dtí an t-am deiridh ar an dáta céanna, 02:30 ar an 12/05/19.   B’fhéidir go gceapfá go bhfuil sé seo soiléir, ach faightear go leor ceisteanna ina leith.

C. Conas a chuirim iarratas isteach nuair atá an t-iarratasóir ina ainmní de chuid Eagraíochta/Comhpháirtíochta/Duine Aonair nó ina Rúnaí ar Chlub nó Eagraíocht?

F. Agus iarratais á gcur isteach agat ar CSOL, tá sé tábhachtach nach ionann an t-iarratasóir agus an tAinmní nó an Rúnaí.  Mar gheall air seo, caithfidh tú an tAinmní nó an Rúnaí a chur le CSOL ach na cnaipí ‘Ainmní a Chur leis’ nó ‘Rúnaí a Chur leis’ a úsáid.  Ba chóir sonraí an iarratasóra a iontráil agus iad ag teacht leis an ngnás sonraí thuas.

C. CÉN ÁIT A DTÉIM CHUN TACAÍOCHT MAIDIR LE CSOL A FHÁIL?

F. Téigh go dtí www.courts.ie chun teacht ar fhaisnéis maidir le huasdátuithe CSOL, aga neamhfhónaimh nó faisnéis ghinearálta agus gheobhaidh tú tacaíocht dhíreach i dtaca le CSOL ó casú@courts.ie. De rogha air sin, seans go mbeidh an chúirt oifige áitiúil in ann cabhrú leat i dtaca le roinnt ceisteanna ginearálta. Tá na naisc leis an bhfíseán teagaisc thíos ríthábhachtach chun CSOL agus conas a oibríonn sí a thuiscint.

Faoi láthair, tá físeáin éagsúla teagaisc ar fáil a chlúdaíonn modúil dhifriúla agus postáiltear ar an leathanach faoin Ríomhcheadúnú ar Líne iad.
Tá na físeáin seo mall chun cur ar chumas na n-úsáideoirí an fhaisnéis atá á gcur ina láthair a thuiscint. Cruthaíodh na físeáin seo chun cabhair a chur ar fáil agus tá siad riachtanach do gach duine a úsáideann CSOL le go dtuigfidh siad an córas iomlán sula mbainfidh siad úsáid as CSOL.

C. Cá seolaim moltaí maidir le feabhsúcháin ar an treoirchóras?

F. Seol aon mholadh maidir le feabhsúcháin chuig casu@courts.ie agus glac páirt in aon suirbhé a chuirtear ar aghaidh chugat i dtaca le CSOL.