DC22

Bearta Covid-19 idir Iúil agus Meán Fómhair 2021

2 Iúil 2021.

An Chúirt Dúiche

Chinn Uachtarán na Cúirte Dúiche i gcomhairle leis an bPríomh-Bhreitheamh agus le hUachtaráin eile na Cúirte go gcuirfear na bearta seo a leanas i bhfeidhm maidir le gnó na Cúirte idir an 2 Iúil 2021 agus an 30 Meán Fómhair 2021. Is freagairt riachtanach iad na bearta seo ar Athléimneacht agus Téarnamh 2020-2021: Creat chun Maireachtáil le Covid-19 (an Creat) agus maolú ar chuid de shrianta Leibhéal 5 le déanaí. Is éard atá i gceist leis na bearta seo ná rochtain ar cheartas a chinntiú ar bhealach a chuireann meas iomlán do shábháilteacht an phobail agus comhairle sláinte poiblí an Rialtais san áireamh. Is féidir treoirlínte cothrom le dáta an Rialtais a fháil anseo: https://www.gov.ie/en/press-release/0bd80-new-public-health-measures-announced-the-path-ahead/

Tá na Cúirteanna agus an córas ceartais aitheanta ag an Rialtas mar sheirbhísí riachtanacha sa Chreat agus leanfaimid ar aghaidh de bheith oscailte do ghnó riachtanach sa Chúirt Dúiche, ach ní mór dúinn leanúint ar aghaidh dár ngnó a dhéanamh de réir na dtreoirlínte sláinte poiblí. D’oibrigh na Cúirteanna agus an tSeirbhís Chúirteanna go dian lena chinntiú go bhfuil ár gcúirteanna agus ár dtithe cúirte chomh sábháilte agus is féidir leo a bheith agus daoine ag freastal ar an gcúirt. Táimid in ann níos mó cúirteanna a oibriú go sábháilte anois ná mar a bhí ag céimeanna níos luaithe den phaindéim.

Ceadóidh na bearta seo rochtain a fháil ar na cúirteanna, go príomha trí ligean do líon réasúnta beag de ghairmithe dlí cúrsaí a chur chun cinn thar ceann a gcliaint agus líon na ndaoine sin ar gá dóibh freastal ar an gcúirt a choinneáil chomh híseal agus is féidir nó dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu le cúnamh.

Déanfar athbhreithniú leanúnach ar na bearta seo de réir treoirlínte sláinte poiblí agus d’fhéadfadh go n-athrófaí iad de réir mar a athraíonn na treoirlínte nó de réir mar a thugann ár dtaithí le fios go bhfuil gá le hathruithe.

Beimid teoranta don líon daoine is féidir a bheith i láthair go sábháilte in aon cheann dár bhfoirgnimh chúirte agus dár seomraí cúirte ag am ar bith agus tá bearta curtha i bhfeidhm againn chun rialú níos fearr a dhéanamh ar líon na ndaoine ar gá dóibh freastal ar chúirteanna chun a chinntiú nach n-éiríonn foirgnimh chúirte róphlódaithe. D'fhéadfadh go mbeadh amanna ann nuair a iarrtar orthu siúd nach bhfuil riachtanach chun an cás a stiúradh os comhair na cúirte imeacht agus iarraimid ar do chomhoibriú i ndáil leis sin.

Tá bearta glactha ag na Cúirteanna Dúiche chun lá na cúirte a chéimniú de réir gnó agus sceidealú éisteachtaí nó iarratas. Beidh sonraí faoin sceideal a ghlacfaidh gach cúirt ar fáil ó na hoifigí cúirte nó féadfar iad a fháil ar Shuíomh Gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna. D’fhéadfadh roinnt éagsúlachtaí a bheith sa mhéid oibre is féidir a dhéanamh go sábháilte i nDúichí éagsúla mar go bhfuil acmhainn feithimh níos mó ag roinnt foirgneamh cúirte ná cinn eile, dá bhrí sin beidh sé tábhachtach a bheith eolach ar sceideal na cúirte ar a bhfuil tú ag freastal.

 

  • Nithe Coiriúla & An Chúirt Leanaí
    Má tá aturnae agat agus má chúisítear thú i gcion nó má ghearrtar ort láithriú os comhair na Cúirte Dúiche, déan teagmháil le d’aturnae a thabharfaidh comhairle duit faoi cathain is gá duit freastal ar an gcúirt.
    Féadfaidh aturnaetha comhairle a thabhairt dá gcliaint gan freastal ar an gcúirt ach amháin chun a roghain a chur isteach le haghaidh triail achomair, chun leabhar fianaise a sheirbheáil, chun freastal ar éisteacht nó le haghaidh pianbhreithe.
    Mura bhfuil aturnae agat, caithfidh tú freastal ar an gcúirt de réir mar a ordaítear, ach moltar duit treoir a thabhairt d’aturnae láithriú ar do shon agus gan freastal ar an gcúirt gan ghá.
    Tiocfaidh príosúnaigh i láthair sa chúirt trí nasc teilifíse beo de réir Threoir Cleachtais CD 20 a síníodh go dtí an 31 Nollaig 2021.
    Ní gá go mbeadh ráiteas sínithe acmhainne ag gabháil le hiarratais ar chúnamh dlíthiúil ar feadh an leibhéil srianta seo agus déanfar é seo a athbhreithniú níos déanaí.
     
    Leanfar ar aghaidh le gach éisteacht choiriúil sceidealta a liostaítear nuair a bheidh sé sábháilte é sin a dhéanamh. Iarrtar ar chleachtóirí agus ar Ghardaí comhairle a chur ar an mBreitheamh, agus dátaí trialach á socrú acu, faoin líon finnéithe is dócha a ghlaofar orthu i ngach cás. Féadfaidh an Breitheamh a ordú go ndéanfar tinreamh finnéithe a chéimniú le linn na trialach, chun a chinntiú go gcomhlíonfar srianta agus teorainneacha ar líon na Cúirte.
     
  • An Dlí Sibhialta, Ceadúnú, agus nithe Rialála
    Tabharfar tús áite d’éisteachtaí i gcásanna atá curtha ar atráth mar gheall ar na srianta san ord inar liostaíodh ar dtús iad. I gcás ina bhfuil cúrsaí ceadúnaithe, mionrialuithe agus éisteachtaí cásbhainistithe á dtionól go cianda faoi láthair, leanfar leo mura n‑ordóidh an Breitheamh a mhalairt. Má bhíonn práinn ar leith ag baint le cás, is féidir iarratas a dhéanamh chuig an mBreitheamh, a dhéanfaidh an cinneadh más féidir éisteacht níos luaithe a leithdháileadh agus eiseoidh sé/sí aon treoracha riachtanacha. Má dhéanann páirtithe comhréiteach nó comhaontú ar chúrsaí féadfaidh siad téarmaí comhréitigh a sholáthar d’oifig na cúirte agus rialóidh an chúirt gach ní is féidir a rialú i gceart.
     
  • An Dlí Teaghlaigh
    Rachaidh cúrsaí dlí teaghlaigh atá liostaithe os comhair na Cúirte Dúiche ar aghaidh ag na hamanna sonraithe.
    Ba cheart do pháirtithe freastal ar an gcúirt ina n-aonar ach amháin má tá abhcóide nó duine tacaíochta ag teastáil uathu.
    Má aontaíonn an dá pháirtí dul ar atráth nó má tá comhaontú bainte amach acu is féidir leo féin nó a n-ionadaithe dlí téarmaí an chomhaontaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig oifig na cúirte agus eiseofar ordú toilithe mar atá leagtha amach i dTreoir Chleachtais CD16 atá le fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

    Beidh an Chúirt Dúiche oscailte chun hiarratais nua ar chosaint ó Fhoréigean Baile a éisteacht.
    Beidh oifigí cúirte oscailte chun iarratais nua eile a eisiúint. Is féidir leat coinne a shocrú le hoifig na cúirte chun imeachtaí a eisiúint nó doiciméid chomhlánaithe a fhágáil sa bhosca cuí ag d’oifig chúirte áitiúil agus eiseofar d’iarratais tríd an bpost.

    Iarrtar ar pháirtithe a thabhairt dá n-aire, má tá an páirtí eile ag iarraidh an cás a chur ar atráth ar fhorais tinnis, riachtanas aonrú nó drogall taistil, go bhfuil seans láidir ann go gcuirfear an cás ar atráth.
    Iarrtar ar pháirtithe freisin a thabhairt faoi deara go bhféadfaí cásanna a éilíonn éisteachtaí fada sa chúirt nó a bhféadfadh go mbeadh gá le líon finnéithe a bheith i láthair a chur ar atráth go dtí am inar féidir iad a éisteacht ar bhealach níos sábháilte.
     
  • Cásanna maidir le Cúram Leanaí
    Leanfar ar aghaidh ag déileáil le cásanna cúraim leanaí sa Chúirt Dúiche mar atá sceidealaithe.
    Féadfaidh éisteachtaí alt 18 leanúint ar aghaidh le toiliú an bhreithimh ceannais. Iarrtar ar chleachtóirí comhairle a chur ar an mBreitheamh, agus dátaí trialach á socrú acu, faoin líon finnéithe is dócha a ghlaofar orthu i ngach cás. Féadfaidh an Breitheamh a ordú go ndéanfar a tinreamh a chéimniú le linn na trialach, chun a chinntiú go gcomhlíonfar srianta agus teorainneacha ar líon na Cúirte.

    Má tá comhaontú bainte amach ag na páirtithe is féidir ordú toilithe a eisiúint de réir Threoir Chleachtais CD14 atá le fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

    Is féidir atráth toilithe a chur in iúl don oifig chúirte ábhartha trí ríomhphost agus cuirfear dátaí nua ar fáil trí ríomhphost fillte chuig na páirtithe.

    Iarrtar ar chleachtóirí déileáil le hábhair chomh fada agus is féidir ag glaonna rolla agus aontú gach iarratas neamhphráinneach a chur ar atráth.
     
  • Sna Cúirteanna Dúiche ar fad níor cheart ach do dhaoine a cuireadh toghairm orthu chun na Cúirte nó a bhfuil gnó liostaithe os comhair na Cúirte acu freastal ar fhoirgnimh na Cúirte go ceann i bhfad. Déanfar eisceachtaí maidir le habhcóidí nó oibrithe tacaíochta chun freastal le finnéithe leochaileacha. Iarrtar orthu siúd a bhfuil gnó acu os comhair na Cúirte teacht chun na Cúirte ag an am sonraithe amháin. Iarrtar ar chleachtóirí dlí a gcuid treoracha a ghlacadh roimh imeacht na Cúirte, agus aon chainteanna socraíochta a bheith acu roimh láithriú sa Chúirt.

 

Iarrtar orthu siúd a fhreastalaíonn ar an gcúirt cloí le treoir sláinte poiblí maidir le fadú sóisialta, sláinteachas láimhe, béasaíocht casachta/sraothartaí agus úsáid clúdaigh aghaidh agus iad i bhfoirgneamh na cúirte agus sa seomra cúirte.

Tá treoir leagtha amach ag an tSeirbhís Chúirteanna maidir le dul isteach sna cúirteanna go sábháilte agus táimid ag súil go gcloífidh gach úsáideoir cúirte leis an treoir seo i gcónaí. Tá bearta curtha i bhfeidhm ag an tSeirbhís Chúirteanna chun cabhrú le daoine a mbealach a dhéanamh trí fhoirgnimh chúirte go sábháilte agus arís iarraimid do chomhoibriú i ndáil leis seo. Sa chás nach féidir cúirteanna a stiúradh go sábháilte d’fhéadfadh go mbeadh ar Bhreithiúna cásanna a chur ar fionraí go dtí go mbainfear amach timpeallacht shábháilte.

Nuair is féidir beimid ag baint úsáid as naisc teilifíse beo do chúirteanna cianda ionas nach mbeidh ar dhaoine teacht chun na cúirte go fisiciúil. Sa Chúirt Dúiche is dóichí gur le haghaidh glaonna rolla ar chúrsaí dlí teaghlaigh nó cúram leanaí a bheidh sé seo agus le haghaidh roinnt éisteachtaí (idirbhreitheach go príomha) i gcúrsaí cúram leanaí. Leanfaidh príosúnaigh de bheith i láthair trí nasc teilifíse beo nuair is féidir.

Tá gach a bhfuil thuas faoi réir athbhreithnithe de réir na dtreoirlínte sláinte poiblí agus féadfar é a athrú ar ghearrfhógra chun sábháilteacht an phobail a chinntiú.

A Onóir, an Breitheamh Paul Kelly
Uachtarán na Cúirte Dúiche
2 Iúil 2021

District Court