DC06

Rialachán (AE) Uimh 1215/2012 ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (athmhúnlú I na Bruiséile)

Fógra Oifig na Cúirte Dúiche

Beidh Rialachán (AE) Uimh 1215/2012 (ar a dtugtar "athmhúnlú Bhruiséil I"), lena ndéantar Rialachán Uimh 44/2001 (ar a dtugtar "an Bhruiséil I") a aisghairm agus a ionadú ar dhlínse agus ar aithint agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála, i bhfeidhm ó 10 Eanáir 2015 ar aghaidh.

Tabharfar isteach rialacha cúirte chun feidhmiú Rialachán (AE) Uimh 1215/2012 a éascú tar éis ionstraim reachtúil faoi Acht na gComhphobal Eorpach 1972 a shíniú chun lánéifeacht a thabhairt don Rialachán sin.

Eisítear an fógra seo go dtí go dtabharfar isteach na rialacha cúirte maidir le cúnamh dlíthithe agus cleachtóirí. Ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil ar Rialachán (AE) Uimh 1215/2012 nó ráiteas uileghabhálach de cheanglais an Rialacháin sin é agus ní comhairle dlí atá ann, agus níor cheart brath air mar chomhairle dlí. Cuirtear dlíthithe agus cleachtóirí faoi bhráid téacs iomlán an Rialacháin sin, agus teacht air ar líne ag:

http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2012:351:0001:0032:en:PDF

Foráiltear le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh 1215/2012:

  1. "Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le himeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh, maidir le hionstraimí barántúla a tharraingítear suas go foirmiúil nó a chláraítear go foirmiúil agus maidir le socraíochtaí cúirte a cheadaítear nó a thugtar chun críche ar dháta a chur i bhfeidhm, nó i ndiaidh 10 Eanáir 2015.
  1. D’ainneoin Airteagal 80, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 d’fheidhm a bheith aige maidir le breithiúnais arna dtabhairt in imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh, maidir le hionstraimí barántúla a tharraingítear suas go foirmiúil nó a chláraítear go foirmiúil agus maidir le socraíochtaí cúirte arna bhformheas nó arna dtabhairt chun críche roimh 10 Eanáir 2015 a thagann faoi réim raon feidhme an Rialacháin sin."

Foráiltear le hAirteagal 80:

"Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 leis an Rialachán seo. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.”

In Iarscríbhinn III (leathanaigh 29 - 32) de Rialachán (AE) Uimh 1215/2012 tá tábla lena gcomhghaolaítear Airteagail an Rialacháin sin le hAirteagail Rialachán Uimh 44/2001 dá ndéanann siad ionadú (go hiomlán nó go páirteach).

Maidir le cúnamh dlíthithe agus cleachtóirí, déantar tagairt thíos d'fhorálacha ábhartha de Rialacha Cúirte atá ann cheana. Ba cheart tagairtí sna forálacha sin do Rialachán (CE) Uimh 44/2001 a léamh, i ndáil le himeachtaí lena mbaineann, mar thagairtí do Rialachán (AE) Uimh 1215/2012.

Ba cheart do dhlíthithe agus cleachtóirí, maidir leis na nithe seo a leanas

  1. imeachtaí sibhialta nó tráchtála a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh 1215/2012 (féach Airteagail 1 go 3 de Rialachán (CE) Uimh 1215/2012 maidir leo) lena bhfuil dlínse ag an Ard-Chúirt iad a éisteacht agus a chinneadh de bhua Rialachán (CE) Uimh 1215/2012 nó
  1. forfheidhmiú breithiúnais in Éirinn tugtha in ábhar sibhialta nó tráchtála ag cúirt i mBallstát eile den AE in imeachtaí arna dtionscnamh ar an nó tar éis an 10 Eanáir 2015, nó forfheidhmiú ionstraime barántúla arna dtarraingt suas go foirmiúil nó arna gclárú go foirmiúil nó socraíocht chúirte arna bhformheas nó arna dtabhairt i gcrích ar an nó tar éis an dáta sin,

aird ar leith a thabhairt ar an méid seo a leanas:

  1. Ba cheart go mbeadh an teideal “I gcás Airteagal 26(1) de chuid an fhógra faoin doiciméad lena gcuirtear tús le himeachtaí (Foirm 41B.01, Sceideal C, Rialacha na Cúirte Dúiche ("RCD")) agus Ordú 41B, riail 5(2), RCD)) 1215/2012 ón gComhairle" agus ba cheart go n-áireofaí leis sin an formhuiniú seo a leanas díreach tar éis sonraí an éilimh (a tógadh ón bhfógra éilimh nó ón doiciméad tionscnaimh ábhartha eile):

"Má dhéantar tú a agairt i gcáil an tsealbhóra polasaí, an t-árachaí, nó tairbhí faoi chonradh árachais; an páirtí díobháilte; an tomhaltóir nó an fostaí:

  1. tá sé de cheart agat dlínse na Cúirte seo a chonspóid agus más mian leat é sin a dhéanamh, ní mór duit láithreas a chonspóidtear dlínse agus cosaint i bhFoirm 42.01, Sceideal C de na Rialacha Cúirte Dúiche, a thabhairt, nó a sheoladh tríd an bpost, chuig an éilitheoir nó aturnae an éilitheora ag an seoladh le haghaidh seirbheála a luaitear thuas tráth nach déanaí ná cúig seachtaine [sé seachtaine i gcás an doiciméad ar a mbeidh sé le seirbheáil in aon chríoch neamh-Eorpach de chuid Ballstáit eile] tar éis an fhógra éilimh seo a sheirbheáil ort, agus ag an am céanna cóip de do láithreas a chonspóidtear dlínse a chomhdú le Cléireach na Cúirte Dúiche ag an seoladh thíos, agus
  1. má chomhdaíonn tú láithreas neamhchoinníollach, tá dlínse ag an gCúirt seo faoi Airteagal 26(1) de Rialachán Uimh. 1215/2012, agus
  1. mura gcomhdaíonn tú láithreas, féadfar breithiúnas réamhshocraithe a thabhairt i do choinne."
  1. Ba cheart go mbeadh an teideal ar an deimhniú maidir le dlínse a cheanglaítear le hOrdú 41B, riail 5(3), RCD, (i bhFoirm 41.B.02, Sceideal C, RCD) “I dtaca le Rialachán (CE) 1215/2012 ón gComhairle "Rialachán Dlínse")" agus in Aithris Uimh. 2 ba cheart bunús na dlínse a dheimhniú faoi threoir fhorálacha Rialachán Uimh. 1215/2012.
  1. I gcás ina mbeartaíonn freagróir láithriú go bhfuil ionadaí aige nó aici le haghaidh dlínse na cúirte a chonspóid de bhua Airteagal 26 de Rialachán Uimh. 1215/2012 agus/nó chun na himeachtaí a chosaint, ba cheart d’aturnae an fhreagróra nó an fhreagróra láithreas a chomhdú agus cosaint (in imeachtaí a tosaíodh le fógra éilimh) nó fógra láithreas agus rún chun cosaint a dhéanamh (in imeachtaí arna dtionscnamh le toghairm shibhialta nó le doiciméad eile) agus cóip a sheirbheáil ar an éilitheoir nó ar aturnae an éilitheora laistigh den tréimhse a fhorordaítear le hOrdú 41B, riail 7, RCD.
  1. I gcás nár chomhdaigh an freagróir láithreas, ba cheart d’éilitheoir a dhéanann iarratas ar bhreithiúnas mainneachtana a thaispeáint chun sástacht na cúirte:
  1. go bhfuil gach éileamh a dhéantar sa doiciméad lena dtionscnaítear imeachtaí, de bhua fhorálacha Rialachán Uimhir 1215/2012, go bhfuil dlínse ag an gcúirt éisteacht agus cinneadh a dhéanamh (féach Ordú 41B, riail 8(4)(a), RCD) agus
  1. na nithe a cheanglaítear le hOrdú 41B, riail 8(4)(b), (c), agus (d), RCD mar a bhí roimhe seo, agus
  1. gur éirigh leis an bhfreagróir an doiciméad a chuir tús leis na himeachtaí nó an fógra ina dtaobh a fháil in am trátha chun a chumasú dó/di a chosaint nó a cosaint a shocrú nó go bhfuil gach beart riachtanach chun na críche sin mar a cheanglaítear le hAirteagal 28 de Rialachán Uimh. 1215/2012 (féach Ordú 41B, riail 8(4)(e), RCD).
  1. Ba cheart go dtabharfaí “I gcás Rialachán (CE) 1215/2012 ón gComhairle (an "Rialachán um Dhlínse")" mar theideal ar dhréacht-dheimhniú in-fhorghníomhaitheachta breithiúnais arna thaisceadh lena eisiúint i gcomhréir le hOrdú 41B, riail 9(1), RCD (i bhFoirm 41.B.03, Sceideal C, RCD) agus in Aithris Uimh. 5, ba cheart go luafaí an fhoráil nó na forálacha áirithe de Rialachán Uimh. 1215/2012 lenar ghlac an chúirt dlínse.
  1. I gcás ina ndéanfar iarratas chun toghairm a eisiúint de réir alt 15 den Acht um Fhorghníomhú Orduithe Cúirte 1926 chun breithiúnas, ionstraim bharántúil nó socraíocht chúirte lena mbaineann Airteagal 39 de Rialachán Uimh. 1215/2012 a fhorghníomhú, ba cheart don iarratasóir na doiciméid a cheanglaítear le hAirteagal 42 de Rialachán Uimh. 1215/2012 a chur ar taispeáint don dearbhú reachtúil a thacaíonn leis an iarratas (Foirm 51A.03 Sceideal C) agus fianaise a chur san áireamh sa dearbhú reachtúil gur seirbheáladh an deimhniú arna eisiúint ag an gcúirt tionscnaimh de bhun Airteagal 53 de Rialachán Uimh. 1215/2012 ar an modh a fhoráiltear le hAirteagal 43 de Rialachán Uimh. 1215/2012 (Ceanglas nua é seo a eascraíonn as forálacha Rialachán Uimh. 1215/2012 i gcásanna nach bhfuil gá le hordú a thugann an tsaoirse forghníomhaithe níos mó).


Oibríochtaí na Cúirte Cuarda & Dúiche
9 Eanáir, 2015.

District Court