Is modh tíosach é an nós imeachta um éilimh bheaga chun déileáil le haighneas sibhialta tomhaltóra agus ní bhíonn aon ghá le haturnae. Fút féin atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le héileamh a dhéanamh agus tusa amháin a d’fhéadfadh an cinneadh sin a dhéanamh.

Sonraí na nÉileamh Beag

Sonraí na nÉileamh Beag

Is seirbhís é an nós imeachta um éilimh bheaga a chuireann oifigí na Cúirte Dúiche ar fáil agus tá sé i gceist aige déileáil le héilimh ó thomhaltóirí agus ó ghnólachtaí go neamhchostasach gan aturnae.  

Próiseálann an Cléireach Cúirte Dúiche áitiúil, atá ina Chláraitheoir um Éilimh Bheaga, na héilimh bheaga.

Na cineálacha éileamh a ndéileáiltear leo

  • éileamh ar earraí nó ar sheirbhísí a cheannaítear le haghaidh úsáid phríobháideach ó dhuine atá á ndíol i gcúrsa gnó (éilimh ó thomhaltóirí)
  • éileamh ar earraí nó ar sheirbhísí a cheannaítear le haghaidh úsáid ghnó ó dhuine atá á ndíol i gcúrsa gnó (éilimh ghnó)
  • éileamh ar mhiondamáiste ar réadmhaoin (seachas gortuithe pearsanta)
  • éileamh ar éarlais chíosa d’ionaid réadmhaoine áirithe ar cíos nach n-aisíoctar. Mar shampla, teach saoire nó seomra / árasán in áitreabh ina bhfuil an t-úinéir ina chónaí freisin

Ní féidir leis an éileamh a bheith níos mó ná €2,000.  Caithfear táille €25 a íoc chun éileamh a dhéanamh.

Nuair is féidir, socróidh an Cláraitheoir comhréiteach gan éisteacht chúirte. Mura féidir cúrsaí a réiteach, tabharfaidh an cláraitheoir d’éileamh chun na Cúirte Dúiche (agus beidh ort freastal ar an gCúirt).

Ná déan dearmad go bhféadfadh sé go n-easaontófaí le d’éileamh nó go ndéanfaí frithéileamh i d’aghaidh.

Má admhaíonn an páirtí eile d’éileamh, tá air/uirthi oifig an Chláraitheora a chur ar an eolas agus íocaíocht a dhéanamh. Mura dtugann an páirtí eile freagra ar d’éileamh, déanfaidh an Chúirt Dúiche ordú.

Tá eisiaimh agus faisnéis níos mine, lena n-áirítear nós imeachta forfheidhmithe, ar fáil ar an suíomh gréasáin Faisnéis do Shaoránaigh.

Féach ar an eolas ar conas iarratas a chur isteach.