Nuair nach féidir le lánúin a aontú faoi na téarmaí lena gcónaíonn siad ar leithligh, féadann ceachtar páirtí iarratas ar fhoraithne idirscaradh breithiúnach a chur faoi bhráid na cúirte. Baineann foraithne idirscaradh breithiúnach an oibleagáid ar chéilí comhchónaí a dhéanamh.

Idirscaradh Breithiúnach

Idirscaradh Breithiúnach

Nuair nach féidir le lánúin a aontú faoi na téarmaí lena gcónaíonn siad ar leithligh, féadann ceachtar páirtí iarratas ar fhoraithne idirscaradh breithiúnach a chur faoi bhráid na cúirte. Má tá an chúirt sásta go bhfuil na coinníollacha cuí á gcomhlíonadh, deonóidh an chúirt foraithne idirscaradh breithiúnach. Dearbhaítear san fhoraithne nach bhfuil iallach ar an lánúin cónaí le chéile mar lánúin phósta. Féadann an chúirt fosta orduithe a dhéanamh a bhaineann le cúram agus rochtain leanaí, íocaíocht cothabhála agus cnapshuimeanna, aistriú maoine, cealú cearta comharbais agus gnóthaí eile.

Tá tuilleadh eolais ar idirscaradh breithiúnach, lena n-áirítear na rialacha a bhaineann le foraithne a fháil ar shuíomh gréasáin Eolas do Shaoránaigh  Citzens Information.

Conas iarratas a dhéanamh

Is sa Chúirt Chuarda a dhéantar bunús na n-iarratas ar idirscaradh breithiúnach. Tá an nós imeachta nach mór cloí leis chun orduithe a fháil ón gcúirt faoi rialú rialacha na cúirte. Cuimsítear iontu fosta na foirmeacha atá le comhlánú chun d'iarratas a dhéanamh.

 

Rialacha na cúirte

Baineann na rialacha seo a leanas le hiarratais ar idirscaradh breithiúnach sa Chúirt Chuarda.

I.R Uimh. 510 de 2001: Rialacha Cúirt Chuarda: Ordú 59
I.R Uimh. 312 de 2007: Rialacha Cúirt Chuarda (Ginearálta), 2007
I.R Uimh. 358 de 2008: Rialacha Cúirt Chuarda (Dul chun Cinn Cáis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh), 2008

Foirmeacha cúirte

Is cuidiú iad na foirmeacha cúirte seo a leanas chun d'iarratas a ullmhú:

I.R Uimh. 510 de 2001: Rialacha Cúirt Chuarda 2001

Foirm 2N: Bille Sibhialta Dlí Teaghlaigh
Foirm 37A: Mionnscríbhinn acmhainne
Foirm 37B: Mionnscríbhinn leasa
Foirm 37C: Fógra chuig iontaobhaithe
Foirm 37D: Dearbhú de bhun alt 5 nó alt 6 den Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh, 1989 nó alt 6 nó alt 7 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996 (d'aturnaetha)

I.R. Uimh. 358 ode 2008, Rialacha Cúirte Cuarda (Dul chun Cinn Cáis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh), 2008

Foirm 37L: Toghairm chun a bheith i láthair ar éisteacht dul chun cinn cáis
Foirm 37N: Ceistneoir dul chun cinn cáis