Baineann neamhniú, sa dlí teaghlaigh, le neamhniú pósta agus neamhniú páirtnéireacht shibhialta.

Neamhniú

Neamhniú

Is dearbhú dleathach é neamhniú pósta (neamhniú sibhialta) ag an gcúirt ina maítear go ndeachaigh beirt trí shearmanas pósta ach nárbh ann dá bpósadh dáiríre de réir an dlí nó an Stáit. Tá dhá chineál pósta ar féidir iad a neamhniú nó a chealú - pósadh neamhnitheach agus pósadh in-neamhnithe. Meastar nár tharla pósadh neamhnitheach riamh. Meastar gur pósadh bailí é pósadh in-neamhnithe go dtí go ndéantar fógra neamhnithe.

Is dearbhú dleathach é neamhniú páirtnéireacht shibhialta ag an gcúirt go ndeachaigh beirt trí shearmanas páirtnéireacht shibhialta ach go bhfuil a bpáirtnéireacht shibhialta ar neamhní agus nach ann d'aon pháirtnéireacht shibhialta bhailí. I neamhniú páirtnéireachtaí sibhialta, níl ann ach páirtnéireachtaí sibhialta neamhnitheacha.

 

Tá tuilleadh eolais ar  neamhniú pósta agus neamhniú páirtnéireachtaí sibhialata ar leathanaigh chuí shuíomh gréasáin Eolas do Shaoránaigh

Iarratas a dhéanamh ar phósadh/páirtnéireacht shibhialta a neamhniú

Is féidir iarratais a dhéanamh sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt. Tá dlí an neamhnithe casta. B'fhéidir gur ghá comhairle dhlí a fháil chun a fháil amach an ann do chúinsí neamhnithe.

Foirmeacha cúirte

I.R Uimh. 510 de 2001, Rialacha Cúirte Cuarda, 2001

Foirm 2N: Bille Sibhialta Dlí Teaghlaigh (i gcomhair neamhniú pósta)
Foirm 2S: Bille Sibhialta páirtnéireachtaí sibhialta (i gcomhair neamhniú páirtnéireacht shibhialta)

Foirm 37L: Toghairm chun freastal ar éisteacht dul chun cinn cáis

Foirm 37N: Ceistneoir dul chun cinn cáis

Rialacha cúirte

I.R. Uimh. 510 de 2001: Rialacha Cúirte Cuarda, 2001 - Ordú 59
I.R. Uimh. 312 de 2007: Rialacha Cúirte Cuarda (Ginearálta), 2007
I.R. Uimh. 15 de 1986: Rialacha Uas-Chúirteanna