Dul chun cinn cáis an téarma ar bhainistiú cáis sula dtosaíonn an triail.

Cad is dul chun cinn cáis ann?

Cad is dul chun cinn cáis ann?

ul chun cinn cáis an téarma ar bhainistiú cáis sula dtosaíonn an triail. An fheidhm atá leis a chinntiú go n-ullmhaítear gnóthaí ar shlí atá cothrom, éifeachtach agus ar dócha go gcoinníonn siad costais chomh híseal agus is féidir. Cinntítear leis fosta go mbaintear an leas is fearr as am agus acmhainní eile de chuid na cúirte. Is fearr a ullmhaítear cásanna a théann trí phróiseas an dul chun cinn cáis agus is é a thoradh sin go n-éistear cásanna níos gasta agus go mbíonn trialacha níos giorra.

Sa dlí teaghlaigh in Éirinn, is san Ard-Chúirt a bhíonn bunús éisteachtaí dul chun cinn cáis. Tá ról lárnach ag an gcláraitheoir contae sa dul chun cinn cáis. Déanann sé/sí maoirseacht ar ullmhú cásanna dlí teaghlaigh i gcomhair trialach, monatóireacht ar dhul chun cinn ar an gcás roimh an triail agus socruithe deiridh na trialach. Socraíonn an cláraitheoir contae cé na bearta atá le déanamh chun an cás a ullmhú i gcomhair trialach agus an clár ama chun na bearta seo a chur i gcrích. Féadann sé/sí réimse de threoir agus/nó orduithe réamhthrialach a thabhairt (mar shampla, nithe a dhearbhú i mionnscríbhinn acmhainne agus sainaithint na n-údar aighnis atá ag na páirtithe).

Conas a oibríonn sé?

Bíonn an éisteacht ar siúl os comhair an chláraitheora contae i ndiaidh eisiúint imeachtaí cúirte. Freastalaíonn aturnaetha an dá pháirtí/na páirtithe féin. Ní mór do gach páirtí sa chás ceistneoir mionsonraithe a chomhlánú ar cuidiú é chun na ceisteanna faoina n-aontaíonn na páirtithe agus na ceisteanna atá faoi dhíospóid a aithint. Tá an ceistneoir agus na foirmeacha eile i Rialacha na Cúirte Cuarda. Roimh an éisteacht cuirtear iallach ar gach páirtí eolas airgeadais áirithe a dhearbhú.

Is cuidiú í an éisteacht lena fháil amach an bhfuil pléadálacha breise de dhíth agus pléitear inti le gnóthaí amhail dearbhú, follasú, seirbheáil fógraí faoiseamh pinsin, tuairiscí saineolaithe srl., agus aon ghnó eile atá le réiteach roimh an triail.

Foirmeacha cúirte:

Cúirt Chuarda

Foirm 37L: Toghairm chun freastal ar éisteacht dul chun cinn cáis
Foirm 37N: Ceistneoir dul chun cinn cáis

Rialacha cúirte

I.R. Uimh. 358 de 2008: Rialacha Cúirt Chuarda (Dul chun Cinn Cáis in Imeachtaí Dlí Teaghlaigh), 2008