Is é CSOL (Seirbhís Cúirteanna Ar Líne) an príomhbhealach lena dtéann cruthú, íoc, agus seirbhísiú iarratas ceadúnaithe chun na Cúirte. Seoladh ríomhCheadúnú ar líne do chomhlacht dlíodóirí ar fud na tíre ar an 3 Iúil 2020 trí bhíthin CSOL (Seirbhís Cúirteanna Ar Líne).
Is é ríomhCheadúnú an bealach is éifeachtúla agus is áisiúla chun iarratais cheadúnaithe chun na Cúirte a bhainistiú. Tá teacht ar thacaíocht chun an córas a úsáid ag casu@courts.ie
Chun an seirbhís ar líne a úsáid, caithfidh comhlachtaí dlíodóirí clárú ar www.CSOL.ie trí dhul trí thrí chéim shimplí. Tá breis eolais faoin bpróiseas clárúcháin le fáil sa rannán ‘Clárú’. A luaithe a chláraítear Comhlacht Dlíodóirí, gníomhachtaítear cuntas, agus as sin amach beidh comhlachtaí dlíodóirí in ann iarratais maidir le cúrsaí ceadúnúcháin a chur isteach, a íoc, agus a rianú ar líne chomh maith le Páirtithe Fógraí a sheirbheáil agus a nOrduithe Cúirte ceadúnaithe a bhailiú ar líne.
Le féachaint ar na iarratais cheadúnaithe atá le fail ar CSOL, cliceáil le do thoill ar Ceadúnais ar CSOL Iarratais Ar Line
Tugtar forléargas cuimsitheach thíos ar an gcóras ríomhCheadúnaithe, sraith físeán teagascach san áireamh Cliceáil anseo le haghaidh léargas físeáin faoin gcóras ríomhCheadúnaithe.
Scrolláil síos le haghaidh breis eolais agus físeáin theagascacha.
Le haghaidh tuilleadh sonraí faoi iarratais Cheadúnaithe na Cúirte Dúiche, cliceáil le do thoil ar Iarratais Cheadúnaithe na Cúirte Dúiche