Is cuidiú í an eadráin do lánúineacha a bhfuil cinneadh déanta acu idirscaradh chun aon díospóid a réiteach a bheadh acu i leith buncheisteanna cúram agus rochtain leanaí.

Eadráin

Eadráin

Is cuidiú í an eadráin do lánúineacha a bhfuil cinneadh déanta acu idirscaradh chun aon díospóid a réiteach a bheadh acu i leith buncheisteanna  cúram agus rochtain leanaí ,  cothabháil agus cearta maoine.

Ní comhairleoireacht ar phósadh í an eadráin. Ní hé an aidhm atá léi cuidiú le lánúineacha teacht le chéile arís. Is duine neodrach é/í an t-eadránaí agus spreagtar an lánúin atá ag scaradh comhoibriú le chéile chun socruithe atá inghlactha acu beirt, a gcloífidh siad leo, a oibriú amach. Féadann aon lánúin atá ag scaradh leas a bhaint as an eadráin, bídís pósta nó ná bíodh. Tá lánúineacha comhghnéis san áireamh.

Tá tuilleadh eolais ar eadráin ar an leathanach cuí de shuíomh gréasáin Eolas do Shaoránaigh 

Conas eadráin a shocrú

Cuireann an Bord um Chúnamh Dlí an tSeirbhís Eadrána Teaghlaigh ar fáil saor in aisce.  Déan Teagmháil leis an tSeirbhís Eadrána Teaghlaigh ag an mBord um Chúnamh Dlí chun liosta d'ionaid ar fud na tíre a fháil.

Tá an iomad eadránaithe príobháideacha ann fosta. Is féidir dul i dteagmháil leis na comhlachtaí thíos chun mionsonraí eadránaithe creidiúnaithe a fháil.