Is seirbhís é an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a dhéileálann le héilimh ó thomhaltóirí nó ó ghnólachtaí nuair a bhíonn cónaí ar pháirtí amháin i dtír eile san AE. Ní chaithfidh tú aturnae a fháil. Fút féin atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le héileamh a dhéanamh agus tusa amháin a d’fhéadfadh an cinneadh sin a dhéanamh. Ná déan dearmad gur beag sásamh a gheobhaidh tú as do chás a bhuachan mura bhfuil aon airgead ag an bhFreagróir fiach breithiúnais a íoc.

Ní féidir leis an uaséileamh a bheith níos mó ná €5,000.  Caithfear táille €25 a íoc chun éileamh a dhéanamh.

Próiseálann an Cléireach Cúirte Dúiche áitiúil, atá ina Chláraitheoir um Éilimh Bheaga, na héilimh.

Déileáiltear leis an nós imeachta trí chomhfhreagras den chuid is mó, ach d’fhéadfaí éisteacht os comhair cúirte a reáchtáil má cheapann an chúirt go bhfuil gá léi.

Baineann eisiaimh áirithe leis an nós imeachta.  Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise, agus nós imeachta forfheidhmithe, ar an suíomh gréasáin Faisnéis do Shaoránaigh.

Aithneofar agus forfheidhmeofar breithiúnas a thugtar i mBallstát maidir leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga i mBallstát eile. Rialóidh dlí an Bhallstáit ina gcuirfear an breithiúnas i bhfeidhm an nós imeachta forfheidhmithe.

Tá foráil sa Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 don Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus tagraítear dó sna Rialacha Cúirte Dúiche 1997 - 2014 - Ordú53B.

I.R. Uimh. 315 de 2018 Rialacha Cúirte Dúiche (An Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga)2018.pdf  a tháinig in éifeacht ar an 2 Meán Fómhair 2018.

Éileamh a Dhéanamh

Ní féidir leat Éileamh Beag Eorpach a dhéanamh ar líne faoi láthair.

Agus éileamh á dhéanamh agat, ní mór duit a bheith cinnte d’ainm agus de sheoladh an duine nó an chomhlachta a bhfuil tú ag iarraidh éileamh a dhéanamh ina aghaidh. Ní mór do na sonraí a bheith cruinn le gur féidir aon ordú cúirte (breithiúnas) a chur i bhfeidhm.

Cuirfidh an Cláraitheoir um Éilimh Bheaga an fhoirm iarratais ar fáil duit nó is féidir leat foirm iarratais na n-éileamh beag Eorpach a íoslódáil ón Tairseach Eorpach don Cheartas.

Ba chóir an fhoirm iarratais chomhlánaithe agus an táille a lóisteáil leis an gCláraitheoir áitiúil.

Ná déan dearmad go bhféadfadh sé go n-easaontófaí le d’éileamh nó go ndéanfaí frithéileamh i d’aghaidh.

Nuair a chuireann an cosantóir in aghaidh an éilimh, déanfaidh an Cláraitheoir iarracht réiteach a shocrú idir tusa agus an cosantóir.  Má theipeann air seo, cuirtear an t-éileamh ar aghaidh chuig an gCúirt Dúiche le haghaidh breithiúnais.

Má admhaíonn an páirtí eile d’éileamh, tá air/uirthi oifig an Chláraitheora a chur ar an eolas agus íocaíocht a dhéanamh. Mura dtugann an páirtí eile freagra ar d’éileamh, déanfaidh an Chúirt Dúiche ordú.

D’fhéadfadh an cláraitheoir iarraidh ar pháirtí aistriúchán ar aon doiciméad a bhaineann leis an éileamh a chur ar fáil.

Athbhreithniú ar Bhreithiúnas

Beidh freagróir i dteideal athbhreithnithe ar bhreithiúnas a thugtar faoin nós imeachta:

  1. sa chás nár tháinig seirbhís an éilimh nó na toghairme in éifeacht i gceart, agus
  2. sa chás nár tháinig an tseirbhís in éifeacht in am chun cur ar chumas an chosantóra a c(h)osaint a eagrú.

  1. cuireadh cosc ar an gcosantóir cur in aghaidh an éilimh mar gheall ar force majeure nó mar gheall ar chúinsí eisceachtúla.
     

Is féidir leat teacht ar shonraí teagmhála de chuid na n-oifigí cúirte dúiche éagsúla sa rannán ‘Teacht Orainn’.
Is féidir teacht ar liostaí na nOifigí Cúirte de réir Dlínse, chomh maith le sonraí teagmhála agus léarscáileanna, anseo.