Má shíleann tú go bhfuil tú i gcontúirt láithreach ó dhrochíde nó foréigean sa teaghlach, déan teagmháil leis an nGarda Síochána ar 999/112

Eolas agus tacaíocht rúnda

Eolas agus tacaíocht rúnda

Cúnamh na mBan
- 1800 341 900 (Líne Chabhrach Saorghlao Náisiúnta 24 uair)

Cúnamh na bhFear
- (01) 554 3811 (d'íospartaigh drochíde sa teaghlach ar fir iad)

Eolas ar cén áit le cuidiú a fháil

Eolas ar cén áit le cuidiú a fháil

Cosc - An Oifig Náisiúnta um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe a Chosc

Is é is drochíde sa teaghlach ann foréigean nó cineálacha eile drochíde ag duine i gcoinne duine eile a bhfuil, nó a raibh, dlúthchaidreamh aige/aici leis/léi. D'fhéadfadh an drochíde a bheith fisiciúil, gnéasach, síceolaíoch, mothúchánach nó airgeadúil. Féadann drochíde sa teaghlach dul i bhfeidhm ar pháistí agus ar bhaill eile teaghlaigh

Tá na míreanna seo a leanas san áireamh i dtaca le Foréigean sa Teaghlach de:

_____________________________________________________________________________

Foréigean sa Teaghlach agus an Dlí

Is é atá i gceist le foréigean sa teaghlach úsáid fórsa fisiciúil nó mothúchánach nó bagairt fórsa fisiciúil, lena n-áirítear foréigean gnéasach, i ndlúthchaidreamh. Le cois foréigean fisiciúil, féadann na gnéithe seo a leanas a bheith san fhoréigean sa teaghlach:

  • drochíde mhothúchánach
  • scrios maoine
  • iompraíocht smachta amhail scaradh ó chairde, muintir agus foinsí féideartha tacaíochta eile
  • bagairt ar dhaoine eile, lena n-áirítear páistí
  • stalcaireacht
  • smacht ar rochtain airgid, earraí pearsanta, bia, taisteal agus cumarsáid.
  • smacht comhéigneach

Leis an Acht um Fhoréigean Baile daingnítear an dlí ar fhoréigean baile agus tugtar cosaintí breise d'íospartaigh foréigean baile.

Tugtar isteach leis an Acht cion nua smacht comhéigneach céile, páirtí sibhialta nó páirtí dlúthchaidrimh. Is patrún imeagla, náirithe agus iompraíocht rialaithe é smacht comhéigneach ar cúis é le scanrú foréigin nó ciapadh tromchúiseach a bhfuil tionchar suntasach aige ar ghníomhaíochtaí laethúla an íospartaigh.

Faoin reachtaíocht foréigin baile is iad na príomhchineálacha cosanta atá ar fáil ná, orduithe sábháilteachta agus orduithe urchoisc - féach 'Cé na horduithe is féidir le cúirt a dhéanamh'.

Tá níos mó eolais fosta ar shuíomh gréasáin Eolas do Shaoránaigh.

_____________________________________________________________________________

Cé na horduithe is féidir le cúirt a dhéanamh?

Ordú urchoisc

Leis an ordú seo, cuirtear cosc ar fhreagróir a bheith foréigneach nó ag bagairt a bheith foréigneach leat féin agus/nó do pháistí.  Ciallaíonn an t-ordú seo go gcaithfidh an freagróir an áit a gcónaíonn sibh le chéile a fhágáil ar feadh achar áirithe ama. Is féidir fosta an freagróir a chosc ar tú a leanúint, cumarsáid a dhéanamh leat (de mhodh leictreonach san áireamh) nó dul isteach san áit a gcónaíonn tú. Is iondúil go luann an chúirt dáta deiridh an ordaithe.

Ordú sábháilteachta

Leis an ordú seo, cuirtear cosc ar fhreagróir a bheith foréigneach nó ag bagairt a bheith foréigneach le do pháistí. Leis an ordú seo fosta, is féidir an freagróir a chosc ar theacht chuig an áit a gcónaíonn tú, mura gcónaíonn sibh le chéile. Is féidir fosta an freagróir a chosc ar tú a leanúint nó cumarsáid a dhéanamh leat (de mhodh leictreonach san áireamh). Is iondúil go luann an chúirt dáta deiridh an ordaithe.

Orduithe cosanta práinneacha ar chosaint láithreach

Má tá cosaint de dhíth ort láithreach ba chóir duit cur isteach ar ordú práinneach sealadach. Ní gá duit a rá leis an bhfreagróir ag an am go bhfuil tú ag déanamh an iarratais seo. Tugtar iarratas "ex-parte" air seo.

Is Ordú Sábháilteachta Sealadaí é Ordú Cosanta a fhéadann an chúirt a chur i bhfeidhm go dtí go dtugtar chun críche an éisteacht iomlán i gcomhair Ordú Urchoisc nó Ordú Sábháilteachta sa chúirt.

Is iad seo a leanas an dá chineál orduithe urchoisc sealadacha:

  1. Ordú Urchoisc Eatramhach. Bíonn sé i bhfeidhm ar feadh suas le 8 lá oibre go dtí go n-éisteann an chúirt an t-iarratas iomlán ar an ordú urchoisc
  2. Ordú Urchoisc Éigeandála. Bíonn sé i bhfeidhm ar feadh suas le 8 lá oibre. Ní féidir iarratas a chur isteach ar ordú urchoisc iomlán nuair a bhíonn deireadh leis seo.

 

Ní mór duit a bheith i láthair ar éisteacht chúirte agus ráiteas mionnaithe a thabhairt. Féadann an chúirt ordú a eisiúint ag an éisteacht sin.

Ansin, gheobhaidh an freagróir cóip den ordú cúirte agus den fhaisnéis a mhionnaigh tú.

Má ceadaíodh ordú duit agus má bhriseann an freagróir téarmaí an ordaithe, ba chóir duit glaoch ar na Gardaí láithreach. Má bhriseann an freagróir an t-ordú cúirte, is féidir iad a ghabháil agus a thabhairt os comhair na gcúirteanna coiriúla.

_____________________________________________________________________________

Cáilitheacht

Tá grúpaí éagsúla daoine ann a fhéadann cur isteach ar ordú faoin  Acht um Fhoréigean Baile, 2018 . Féadann na grúpaí seo uile cur isteach ar chatagóirí difriúla orduithe.

Is tábhachtach go dtugann tú eolas soiléir ar do chaidreamh leis an bhfreagróir ionas go gcuireann tú iarratas isteach chun na cúirte ar an ordú cuí.

Ba chóir duit a chur in iúl don chúirt/oifig chúirte má tá imeachtaí eile dlí teaghlaigh ar siúl agat.

Is treoir é an tábla thíos a chuideodh leat a shocrú cén t-iarratas atá le cur faoi bhráid na cúirte.

 

Caidreamh leis an bhFreagróir Urchosc Sábháilteacht Cosaint Urchosc Eatramhach Urchosc Éigeandala
Bean chéile
Fear céile
Páirtnéir sibhialta
Iar-Chéile
Is ea Is ea Is ea Is ea Ní hea
Duine a chónaigh leis an bhfreagróir i ndlúthchaidreamh roimh an iarratas a dhéanamh (comhchónaitheoir) Is ea * Is ea Is ea Is ea * Is ea **
Duine a bhí  i ndlúthchaidreamh leis an bhfreagróir ach nár chónaigh leis/léi roimh an iarratas a dhéanamh Ní hea Is ea Is ea Ní hea Ní hea

Tuismitheoir an fhreagróra.

Ní mór lán-aois a bheith ag an bhfreagróir agus nach cleithiúnaí é/í

Is ea * Is ea Is ea Is ea * Is ea **
Tuismitheoir páiste arb é/í an freagróir an tuismitheoir eile Ní hea Is ea   Ní hea Ní hea
Duine dar lánaois a chónaíonn leis an bhfreagróir. Ní féidir gur caidreamh conartha é amhail tiarna talún/tionónta Ní hea Is ea Is ea Ní hea Ní hea

* Ní mór don iarratasóir an leas dlí nó sochair céanna a bheith aige/aici agus atá ag an bhfreagróir, nó níos mó ná sin, sa mhaoin

** Níl aon leas dlí nó sochair, nó níos lú ná an freagróir, sa mhaoin ag an iarratasóir

___________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

Cén áit ar féidir liom cur isteach ar ordú cúirte?

Féadann tú dul chuig oifig na cúirte sa cheantar ina gcónaíonn tú.

Féadann tú dul chuig oifig na cúirte sa cheantar ina gcónaíonn tú mura gá duit cónaí i gceantar eile mar gheall ar iompar an fhreagróra.

 

Chun d'oifig chúirte áitiúil a aimsiú, téigh chuig rannán 'Cá bhfuilimid'  ar an suíomh gréasáin againn.
Is féidir teacht ar Liostaí d'Oifigí Cúirte de réir Dlínse agus naisc chuig sonraí teagmhála agus mapa  anseo

Rialacha agus Foirmeacha Cúirte

Is sa Chúirt Dúiche a dhéantar formhór na n-iarratas faoin reachtaíocht foréigin sa teaghlach. Rialaítear le hOrdú 59 an nós imeachta nach mór a chomhlíonadh chun orduithe a fháil ón gcúirt. Áirítear san ordú fosta na foirmeacha a chaithfear a chomhlánú chun d'iarratas a dhéanamh.

Ordú 59 - Rialacha na Cúirte Dúiche

 

Cuidiú agus tacaíocht eile

Ní fhéadann foireann na Seirbhíse Cúirteanna comhairle dlí a thabhairt duit ach seans go mbeifeá i dteideal cúnamh dlí tríd an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Is féidir eolas agus tacaíocht a fháil maidir le cur isteach ar ordú cúirte ó d'eagras tacaíochta drochíde baile áitiúil.