Na rudaí a gcaithfidh tú smaoineamh ar roimh do dháta cúirte.

Na rudaí ar a gcaithfidh tú smaoineamh roimh do dháta cúirte

Na rudaí ar a gcaithfidh tú smaoineamh roimh do dháta cúirte

Ag brath ar do chúinse féin, tá séans go mbeidh ort cúpla rud a dhéanamh roimh do dháta cúirte.

B’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh dlíodóir a fháil le haghaidh comhairlí dhlí, nó b’fhéidir go bhfuil riachtanais phearsanta agat a gcaithfidh tú an chúirt a chur ar an eolas faoi roimh ré.

Ionadaíocht Dhlíthiúil

Ionadaíocht Dhlíthiúil

Réitítear roinnt fadhbanna dlí teaghlaigh gan ionadaíocht dhlíthiúil ach molaimid i gcónaí go bhfaigheann daoine comhairle dhlí. Is féidir le dlíodóir cuidiú leat tríd an phróiseas agus na roghanna atá agat a mhíniú duit. Freastalóidh dlíodóir in éineacht leat chuig an éisteacht chomh maith. Gheobhaidh tú liosta de shonraí teagmhála dlíodóirí ar  Suíomh Gréasáin an Chumainn Dlí.

Má shíleann tú nach bhfuil d'acmhainn agat íoc as comhairle dhlí, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Bhord um Chúnamh Dlíthiúil chun a fháil amach an bhfuil tú incháilithe le haghaidh cúnaimh dlí. Má tá tú incháilithe, beidh ort íoc as síntiús. Is é ICDSA rogha eile (Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce). Cuireann an tseirbhís seo comhairle dhlí atá saor in aisce ar fáil ar fud na tíre. Is seirbhís rúnda é seo agus tá sé saor in aisce do gach duine.

Comhairle Úsáideach

Comhairle Úsáideach

Níl aon chostais sheasta le haghaidh dlíodóirí príobháideacha- cuir ceist faoi na costais ar dtús.

CUIMHNIGH : Má shocraíonn tú go bhfuil tú chun ionadaíocht a dhéanamh ort féin, is féidir leat d’intinn a athrú am ar bith agus socrú chun labhairt le dlíodóir.

 

Riachtanais Rochtana

Riachtanais Rochtana

Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas ar aon riachtanais rochtana atá agat agus na háiseanna atá ar fáil duit roimh do chás. Athraíonn na háiseanna ag brath ar an suíomh. Is féidir aird a tharraingt ar aon riachtanas ar leith atá agat roimh ré agus a bhfuil muid ábalta do chuairt a dhéanamh chomh furasta agus is féidir a chinntiú.  Is féidir rampaí cathaoireacha rothaí, leithris inrochtana agus teicneolaíocht éisteachta chúnta agus araile a bheith san áireamh.

Ateangairí

Ateangairí

Is féidir leat d’ateangaire féin a fhostú. Is féidir leat ceist a chur ar an chúirt chun ateangaire a chur ar fáil duit agus déanfaidh breitheamh socrú ar seo.

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Ní hé an  Béarla mo theanga dhúchais, an bhfuil aon ateangaire ar fáil?

Is féidir leat d’ateangaire féin a fhostú. Is féidir leat ceist a chur ar an chúirt chun ateangaire a chur ar fáil duit agus déanfaidh breitheamh socrú ar seo.

Cad iad na cáipéisí atá orm a chur isteach roimh ré?

Athraíonn seo ar bhunús cás ar chás, lorg comhairle le do thoil ar seo ó d’ionadaí dlíthiúil nó foireann na Seirbhíse Cúirteanna

Cad a dhéanfainn dá mbeinn buartha faoi mo shábháilteacht ag freastal ar an chúirt.

Más rud é go bhfuil tú buartha faoi do shábháilteacht sa chúirt, déan teagmháil le do thoil le ball den tSeirbhís Chúirteanna sula dtagann tú go dtí an chúirt. B’fhéidir go mbeidh tú ábalta suí áit eile nuair atá tú ag fanacht nó b’fhéidir go mbeidh scáileán curtha ar fáil sa chúirt ionas nach mbeidh duine ar bith ábalta tú a fheiceáil.

Cad iad na tacaíochtaí eile atá ar fáil dom?

Féach le do thoil ar an roinn thacaíochta atá ar fáil chun eolas breise a fháil ar na seirbhísí tacaíochta atá ann chun cuidiú leat.