DC08

Iarratais ex parte chun na Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath

Cuirtear an méid seo a leanas in iúl do chleachtóirí agus do dhlíthithe maidir le hiarratais ex parte a dhéanamh chuig Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath:-

  1. Is iarratais eisceachtúla iad iarratais ex parte a dhéantar gan fógra chuig an taobh eile agus mar sin i bprionsabal sáraíonn siad oibleagáidí nósanna imeachta córa atá ráthaithe ag Bunreacht na hÉireann agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.
  2. Ní mór aon ordú a bhféadfar iarratas a dhéanamh ar ex parte (gan fógra a thabhairt do pháirtí eile) mar a fhoráiltear dó i Rialacha na Cúirte Dúiche a leagan amach ar fhoirm iarratais ex parte.
  3. Caithfidh an fhoirm iarratais ex parte, agus nuair a éilíonn na Rialacha Cúirte Dúiche an mhionnscríbhinn a bheidh mar fhoras leis an iarratas, na forais ar a bhfuil an t-ordú á lorg a leagan amach go soiléir.
  4. Leagann an doiciméad atá i gceangal leis seo foirm an iarratais amach ach ní chuireann an treoir chleachtais seo cosc ar fhoirm chomhchosúil a úsáid ar choinníoll go bhfuil na sonraí riachtanacha san fhoirm sin.
  5. Féadfar iarratais phráinneacha ex parte a dhéanamh ag aon suí den chúirt don dúiche ina bhfuil na himeachtaí liostaithe trí fhógra a thabhairt roimh ré faoin iarratas atá beartaithe don Chléireach Cúirte Dúiche iomchuí mar aon leis na doiciméid riachtanacha atá ag teastáil chun an t-iarratas a liostú.
  6. Ní mór iarratais ex parte neamhphráinneacha a thaisceadh leis an gCléireach Cúirte Dúiche ábhartha tráth nach lú ná 48 uair roimh an dáta a bhfuil an t-iarratas le déanamh mar aon leis na doiciméid riachtanacha go léir atá ag teastáil chun an t-iarratas a liostú.
  7. Déanfar iarratais ar thoghairm a eisiúint faoi alt 10 den Petty Sessions Act (Ireland) 1851 a ghlacadh freisin ag deireadh an liosta cúirte tar éis don chúirt gach gnó liostaithe a chinneadh

Faisnéis.

Tá gá le hiarratas ag lorg toghairm a eisiúint faoi alt 10 den Petty Sessions Act (Ireland) 1851 Act chun dóthain fianaise a thabhairt os comhair na cúirte chun cás prima facia a bhunú maidir le gach gné riachtanach den chion líomhnaithe. Is faoi rogha an bhreithimh ceannais atá sé a éileamh go dtabharfar an fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn.

Níl aon teidlíocht ag comhairleoir tuata nó duine tionlacain (má cheadaíonn an chúirt é) bheith i láthair mar abhcóide nó aitheasc a thabhairt don chúirt thar ceann dlíthí tuata a dhéanann iarratas ex parte.

Arna dhátú an 26 Aibreán, 2016.
Arna shíniú:- Rosemary Horgan.
Uachtarán na Cúirte Dúiche.

------------------------------

Iarratas ex parte

Ceantar Cúirte Dúiche de

Uimh. na Dúiche

Uimhir Thaifid:

Maidir le halt...... den..........

cuir isteach sonraí maidir le haon achtachán ábhartha a rabhthas ag brath air

Idir

............................ Éilitheoir

............................ Freagróir

Ar iarratas

............... as....................

cuir in iúl cumas an iarratasóra iarratas a dhéanamh

Leag amach thíos sonraí agus bunús an iarratais

 

(Aturnae thar ceann) an Éilitheora 

Chuig: Cléireach Cúirte Dúiche ag ___________

District Court