DC11

Treoracha Chleachtais Choiriúil do Chúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath

Mí na Samhna, 2018

Ginearálta

  1. Tagann an Treoir Chleachtais seo in ionad Threoir Chleachtais Coiriúil CD03 agus forlíonann sí cuid de CD07, ach ní fhorlíontar í go léir agus folaíonn sí treoracha eile maidir le cleachtas agus nós imeachta sna cúirteanna lena mbaineann sé laistigh de Chúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

An Cuspóir

  1. Éisteacht chothrom agus thapa gach ábhar coiriúla a bhainistiú agus a chur chun cinn agus ar an gcaoi sin seasamh le cearta bunreachtúla na ndaoine cúisithe agus muinín an phobail i gcóras Chúirteanna Coiriúla na hÉireann a chinntiú. Ní mór déileáil le gach ábhar a thagann os comhair na Cúirte Dúiche ar bhealach atá comhsheasmhach le riachtanais an cheartais bhunreachtúil agus nósanna imeachta cothroma. Go praiticiúil áirítear leis seo
  1. Daoine neamhchiontacha a éigiontú agus daoine ciontacha a chiontú;
  2. Cearta bunreachtúla daoine atá cúisithe a aithint agus cearta íospartach agus finnéithe á n-urramú ag an am céanna;
  3. Déileáil leis na páirtithe i ngach ábhar coiriúil ar mhodh cóir tráthúil a thugann aird chuí ar thromchúis an chiona líomhnaithe, agus ar na hiarmhairtí do dhaoine cúisithe agus do dhaoine eile;
  4. A chinntiú go gcuirtear faisnéis chuimsitheach faoi bhráid na Cúirte chun a chinntiú go dtarlaíonn breithnithe lánfheasach;
  5. Ionracas agus na caighdeáin eiticiúla agus ghairmiúla is airde a spreagadh;
  6. Comhlíonadh comhsheasmhach le Rialacha na Cúirte Dúiche ('RCD') agus Treoracha Cleachtais.

Rannpháirtithe i riaradh an cheartais

  1. Tá sé de dhualgas ar rannpháirtithe sna himeachtaí riarachán neamhspleách agus neamhchlaonta an cheartais a chothabháil agus déanfaidh siad i gcónaí onóir agus dínit a ngairme a chothabháil agus iad ag déanamh ionadaíochta ar leasanna a gcuid cliant. Baintear an bonn den bhuncheart bunreachtúil chun éisteachta atá cothrom agus gasta a bhaint as mac nó moill ag páirtí ar bith chun buntáiste nós imeachta a braite a bhaint amach sa chúirt dúiche agus déanann sé dochar do mhuinín an phobail as riaradh an Cheartais. Déanann na RCD agus na Treoracha Cleachtais, tógtha le chéile, soiléir nach féidir leis na cúirteanna ligean dó seo tarlú. I gcás gur comhalta den Gharda Síochána an t-ionchúisitheoir, beidh sé/sí faoi cheangal ag na ‘Treoirlínte d’Ionchúisitheoirí’ agus an ‘Cód Eitice d’Ionchúisitheoirí’ arna n-eisiúint ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Ceart éisteachta

  1. Tá ceart éisteachta ag páirtithe sna himeachtaí, Aturnaetha, Abhcóidí, Coimisinéirí Ioncaim, agus Comhaltaí den Gharda Síochána os comhair na Cúirte Dúiche de réir Ordú 6 de na RCD. Ní fhéadfaidh abhcóidí láithriú sa Chúirt Dúiche gan aturnae treorach ach amháin sa chás go bhfuil treoracha acu ón aturnae sin ionadaíocht a dhéanamh ar son an chliaint i gcás áirithe.

Iarratais ar Bhannaí

  1. Ar éisteacht le fianaise gabhála, cúisimh agus rabhadh éistfidh an chúirt agus breithneoidh sí iarratais ar chúnamh dlíthiúil, athchuir faoi choimeád nó faoi bhannaí. Ba cheart do ghardaí ionchúisimh iad féin a chur ar an eolas go hiomlán faoi na himthosca go léir a bhaineann le hiarratas ar leith sula gcuirtear in iúl toiliú nó agóid i gcoinne bannaí. I gcás go ndéanann an t-ionchúiseamh iarracht coinníollacha a nglactar leo ag an gcosaint a chur ag gabháil le bannaí ba chóir iad a chur in iúl go soiléir don chúirt ionas gur féidir leis an gcúirt breith a thabhairt orthu. Is faoin gcúirt a chinnfidh cinntí a bhaineann le bannaí tar éis di an fhianaise a tugadh ar aird agus na haighneachtaí a rinneadh a bhreithniú.
  2. In iarratais ar bhannaí a chonspóidtear ba cheart don ionchúiseamh bunús a n-agóide i gcoinne bannaí a leagan amach go soiléir faoi phrionsabail O’Callaghan agus/nó faoin Acht um Bannaí arna leasú ag an Acht um Cheartas Coiriúil (Buirgléireacht Áitreabh) 2015 agus ag an Acht um Cheartas Coiriúil 2017. Sa chás go bhfuil agóidí ar bhannaí faoi alt 2 den Acht um Bannaí 1997 arna leasú ní mór na hagóidí a leagan amach i scríbhinn agus a chur ar fáil don chosaint a luaithe is féidir. Féadfar cóip de na hagóidí a thabhairt don chúirt freisin le toiliú na Cosanta. Soláthrófar don chúirt cóip de sceideal aon chiontuithe agus/ nó cionta roimhe sin a rinneadh agus é ar bhannaí.
  3. Nuair a theipeann ar chúisí ar deonaíodh bannaí dó láithriú ar an gcéad dáta eile a mbeidh an cás os comhair na cúirte féadfar barántas binse a eisiúint. Ní mór na himthosca maidir le neamhfhreastal a leagan amach don chúirt ina n-iomláine nuair a thugtar an cás ar ais chun na cúirte tar éis aon bharántas binse a fhorghníomhú. Breithneoidh an chúirt eisíocaíocht nó bannaí a fhorghéilleadh i gcás ina mainnítear láithriú gan leithscéal réasúnach. Déanfaidh an chúirt stair an bharántais bhinse a mheas agus í ag breithniú ar cheart bannaí a dheonú nó a dhiúltú.

Cúnamh Dlíthiúil

  1. I gcásanna cuí cuirfidh an chúirt duine cúisithe ar an eolas faoina gceart féideartha ar chúnamh dlíthiúil, agus in aon chás ina ndéantar iarratas den sórt sin éileoidh an chúirt go ginearálta ar an duine cúisithe dearbhú sínithe a chomhlánú maidir lena maoin. I gcás ina gcinnfidh an chúirt go bhfuil sé cuí cúnamh dlíthiúil a dheonú fiafrófar den duine cúisithe an mian leo aturnae áirithe a ainmniú chun ionadaíocht a dhéanamh ar a son sna himeachtaí os comhair na cúirte agus d’éagmais an ainmniúcháin sin ceapfaidh an Chúirt aturnae chun ionadaíocht a dhéanamh ar a s(h)on ón bpainéal aturnaetha faoin scéim um chúnamh dlíthiúil atá i láthair sa seomra cúirte. 
  2. Sa chás nach féidir le haturnae atá sannta faoi dheimhniú um chúnamh dlíthiúil in aisce freastal ar an gcúirt chun ionadaíocht a dhéanamh ar chúisí, ní mór dó a chinntiú go dtiocfaidh comhghleacaí nó abhcóide i láthair agus tugtar treoir dó déileáil le gach saincheist ábhartha os comhair na cúirte.
  3. Mura bhfuil aturnae sannta i láthair agus mura bhfuil socrú déanta aige d’aturnae nó d’abhcóide eile le treoracha freastal ar an gcúirt, féadfaidh an chúirt breathnú ar iarratas ón gcúisí chun aturnae eile a shannadh.
  4. Sa chás go bhfuil duine cúisithe os comhair na cúirte ar chúisimh nua/nó ar fhorghníomhú barántais, ach nach bhfuil a dlíodóir ainmnithe i láthair sa chúirt, féadfar fiosrúchán a dhéanamh an bhfuil fógra tugtha don aturnae faoin láithreas cúirte. Más rud é gur cuireadh an t-aturnae ar an eolas agus nach féidir leis a bheith i láthair go pearsanta nó socrú a dhéanamh go mbeadh ionadaí i láthair sa chúirt, is féidir iarraidh ar an duine cúisithe aturnae eile a ainmniú faoin scéim um chúnamh dlíthiúil.

Daoine cúisithe faoi choimeád i gceantar an tí cúirte

  1. Sa chás go dteastaíonn ó aturnae nó abhcóide dul i gcomhairle le duine cúisithe atá faoi choimeád i gcillíní laistigh den teach cúirte nó i ngarchomharsanacht na cúirte, ba chóir dó/di é sin a chur in iúl don chúirt dá réir sin agus féachaint le cás an chúisí a chur ar ais chun comhairliúchán a chumasú.
  2. Ní fhéadfaidh ach an t-aturnae sannta, nó aturnae ón ngnólacht céanna leis an aturnae sannta nó abhcóide a bhfuil treoir aige/aici déileáil leis an tsaincheist os comhair na cúirte, cuairt a thabhairt ar an duine cúisithe i gcillíní tí cúirte.

Dlínse a bhreithniú

  1. Más féidir déileáil le cúiseamh ar díotáil ní mór don ionchúiseamh tásc ar threoracha an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus breac-chuntas mionsonraithe a thabhairt don chúirt ar na fíricí líomhnaithe chun críocha dlínse a bhreithniú a luaithe is féidir.
  2. I gcás ina nglacann an chúirt le dlínse, nó más ábhar achomair amháin an t-ábhar, ní mór don ionchúiseamh a bheith réidh chun sonraí tosaigh chás an ionchúisimh a shainaithint go soiléir ionas gur féidir leis an gcúirt aon treoracha cuí a thabhairt atá riachtanach do thriail éifeachtach lena n-áirítear ordú nochta a dhéanamh.

Cionta achoimre

16. I gcás cionta achoimre amháin, tabharfaidh an chúirt láithreach cibé ordacháin is gá don triail lena n-áirítear, nuair is gá, ordú um nochtadh a dhéanamh. I gcás pléadáil chiontach, chun ullmhú don phianbhreith ba chóir go mbeadh an garda ionchúisimh/láithreoir cúirte ar fáil chun achoimre mhionsonraithe a thabhairt ar an gcion, sonraí na gciontuithe roimhe seo agus pléadáil maolaithe a éisteacht ionas gur féidir leis an gcúirt dul ar aghaidh le déileáil leis an bpianbhreith nó tuairisc réamh-smachtbhanna a iarraidh. Is i gcásanna eisceachtúla amháin ar cheart gur ghá imeacht cúirte eile a bheith ann le haghaidh éisteacht phianbhreithe.

Nochtadh

  1. Tá nochtadh lárnach don phróiseas ceartais choiriúil agus is cuid ríthábhachtach den ullmhúchán don triail é. Ba cheart go ndéanfaí foráil maidir le nochtadh chomh mion agus is gá chun cothroime na n-imeachtaí a chosaint agus feidhmiú éifeachtach chearta na cosanta a dhéanamh go tráthúil.
  2. In ionchúisimh achomair ba cheart nochtadh a dhéanamh, nuair is ábhartha, a luaithe is féidir chun an ceart chun comhairliúcháin eolacha a éascú idir cleachtóirí dlí agus daoine cúisithe roimh láithreas cúirte chun dáta a shocrú le haghaidh diúscartha trí phléadáil nó éisteacht chonspóide. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar nochtadh ag an gcéad imeacht cúirte tar éis bannaí agus sannadh cúnaimh dhlíthiúil más infheidhme. Ba cheart go leanfadh an t-ionchúiseamh caighdeáin dea-chleachtais maidir le hIonchúiseamh mar atá leagtha amach i dTreoirlínte an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí d'Ionchúisitheoirí maidir leis seo.
  3. I gcásanna indíotáilte a thriailtear go hachomair ba cheart iarratas a dhéanamh ar nochtadh achomair nuair a thugtar treoir an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus nuair a ghlacann an chúirt le dlínse. Ba chóir am imleor a thabhairt don chúirt chun an nochtadh a chríochnú ionas gur féidir an cás a athchur ar feadh tréimhse eile chun comhairliúchán agus treoir a cheadú. Ba cheart don chosaint aon easnaimh sa nochtadh a ardú i scríbhinn roimh an dáta athchuir ionas gur féidir leis an gcúirt rialú a dhéanamh ar an dáta fillte.
  4. Is féidir na nithe seo a leanas a áireamh i nochtadh, nuair is cuí:
  1. achoimre fhianaise,
  2. aon ráitis atá ar fáil
  3. taifid ar choimeád
  4. píosaí scannáin TCI ar fáil
  5. Liosta de na finnéithe agus
  6. Má tá sé beartaithe tagairt a dhéanamh d’iontrálacha na leabhar nótaí ag an éisteacht, agus nach bhfuil aon agóid ann go mbreathnófaí orthu ag an éisteacht ba cheart iad a chur ar fáil freisin mar chuid den nochtadh roimh ré chun moilleanna ag éisteacht agus iarratais ar atráthú a sheachaint.
  1. I measc na gcúinsí lena gcinntear cibé acu an bhfuil nochtadh agus cé chomh fada is a theastaíonn nochtadh i gcúiseamh coiriúil atá á láimhseáil go hachomair ag an gCúirt Dúiche tá:
  1. tromchúis an chúisimh;
  2. tábhacht an ábhair ionchúisimh;
  3. an bhfuil cineál agus substaint an chúisimh curtha in iúl go leordhóthanach don chúisí cheana féin; agus
  4. an dóchúlacht go mbeidh baol éigeartais ann de bharr neamhnochta.

Moill insheachanta

22 D’fhonn moilleanna neamhriachtanacha in imeachtaí coiriúla a sheachaint agus chun ceart an chúisí chun trialach cothrom a áirithiú laistigh de thréimhse réasúnach chun feidhmiú éifeachtach chearta na cosanta a cheadú, agus d’fhonn cásanna a aithint ina bhféadfar pléadálacha a dhéanamh roimh dháta na trialach agus chun tús trialacha in imeachtaí coiriúla sa Chúirt Dúiche a éascú, ar an dara dáta athchuir beidh an chúirt ag súil go mbeidh an t-ionchúiseamh in ann breac-chuntas cuimsitheach a thabhairt ar:

  1. cibé an bhfuil comhad curtha faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus treoracha an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí á lorg agus an fráma ama a bhfuiltear ag súil leis faoina gcinnfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an cheist ionas gur féidir leis an gcúirt scála ama riachtanach a chinneadh go réalaíoch don athchur cuí ar atráth.
  2. Ar an dara láithreas os comhair na cúirte, beidh an chúirt ag súil go mbeidh an chosaint in ann cur síos cuimsitheach a dhéanamh ar chineál aon nochta iarmharaigh nó saincheisteanna gaolmhara nár réitíodh trí chomhfhreagras leis an ionchúiseamh.
  3. Ní mór aon oibleagáidí nochta atá faoi dhíospóid, nó díospóidí maidir le leordhóthanacht nó ábharthacht an ábhair nochta atá á lorg ag an gcosaint a réiteach a luaithe is féidir. Is í an chúirt a chinnfidh gach saincheist a chonspóidtear maidir le nochtadh ar iarratas ón gcúisí, ón ionchúiseamh nó ó aon tríú páirtí a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an nochtadh, lena n-áirítear finné tríú páirtí ionchasach.
  4. Ba cheart an gá atá le tuarascálacha i.e. seirbhís leighis, shíciatrach nó phromhaidh, deimhnithe anailíse, ateangairí, cibé an dtagann oibleagáidí Choinbhinsiún Vín chun cinn, cibé an bhfuil gá le bearta speisialta srl a léiriú don chúirt trí ionchúiseamh/cosaint agus nuair is gá ba cheart an chúirt a chur ar an eolas faoin bhfinné (faoi na finnéithe) a bhfuil tacaíochtaí nó bearta den sórt sin ag teastáil ina leith, agus an teanga inar gá ateangaireacht;
  5. I gcás nach bhfuil aon saincheisteanna fós le réiteach beidh an chúirt ag súil go mbeidh treoracha an chúisí daingnithe ag an gCosaint le go mbeidh sí in ann a chur in iúl don chúirt an mbeidh pléadáil ann nó an n-iarrfar ar an gcúirt dáta a shocrú chun an cás a éisteacht.
  6. I gcás ina mbeartaítear Leabhar Fianaise a sheirbheáil ionas gur féidir an t-ábhar a chur ar aghaidh chun a thrialach, ansin gan dochar d’fhorálacha alt 4(B)(3) den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967 maidir le síntí ama, tá sé tábhachtach go gcloífeadh an Stát leis an bhfráma ama chun an leabhar fianaise a sheirbheáil chun imeachtaí cúirte nach bhfuil gá leo a sheachaint.

Pléadáil chiontach

  1. I gcás ina bpléadálann duine cúisithe ciontach nó go léiríonn sé pléadáil den sórt sin beidh feidhm ag an bhforáil seo a leanas:
  1. I gcás ina bpléadálann duine cúisithe ciontach, ba cheart go mbeadh an fhaisnéis ábhartha ar fad i ndáil leis an gcúisí ina sheilbh ag an gcleachtóir lena mbaineann mar aon le cóipeanna d’aon tuarascálacha ábhartha le cur faoi bhráid na cúirte lena n-áirítear nuair is iomchuí fianaise maidir leis na himthosca airgeadais ionas gur féidir leis an gcúirt comhréireacht agus oiriúnacht aon fhíneála a ghearrtar a mheas.
  2. Sa chás go bhfuil fógra déanta ag an ionchúisitheoir maidir le pléadáil chiontach, ba chóir go mbeadh fíricí uile an cháis, sonraí na gciontuithe roimhe seo (más ann dóibh), agus a dheimhniú an mian leis an íospartach aitheasc a thabhairt don chúirt de réir an dlí.
  3. Mura bhfuil imthosca eisceachtúla ann, tógfar an phléadáil chiontach ó dhuine cúisithe a luaithe is indéanta, go háirithe má tá ionadaíocht dhlíthiúil aige/aici, agus go háirithe i gcás mionábhair achoimre.
  4. Tar éis pléadáil den sórt sin a chur isteach, rachaidh an chúirt ar aghaidh leis an bpróiseas pianbhreithe ar an ngnáthbhealach. Is gá go gcloistear argóint i dtaobh ar cheart don éisteacht pianbhreithe dul ar aghaidh ar an lá sin nó ar dháta níos déanaí chun fianaise tionchair íospartaigh nó tuarascálacha promhaidh a éascú. Maidir leis seo beidh aird chuí ag ionchúiseamh agus cosaint ar cheanglais Alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil 1993 (arna ionadú ag A4 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 2010 agus arna leasú ag an Acht um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta) 2017)

Cás a leagan síos lena éisteacht

  1. Sula socrófar cás lena éisteacht ní mór do na páirtithe sa chás a bheith in ann a chur in iúl don chúirt go bhfuil gach saincheist nochta comhlíonta agus ní mór dóibh freisin meastachán réalaíoch agus indéanta a sholáthar don chúirt ar an am a theastaíonn don éisteacht agus (gan dochar a dhéanamh do dhuine cúisithe) líon na bhfinnéithe a bheidh le héisteacht a liostáil.
  2. Ba cheart iarratas a dhéanamh ar aon ordacháin maidir le triail a ullmhú roimh an éisteacht chun a chinntiú go dtugtar aghaidh ar gach ábhar lena n-áirítear:
  1. Amchlár na n-imeachtaí;
  2. Freastal na bpáirtithe;
  3. Seirbheáil doiciméad agus comhlíonadh nochtadh;
  4. Ateangaire a chur in áirithe, agus oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Vín nuair is ábhartha;
  5. An modh ina dtabharfar fianaise (m.sh. socruithe do dhaoine leochaileacha; fianaise trí nasc físe srl);
  6. I gcás ina bhféadfadh cás a bheith níos faide ná dhá uair an chloig ba chóir é a shocrú go speisialta lena éisteacht. Cuirfear cásanna den sórt sin isteach lena lua ceithre seachtaine roimh dháta na héisteachta, nuair a chaithfidh aturnaetha gach páirtí a bheith i láthair agus a dheimhniú go bhfuil an cás réidh le dul ar aghaidh;
  7. Ní mór do pháirtithe a bheith in ann na dátaí a bhfuil gach páirtí agus finnéithe ar fáil agus nach bhfuil siad ar fáil a chur in iúl agus cibé an bhfuil aon cheanglais maidir le reáchtáil agus cur i láthair an cháis chosanta ar gá don chúirt nó don tSeirbhís Chúirteanna aghaidh a thabhairt orthu roimh ré
  8. Déantar fógraí a sheirbheáil ar an ionchúiseamh de réir alt 34 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 2010 agus an fráma ama reachtúil atá leagtha amach ann maidir le finnéithe saineolacha agus a dtuarascálacha don chúirt.

Cheal fógra den sórt sin, glacfar leis go bhfuil na hullmhúcháin uile is gá don triail curtha i gcrích ag an gcosaint faoin tráth sin. Tá an dualgas céanna ar an gcosaint agus atá ar an ionchúiseamh mar atá leagtha amach thuas chun a chinntiú go bhfuil nó go mbeidh aon teicneolaíocht atá le húsáid réidh le húsáid ar dháta na trialach.

  1. Ar iarratas ar dháta éisteachta, agus sa chás go bhfuil sé beartaithe iarratas a dhéanamh ar chead chun finné a fháil chun fianaise a thabhairt trí nasc teilifíse beo de réir alt 39 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1999, nó bearta speisialta a lorg de réir alt 19 den Acht um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta) 2017 nó má tá sé beartaithe féachaint le haon teicneolaíocht seomra cúirte eile a úsáid ag an triail ní mór sonraí a sholáthar, agus ní mór a dheimhniú go ndéanfar na crua-earraí agus na bogearraí lena mbaineann a thástáil roimh ré;
  2. Ní cheadófar atráthú nó athchur ach amháin i gcúinsí eisceachtúla nuair a bheidh an cás socraithe le héisteacht.

Dátaí éisteachta a dhíchur sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla

  1. Ní féidir iarratas a dhéanamh chun dáta éisteachta a dhíchur ach amháin chuig an gcúirt ina bhfuil an cás socraithe lena éisteacht.
  2. Nuair a bheidh dáta éisteachta leithroinnte, ní bheidh sé díchurtha mura léiríonn an páirtí atá ag iarraidh imeacht cúiseanna láidre le dealramh.
  3. Ní mór aon iarratas ar dháta éisteachta a dhíchur a bheith déanta tráth nach lú ná 14 lá roimh an dáta éisteachta leithroinnte, nó cibé tréimhse eile (cibé acu is faide nó níos giorra) a bheidh i dtuairim an bhreithimh ceannais a cheadóidh am chun ábhair eile a liostú le héisteacht ar an dáta nó na dátaí atá le díchur.
  4. Caithfidh an t-iarratas a bheith ar fhógra scríofa don chúirt agus don fhreasúra.
  5. Sa chás go dtagann imthosca práinneacha agus gan choinne chun cinn a éilíonn iarratas chun dáta éisteachta a fhágáil, ba cheart an t-iarratas a dhéanamh a luaithe is indéanta tar éis don pháirtí a bheith ar an eolas faoi na forais atá leis an iarratas sin.
  6. Ba chóir do pháirtí atá ag iarraidh iarratas práinneach a dhéanamh an páirtí freasúra a chur ar an eolas faoin iarratas agus faoi na forais atá leis an iarratas sin a luaithe is féidir. Ba cheart a chur in iúl don oifig chúirte trí ríomhphost ag ccjmail@courts.ie a luaithe is féidir go bhfuil iarratas le déanamh.
  7. Ar iarratas chun dáta éisteachta a fhágáil ar fhorais tinnis, beidh ar an bpáirtí atá ag déanamh an iarratais teastas leighis a chur ar fáil laistigh de thréimhse a shonróidh an chúirt.

Sa chás go bhfuil cúisimh/toghairmeacha iolracha nach mbaineann le sárú ag an gcúisí

  1. Éistfear cionta ar leithligh mura mbaineann an fhianaise a bheartaítear a bheith i gceannas ag an ionchúiseamh le cúisimh atá bunaithe ar na fíorais chéanna nó ar shraith cúiseamh a eascraíonn as an teagmhas líomhnaithe céanna. Is i gcásanna eisceachtúla amháin a n-aontóidh an chúirt d’iarratas chun bileoga cúisimh neamhghaolmhara ar leith a chomhcheangal i gcoinne an chúisí céanna. Aistreofar aon iarratas den sórt sin go dtí deireadh liosta na cúirte ábhartha nó ag 2 p.m. le haghaidh cásbhainistiú.
  2. I gcás ina bhfuil pléadáil taifeadta ar roinnt duilleoga na gcúiseamh nó toghairmeacha a cuireadh isteach, aistreofar an cás go dtí deireadh liosta na cúirte iomchuí nó ag 2 p.m. liosta le tabhairt chun críche.

Fianaise nasc físe, fístaifeadta agus TCI

  1. Beidh oibleagáid ar aturnae agus ar abhcóide an ionchúisimh agus na cosanta dul i gcomhairle lena gcliaint faoi seach agus na treoracha riachtanacha a fháil uathu chun an treoir chleachtais seo a chomhlíonadh ina iomlán. Déanfar athbhreithniú ar éifeachtacht na gcleachtas thuasluaite tar éis an chéad lá de Mheitheamh 2019 i gcomhairle le hionadaithe cleachtóirí, an Príomh-Aturnae Ionchúisimh, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus an tSeirbhís Chúirteanna.

Duilleoga cúiseamh agus toghairmeacha an Gharda Síochána ina liostaítear socruithe

(A) Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla, Sráid Gheata na Páirce

  1. Tá Cúirteanna Uimh. 1, 3 agus 4 ainmnithe mar chúirteanna athchurtha agus aistrítear éisteachtaí ó Chúirteanna 2 & 18 de réir mar is gá. Beidh glao ar chásanna éisteachta ag 12 a chlog gach lá. Ba chóir cásanna nach féidir a chríochnú roimh am lóin; i.e. faoi 1 p.m. a chur ar ais go dtí 2 p.m. ina theannta sin déanfar aon chás a bhaineann le go leor cúisimh /toghairmeacha nach mbaineann le chéile a liostú ag deireadh liosta na cúirte nó ag liosta na cúirte 2 p.m.
  2. Is iad cúirteanna 2 agus 8 na cúirteanna ainmnithe chun déileáil le hiarratais ar Mhaoin Póilíní ar féidir iad a liostú ag 2.00 p.m. ar na laethanta a léirítear in Aguisín A. Déanfar iarratais ar bharántais eisléime a chealú ar dhá Chéadaoin gach mí i gCúirt 2 tráth nach luaithe ná 2.00 p.m. Déanfar aon chás a bhaineann le go leor cúisimh /toghairmeacha nach mbaineann le chéile a liostú ag deireadh liosta na cúirte nó ag deireadh liosta na cúirte 2 p.m. Liosta Cúirte.
  3. Is iad Cúirt Uimh. 2 agus Cúirt Uimh. 18 cúirteanna éisteachta. Déileálfaidh Cúirt Uimh. 2 le héisteachtaí seachas iad siúd a dhéileálann le tiomáint faoi Thionchar Meiscigh (DUI). Leanfar le suas le 25 chás éisteachta a liostú go laethúil i gcúirt éisteachta 2. Déanfar aon chás a bhaineann le go leor cúisimh /toghairmeacha nach mbaineann le chéile a liostú ag deireadh liosta na cúirte nó ag deireadh liosta na cúirte 2 p.m.
  4. Liostófar 8 gcás DUI agus suas le 10 gcás neamh DUI le héisteacht gach lá i gCúirt 18. Meabhraítear do chleachtóirí gur gá a chinntiú go bhfuil cás réidh le héisteacht i ndáiríre agus a chinntiú go bhfuil gach saincheist nochta réitithe go hiomlán roimh dháta na héisteachta. Fanfaidh gach ábhar réamhéisteachta a bhaineann le cásanna duilleoga na gcúiseamh tiomána ar meisce i cibé cúirt athchuir ina dtosaíonn siad go dtí go mbeidh siad réidh le héisteacht. Leanfaidh láithreoirí ionchúisimh an Gharda Síochána ag déileáil leis na cásanna ag an gcéim réamhéisteachta agus beidh siad freagrach freisin as an liosta ‘Le Sonrú’ a bhíonn ar siúl sa chúirt um chionta a bhaineann le tiomáint ar meisce ar an gcéad Déardaoin de gach mí. Déanfar aon chás a bhaineann le go leor cúisimh /toghairmeacha nach mbaineann le chéile a liostú ag deireadh liosta na cúirte nó ag deireadh liosta na cúirte 2 p.m.
  5. Tá cásanna a bhaineann le foréigean teaghlaigh nó ionsaí gnéasach le socrú le héisteacht i gcúirt 18 ar an dara agus ceathrú Luan de gach mí. Ba cheart iarratais ar bhearta speisialta a dhéanamh roimh ré ar dháta na héisteachta a shocrú.
  6. Leagtar amach sa tábla in Aguisín A dáileadh athbhreithnithe an ghnó sa CCJ.
  7. Beidh suas le 25 cás liostaithe le héisteacht gach Máirt i gCúirt 8. Féadfar éisteachtaí a liostú nuair a bhíonn dátaí atrátha saor.
  8. Bainfear úsáid as an dialann roinnte chun cásanna éisteachta a liostú i gcúirteanna an CCJ chun an dáta is oiriúnaí atá ar fáil le haghaidh éisteachtaí a liostú thar na cúirteanna go léir sa CCJ nó i gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath suas go dtí na teorainneacha thuasluaite a aithint. Sa chás go gcríochnaítear cúirt a liosta go luath sna cásanna CCJ atá ar feitheamh i gcúirteanna eile aistreofar iad d’fhonn iad a thabhairt chun críche.
  9. Sa CCJ, leanfar de gach cás físchomhdhála a liostú i gCúirt 2 an CCJ lena n-áirítear cásanna a éilíonn físchomhdháil chuig príosúin, nuair a fhaomhtar iad. Bíonn Cúirt 2 agus Cúirt 3 araon ar fáil nuair atá píosaí scannáin TCI le taispeáint le linn cás. Ba cheart an t-aonad taispeána fianaise soghluaiste a úsáid le haghaidh féachana TCI i ngach Cúirt Dúiche CCJ eile le haghaidh éisteachtaí atá liostaithe sna cúirteanna seo.

(B) Cúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir

  1. Leagtar amach sa tábla in Aguisín B dáileadh athbhreithnithe an ghnó i gCúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir, agus is iad seo a leanas na príomh-athruithe:
  1. Déanfar toghairmeacha Garda arna n-eisiúint ar iarratas ó Roinn Tráchta an Gharda agus Oifig Próiseála Muirear Seasta an Gharda a liostú ar an gcéad ásc i gCúirt Uimh. 1, Baile Bhlainséir ar an Luan.
  2. Déanfar toghairmeacha DUI do stáisiúin Garda ainmnithe in Iarthar Chontae Bhaile Átha Cliath a liostú de réir an dáilte a ghabhann leis seo
  3. Le héifeacht ón 2 Eanáir 2019, ní liostaítear ionchúisimh a bhaineann le hógánaigh a thuilleadh i gCúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir agus ina ionad sin beidh siad inchurtha ar ais ar an gcéad ásc, chuig Cúirt na Leanaí, Cúirt 55, Margadh na Feirme
  4. Déanfar iarratais maidir le barántais eistréata do stáisiúin ainmnithe Iarthar Chontae Bhaile Átha Cliath roimh 12.00 meán lae ar Luan amháin in aghaidh na míosa, de réir éilimh. Tá na dátaí le cur in iúl do Stáisiúin Gharda Iarthar an Chontae roimh ré ag Oifig Chúirte Bhaile Bhlainséir

(C) Cúirt Dúiche Dhún Laoghaire

  1. Le héifeacht ón 2 Eanáir 2019, ní liostaítear ionchúisimh a bhaineann le hógánaigh a thuilleadh i gCúirt Dúiche Dhún Laoghaire agus ina ionad sin beidh siad inchurtha ar ais ar an gcéad ásc, chuig Cúirt na Leanaí, Cúirt 55, Margadh na Feirme.
  2. Leanfar d’éisteacht a dhéanamh i gCúirt Dúiche Dhún Laoghaire ar gach toghairm agus duilleog chúiseamh ó stáisiúin na ngardaí a ainmníodh roimhe seo [Dún Laoghaire, Cábán tSíle, Seanchill, Na Clocha Liatha, An Charraig Dhubh, Dún Droma]. Leanfar le duilleoga na gcúiseamh agus toghairmeacha ó Stáisiúin Gharda Bhré agus Inis Sceire a éisteacht i gCeantar Uimh. 16 agus gan ach toghairmeacha agus duilleoga cúisimh a bhaineann le Ceantar Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ina theannta sin, déanfar duilleoga cúisimh nua a eiseofar an 2 Eanáir 2019 nó dá éis agus toghairmeacha nua atá inchurtha ar ais an 11 Márta 2019 nó dá éis i leith Stáisiúin Gharda Dhomhnach Broc agus an Bhaile Ghaelaigh a liostú ar an gcéad ásc i gCúirt Dúiche Dhún Laoghaire.
  3. Le héifeacht ón 10 Nollaig 2018, éistfear iarratais faoi alt 75 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008 Dé Máirt ag 10.30 a.m. Páipéir le taisceadh an Mháirt roimhe sin.

(D) Cúirt Dúiche Thamhlachta

  1. Déanfar toghairmeacha DUI do stáisiúin ainmnithe de chuid an Gharda [Tamhlacht, Ráth Fearnáin] a liostú de réir an dáileacháin in Aguisín C
  2. Le héifeacht ón 2 Eanáir 2019, ní liostaítear ionchúisimh a bhaineann le hógánaigh a thuilleadh i gCúirt Dúiche Thamhlachta agus ina ionad sin beidh siad inchurtha ar ais ar an gcéad ásc, chuig Cúirt na Leanaí, Cúirt 55, Margadh na Feirme.

 

Arna dhátú an 30ú lá seo de mhí na Samhna, 2018
A hOnóir, an Breitheamh
Uachtarán na Cúirte Dúiche

District Court