DC15

Bainistíocht na Cúirte Dúiche sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla

Bainistíocht na Cúirte Dúiche sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla

Ag tosú Dé Luain an 30 Márta 2020

  1. I bhfianaise staid COVID-19 atá ag forbairt faoi láthair agus an gá atá le díriú ar leathadh COVID-19 sa phobal a chosc, tá cinneadh déanta ag Uachtarán na Cúirte Dúiche go mbeidh feidhm ag na bearta breise seo a leanas maidir le gnó a dhéanamh sna Cúirteanna Dúiche a dhéileálann le hábhair choiriúla sa Chúirt Bhreithiúnais Choiriúil (CCJ).
     
  2. Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na ndaoine sna seomraí cúirte a úsáidtear sa CCJ chun gnó coiriúil a dhéanamh de bharr threoir an Rialtais maidir le scaradh fisiciúil. Chun an treoir seo a chomhlíonadh ar mhaithe le sábháilteacht phearsanta agus phoiblí, tá sé measta go bhféadfaidh 16 duine ar a mhéad a bheith sna seomraí cúirte.
     
  3. Is iad an pearsanra a gcaithfidh a bheith i láthair sa chúirt i gcónaí ná an breitheamh, an cláraitheoir, an té a thugann an toradh, láithreoir na cúirte agus beirt oifigeach príosúin. Ciallaíonn sé seo nár cheart go mbeadh níos mó ná 10 n-aturnae agus abhcóide, comhaltaí creidiúnaithe den phreas nó daoine eile den phobal sa seomra cúirte ag aon am. Ní mór an líon seo a laghdú go dtí 9 má tá an chúirt ag déileáil le príosúnach faoi choimeád.
     
  4. Go mion minic le déanaí tá líon na ndaoine sa chúirt, seachas iad siúd nach mór a bheith i láthair i gcónaí, tar éis a bheith i bhfad níos airde ná an t-uaslíon. Tá na breithiúna tar éis labhairt faoin bhfadhb seo roinnt uaireanta le baill ghairm an dlí, ach leanann an fhadhb fós.
     
  5. Ar mhaithe le sábháilteacht an phobail déanfar gnó na Cúirte Dúiche sa CCJ ar an mbealach seo a leanas le linn ghéarchéim COVID-19.
     
  6. Cuirfidh gach gnólacht ar mian leo ionadaíocht a dhéanamh ar chliaint ag an gCúirt Dúiche sa CCJ a rún in iúl don Oifig Bannaí ar ríomhphost ag ccjmail@courts.ie roimh 5pm ar an 27 Márta 2020. Ansin tiomsóidh an Oifig liosta de na gnólachtaí in ord aibítre. Is féidir le haon ghnólacht nua iarratas a dhéanamh le bheith ar an liosta seo trí ríomhphost a chur chuig an Oifig Bannaí ag aon am eile agus cuirfear leis an liosta iad don lá gnó dár gcionn.
     
  7. Fanfaidh Aturnaetha nó Abhcóidí a dhéanann ionadaíocht ar a ngnólachtaí in Aitriam an CCJ agus glaofar gnólachtaí isteach i ngach Cúirt Dúiche a dhéileálann le gnó coiriúil ar bhonn céimnithe.
     
  8. Beidh liostaí de na cásanna atá os comhair gach cúirte roimh an gcúirt ar fáil agus nuair is féidir scaipfear iad ar ríomhphost. Ní mór d’oifigí aturnae atá le cur san áireamh sa liosta scaipeacháin seo seoladh ríomhphoist a sholáthar d’oifig CCJ na Seirbhíse Cúirteanna ag ccjmail@courts.ie a sheiceáiltear go rialta. Cuirfidh an t-ionadaí an cláraitheoir ar an eolas ansin faoi gach cás ina dtugtar treoir dó/di agus glaofar na cásanna san ord sin. Nuair a bheidh a ngnó críochnaithe ag an ngnólacht sin glaofar an chéad ghnólacht eile san ord isteach.
     
  9. Nuair a bhíonn ionadaí gnólachta os comhair ceann de na Cúirteanna Dúiche ag deireadh na gcásanna sceidealta a bhfuil baint acu leo is féidir leo déileáil le haon duilleog cúiseamh nua ar a dteagascann siad.
     
  10. Sa chás go dtugtar príosúnach faoi choimeád ar an gcéad láithreas agus go bhfuil agóid i gcoinne Bannaí ceadófar don phríosúnach iarraidh ar ghnólacht ionadaíocht a dhéanamh thar a c(h)eann. Nuair is féidir, déanfaidh an Garda Síochána/Seirbhís Phríosúin na hÉireann teagmháil le hionadaí gnólachta cuí. Mura n-iarrann an príosúnach gnólacht cuirfear liosta na ngnólachtaí ar fáil dó/di agus is féidir leis an bpríosúnach rogha a dhéanamh ón liosta. Glaofaidh an chúirt ar ionadaí an ghnólachta ansin chun déileáil leis an gceist.
     
  11. Do chúirteanna Tráthnóna agus Dé Sathairn leanfaidh an Garda Síochána lena gcleachtas príosúnaigh a choinnítear sna cillíní a aithint do gach cleachtóir roimh an gcúirt. Glaofar gnólachtaí a dhéanann ionadaíocht ar phríosúnaigh isteach sa chúirt go seicheamhach chun déileáil lena gcásanna athchuir. Tabharfar liosta de na gnólachtaí aturnae atá cláraithe do phríosúnaigh nár threoraigh aturnaetha, nuair a thabharfar ar aird iad don chúirt, agus féadfaidh an príosúnach gnólacht ionadaíoch dá rogha féin a roghnú.
     
  12. Déileálfar le hiarratais ar chúnamh dlíthiúil sa chúirt agus ní dhéanfar cúisí ar bith a dhíriú chuig aturnae ón mBinse. Tabharfar liosta gnólachtaí do dhaoine cúisithe agus iarrfar orthu gnólacht a roghnú ón liosta.
     
  13. Má thugtar príosúnach chun na cúirte agus nach bhfuil gnólacht aturnae san fhoirgneamh a thuilleadh glaofar ar ionadaí an ghnólachta chun freastal ar an gcúirt.
     
  14. Tá na nósanna imeachta seo riachtanach chun líon na ndaoine atá i láthair go fisiciúil sa seomra cúirte a laghdú ag am ar bith laistigh de na leibhéil is gá chun sábháilteacht an phobail a chinntiú. Níor cheart go mbeadh aon ghá le haturnae nó abhcóide ar bith eile a bheith i láthair sa seomra cúirte fad is atá gnó gnólachta eile ag dul ar aghaidh os comhair na cúirte.
     
  15. Déanfaidh an tUachtarán agus na breithiúna a shannfar don CCJ athbhreithniú ar an treoir chleachtais seo ar bhonn rialta agus féadfar é a athrú ó am go chéile. Mairfidh an treoir chleachtais seo go dtí deireadh ghéarchéim COVID-19 nó an 30 Meitheamh 2020, cibé acu is túisce.

 

26 Márta 2020

District Court